BRABHSÁIL
ionad daonra
Inse Chór
ginideach: Inse Chór
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Inchicore
(Béarla)

Gluais

inis, inse
Béarla island; river meadow

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    (the) river meadow of —

    Píosa talún cois abhann an ghnáthbhrí le inse inniu, cé gurbh ionann é agus inis tráth. Talamh íseal ag síneadh leis an Life atá sa bhaile ar a dtugtar Inchicore West ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis. Ní fios go cinnte céard atá sa dara heilimint. Ón bhfianaise atá againn ar an ainm ó thús an 17ú haois i leith, dhealródh sé gur fuaim ar nós cór atá san eilimint sin ach ní léir cén focal é féin. I gcáipéis ón dara ceathrú den 17ú haois luaitear 'The Steep Shrubby Hill alias Nynescore alias Inchicore'; faightear foirmeacha atá sách gar d'fhoirm Bhéarlaithe an lae inniu tamaillín níos deireanaí san aois chéanna, m.sh. 'Inchicore agus Inchycore' ón mbliain 1654. Tá foirm ón mbliain 1659, 'Inseguore', a thabharfadh le tuiscint go mb'fhéidir gurb é an t-ainm pearsanta Guaire atá sa dara heilimint, ach tá an fhoirm sin eisceachtúil go maith; is ar éigin má tá tacaíocht ar bith dá leithéid de leagan ó na foirmeacha eile i gcáipéisí ón 17ú agus ón 18ú haois.

Lárphointe

53.3353, -6.31098domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1728
ag innis corr
KIL 20 Leathanach: 153
1728
ag innse corr
KIL 20 Leathanach: 154
1728
fo inniscorr
KIL 20 Leathanach: 158

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid