BRABHSÁIL
sliabh nó sliabhraon
Sliabh na mBardóg
ginideach: Shliabh na mBardóg
(Gaeilge)
Slievenabawnoge
(Béarla)

Gluais

Béarla mountain, moor

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the mountain of the panniers, baskets

    Botún atá san ainm Béarla ar an léarscáil, Slievenabawnoge, de réir gach cosúlachta. Ní thugtar mar fhoinse dó san Ainmleabhar (lch. 35) ach "Do." .i. ag tagairt siar don fhoinse "Name Sheet" agus tugann Ó Donnabháin an leagan Gaeilge "Sliabh na mbánóg, 'mountain of the green-surface'" bunaithe ar an bhfoirm scríofa seo.

    Is léir, áfach, gurb ionann an cnoc atá i gceist agus 'Sleh ne Bordoge' ar léarscáil Rocque (1760) agus 'Slieve na Murdoge' ar léarscáil Duncan (1821). Fuair an tSuirbhéireacht Ordanáis an leagan 'Sliebh-na-burdogh', a thugtar ar lch. 28 den Ainmleabhar, ó mhuintir na háite in 1837 (féach go gcuirtear síos ar Bhearna Bhuaile na Scornaí, in áit eile, mar "a large ravine or valley lying between Belgard Deer Park and Sleibh-an-burdogh Mountain", rud a dhearbhaíonn an suíomh). Ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna breacadh síos na foirmeacha 'Sliabh na Bardoge' agus 'Slieve na Bardóg' ó Ghaeilgeoir áitiúil, Liam Ó Reachtúra (“a native who speaks very good Irish”—loc. cit.; “speaks as good Irish as ever I heard spoken”—Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (BÁC)).

    B'fhéidir gurb ón Reachtúrach freisin a fuarthas an míniú "Bardogs (a sort of herb)" ar an eilimint dheiridh. Tá iarracht de thionchar burdock an Bhéarla ar an míniú (áitiúil?) seo, b'fhéidir; 'cliabh (ciseán), pillín' is brí le bardóg (foirm eile de pardóg) de ghnáth. Cf. an logainm Loch na bPardóg i nDún na nGall.

    Ní léir cé acu an fíorainm é Slievenabawnoge ar chnoc nó ar shliabh eile sa ghleann, nó ainm bréige a d'eascair as tuaiplis tras-scríofa ar *Slievenabardoge.

  • English

    the mountain of the panniers, baskets

    The English name that appears on the maps, Slievenabawnoge, is in all likelihood a mistake. No authority is given for the name in the Namebook (p. 35) other than "Do.", referring back to "Name Sheet"; O'Donovan gives the Irish name "Sliabh na mbánóg, 'mountain of the green-surface'" based on this written form.

    However, it is clear that the hill in question is the one marked 'Sleh ne Bordoge' on Rocque's map (1760) and 'Slieve na Murdoge' on Duncan's map (1821). In 1837 the Ordnance Survey obtained the name 'Sliebh-na-burdogh' from the inhabitants, given on page 28 of the Namebook (note that elsewhere in the Namebook Ballinascorney Gap is described as "a large ravine or valley lying between Belgard Deer Park and Sleibh-an-burdogh Mountain", confirming the situation). Later in the same year the forms 'Sliabh na Bardoge' and 'Slieve na Bardóg' were recorded from a local native Irish speaker, Liam Ó Reachtúra (“a native who speaks very good Irish”—loc. cit.; “speaks as good Irish as ever I heard spoken”—Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (BÁC)).

    It may also have been Ó Reachtúra who was the source of the explanation of the second element as "Bardogs (a sort of herb)". This (local?) interpretation seems to be influenced by English burdock; the usual meaning of bardóg (a by-form of pardóg) is 'pannier, basket'. Compare the placename Loch na bPardóg/Lough Napardoge in Donegal.

    It is unclear whether Slievenabawnoge refers to another hill or mountainside in the valley or whether it is simply a ghost name originating in a copyist's error for *Slievenabardoge.

Lárphointe

53.2422, -6.37982domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1760
Sleh ne Bordoge
Rocque
1816
Slieve na Bordoge
Taylor BÁC
1821
Slieve na Murdoge
Duncan
1837
[Ballinascorney Gap]
"It is a large ravine or valley lying between Belgard Deer Park and Sleibh-an-burdogh Mountain." [Descr. Rem.]
Desc. Rem.:AL
1837
Sliebh-na-burdogh
Inhabs.:AL
1837
Slieve Naburdogh
OD:AL
1837
Sliabh na bardog, ‘mountain of the Bardogs (a sort of herb)’
OD:AL
1837
Slieve na Bardóg
"William Rafter, a native who speaks very good Irish." [Nóta EC; dúch anuas ar pl]
pl EC:AL
1837
Sliabh na Bardoge
EC:AL
1837
[Slievenabardoge]
"Northeast of Ballinascorney Upper townland." [Situation]; "A large mountain rising from the north side." [Descr. Rem.]
Desc. Rem.:AL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm