BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

ionad daonra

fo-aonaid

ionad daonrabaile fearainn
Indreabhán
ginideach: Indreabháin
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Inveran
(Béarla)

Ainmneacha eile

Inverin
ainm áitiúil (Cad é seo?)
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Tá an baile fearainn Indreabhán suite i gceantar Chois Fharraige, i bparóiste dlí Chill Aithnín, barúntacht Mhaigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe. Is é Inveran an leagan oifigiúil Béarla atá air ach is annamh a chloistear an leagan sin sa cheantar mór Gaeltachta seo. Tá fianaise ar an ainm ag dul siar go dtí an 16ú haois agus is díol suime é go bhfuil na foirmeacha inti sin ag teacht le leagan oifigiúil Béarla an logainm seachas leis an leagan oifigiúil Gaeilge: Inveran (1581, 1604), Inverrane (1605), Enveran (1618), Inverane (1660). Is í Invrin an fhoirm atá ar an léarscáil a rinne William Larkin, A Map of the County of Galway in the Province of Connaught in Ireland (London, 1819) agus is fearr a thagann an fhoirm sin leis leagan Béarla atá sa chaint inniu. Tugtar dhá fhoirm Ghaeilge in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis do pharóiste Chill Aithnín (1838). Inbhearán a mhol Seán Ó Donnabháin, leagan atá bunaithe, gan dabht, ar fhoirmeacha stairiúla. Is í Idir dá Inbhir an fhoirm eile atá san Ainmleabhar agus deirtear i nóta gurb í sin an fhoirm logánta. Is cinnte go raibh an ceart ag Ó Donnabháin nuair a thug sé le fios gurbh é Inbhearán an leagan bunaidh ach tá an fhoirm eile suimiúil sa mhéad is go léiríonn sí go raibh an bunleagan athraithe faoi thús an 19ú haois agus cé nach bhfuil an fhoirm Ghaeilge Idir dá Inbhir iomlán iontaofa, léiríonn sé chomh maith go raibh -d- le cloisint san ainm faoin am sin. Tar éis an fhianaise go léir a scrúdú, is féidir a rá gur tháinig forbairt ar an ainm sa chaint am éigin idir lár an 17ú haois agus lár an 19ú haois. Is dócha gur mar seo a tharla: gur athraíodh an bunleagan Inbhearán go *Inreabhán trí phróiseas meititéise agus cuireadh -d- idir an dá shiolla tosaigh, is é sin, ó Inreabhán go dtí Indreabhán i gcaint an lae inniu. Tá meititéis coitianta mar fheiniméan i ngach teanga agus tá roinnt mhaith samplaí den phróiseas i gcanúint Ghaeilge Chois Fharraige, mar shampla, an leagan coisméig in áit an leagain stairiúil coiscéim.

    Is ón fhocal inbhear, 'inlet', a thagann an bunlogainm Inbhearán. 'inbhear beag', nó 'áit ina bhfuil a lán inbhear' an chiall a bhí leis. Tá an focal inbhear coitianta i logainmneacha ar fud na tíre.

    Dónall Mac Giolla Easpaig.

  • English

    The townland of Inveran is situated in the locality of Cois Fharraige, in the civil parish of Killannin, in the barony of Moycullen, County Galway. Inveran is the official English form of the name but this form is seldom heard in this strong Gaeltacht area. There is evidence for the name going back to the 16th century and it is interesting to note that the forms recorded there are more consistent with the official English form rather than with the official Irish form: Inveran (1581, 1604), Inverrane (1605), Enveran (1618), Inverane (1660). Invrin is the form found on the map by William Larkin, A Map of the County of Galway in the Province of Connaught in Ireland (London, 1819) and this is closest to the current spoken English form. Two Irish forms are given in The Ordnance Survey Name Book for the parish of Killannin (1838). John O'Donovan recommended Inbhearán, a version that is undoubtedly based on historical forms. Idir dá Inbhir is the other form given in the Name Book, where it is stated that this was the local form. O’Donovan was certainly correct in asserting that Inbhearán was the original form but the other form is interesting in that it illustrates that the original form had changed by the beginning of the 19th century and even though the Irish form Idir dá Inbhir is not fully reliable, it shows that a -d- could be heard in the name by that time. On examining all the evidence one can say that the spoken form evolved sometime between the middle of the 17th century and the middle of the 19th century. It probably happened in the following way: the original form Inbhearán changed at first to *Inreabhán by the process of metathesis, then a -d- was inserted between the first two syllables, i.e. from Inreabhán to Indreabhán as found today. Metathesis is a common phenomenon in every language and there are a good few examples of the process in the Cois Fharraige dialect of Irish, as in, for example, the present form ‘coisméig’ 'a footstep' instead of the historical form ‘coiscéim’.

    The original placename, Inbhearán, comes from the word inbhear, ‘inlet’. It meant ‘a small inlet’ or ‘a place of inlets’. The word ‘inbhear’ is common in placenames throughout the country.

    Dónall Mac Giolla Easpaig.

Lárphointe

53.2397, -9.43807domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

GGaeltacht
POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid