Ordlathas
contae
barúntacht
ceantar bardasach
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn, oileán nó oileánra
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
ceantar bardasach
paróiste dlí
toghroinn
Nóta mínithe
- Gaeilge
the island of (the) beach of hollows? the island of (the) beach of buttock-shaped hills or headlands?
Ainm Stairiúil:
Inis Dá Tholl?
the island of (the) two hollows? the island of (the) two buttock-shaped hills or headlands?
Inis Dá Choll?
the island of (the) two hazel-trees? the island of (the) two necks, jaws, heads?
Moltar Inis Trá Tholl mar fhoirm Ghaeilge den logainm seo toisc go réitíonn sé sin le foirmeacha a bailíodh ón chaint agus leis na foirmeacha stairiúla ón 17ú haois ar aghaidh. Tá éiginnteacht ann maidir le bunús an fhocail nó na bhfocal atá i ndeireadh an logainm. Réitíonn an chuid is mó den fhianaise leis an ainmfhocal toll a mhínítear mar “hole, hollow” agus “buttocks, hindquarters” in Electronic Dictionary of the Irish Language. Tá an chuma ar an scéal ó chuid den fhianaise luath go raibh leagan eile den ainm in úsáid tráth leis an uimhir dá agus toll nó ainmfhocal eile, Inis Dá Tholl, seans. B’fhéidir go dtagraíonn toll do chnocáin, loig nó cinn tíre ar an oileán. Tá an taobh thoir agus an taobh thiar den oileán nasctha lena chéile le stráice cúng talún ag an bPort Mór (Portmore ar léarscáileanna stairiúla na Suirbhéireachta Ordanáis) i lár an oileáin. D’fheadfaí a shamhlú gurbh iad an dá thaobh sin den oileán an dá tholl a bhí i gceist.
Bíodh sin mar atá, réiteodh foirmeacha luatha amhail Enis Daghall (1599, Boazio Map) le struchtúr le dá agus focal dar tús ch- amhail coll (“hazel-tree; destruction, spoiling, injury; neck, jaw, head)”, DIL. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí a thuairimiú go raibh a leithéid agus Inis Dá Choll – “the island of (the) two hazel-trees”, “the island of (the) two necks, jaws, heads” taobh thiar de na foirmeacha sin. D’fhéadfadh coll sa bhrí “neck, jaw, head” a bheith ag tagairt do chinn tíre nó do ghóilíní farraige ar an oileán.
Anuas air sin ar fad, ní mór a chur san áireamh, gur tharla athrú béime ar an ainm agus go mba fhocal amháin a bhí taobh thiar de Daghall sna foirmeacha stairiúla ó cheart. Sa chás sin, d’fheadfaí a leithéid agus dochell (“niggardliness, inhospitality; grudging, a sullen demeanour”, DIL), deochal, doicheall sa Nua-Ghaeilge (FGB) a chur san áireamh: Inis Deochail – “the island of churlishness, inhospitality”. Ní go ró-mhaith a réiteodh seo leis na gutaí sna foirmeacha stairiúla áfach. (JÓG, 02 Eanáir 2026)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
| n/a |
Possibly from Inis Dá Thul ‘island of two hillocks’
|
|
| n/a |
Dachvli, Insula dachuli, 1339; daceli, 1448 ; dathuli, 1513; daculi, 1552.
An imaginary island, perhaps Rockall (Rokell and Rakall on Elizabethan maps); or (as Professor MacNeill suggests) Dicuil's Isle. Hardly Inistrahull
|
|
| 1599 |
Enis Daghall
|
Boazio Map Irlandiae Accurata Descriptio Auctore Baptista Boazio
|
| 1610 |
Enis Daghal alias Tralle
|
|
| 1621 |
Enistrahall
|
Inq. Ult. Leathanach: 11 JI
|
| 1621 |
Inistrahull
|
Inq. Ult. 11 JI
|
| 1625 |
insul' de Enishtrehull
|
Inq. Ult. 1 CI
|
| 1630c |
Daghall als Tralle
|
|
| 1654 |
Ensterhull
|
CS III Leathanach: 4
|
| 1660 |
Ennisterhull
|
|
| 1669 |
Enistrahull alias Enistrahell
|
Chic. Pat. 135
|
| 1690 c. |
Daghal siue Tralle
|
|
| 1702 |
Isles d'Enesterhul
|
|
| 1703 |
Enesterhul
|
|
| 1717 |
the Island of Insterhull
|
CGn. 19.51.9652
|
| 1729 |
Insterhull
|
CGn. 64.398.44371
|
| 1830 |
Ennisterhull
|
|
| 1830 |
Inis Tráighe Hull
'island of the great strand'
|
|
| 1835 |
Ennistrahull
|
|
| 1835 |
Ennistrahul
'Ennistrahul signifies island - not legible' ['not legible' scríofa i bpeann luaidhe]
|
|
| 1835 |
'the isle beyond the tide or sound'
|
|
| 1835 |
'from Ennis an Island, Tragh sea or strand & Cual back or North, i.e. Island of the North Sea
|
|
| 1835 |
'island of the three forts'
|
|
| 1835 |
Enistrahall
|
|
| 1835 |
Enishtrehull
|
|
| 1941 |
i nInis Trá Thall
|
Béal. Leathanach: XI 96
|
| 1969 |
ɛn′əʃ trɑˈhoʟ
|
LASID IV, 30
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.