BRABHSÁIL
baile fearainn
An Chlais Bhuí
ginideach: na Claise Buí
(Gaeilge)
Clashboy
(Béarla)

Gluais

Béarla yellow
Béarla trench, ravine

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the yellow trench

    Níl aon chur síos san Fhardal Seandálaíochta ar an gcarraig shuntasach Clashboy Rock SO. Féach an fhoirm Ghaeilge ‘Clais bhuidhe’ a breacadh i bpeann luaidhe san Ainmleabhar ó fhaisnéiseoir darbh ainm ‘Old Walsh’. Fuarthas fuaimniú Gaeilge ón duine céanna seo ar dhornán logainmneacha sa chuid seo den pharóiste in 1838 (#28105, #27897, #27981, #28111, #27985, #27983, #1417562).

    Níl an baile fearainn seo ach cúpla míle slí siar ó bf An Fhailligh Bheag Íochtarach (#28176) mar a raibh cónaí ar an gcainteoir dúchais Maoleachlainn (Laurence) Ó Broin. Luann Ó Donnabháin an Breatnach mar údar ar comhchéim leis an mBranach in LSO I 257, agus é ag caint faoi thiarna talún sa cheantar a thug 'Lewis Moore' air féin (#28117): 'I have the testimony of the late Laurence Byrne of Falybeg, and of old Walsh of Timahoe, that his name is Laoighseach O' Mordha'.

Lárphointe

52.9567, -7.17914domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1805
Clashbee
Cahill (La)
1838
Clashbee
BS:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashbee
Robinson Price, J.:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashbee
Cosby, Capt.:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashbee
Moore, L.:AL Leathanach: LA027,13
1838
Cloughbee
Wills, J.:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashbee
Coote, Capt.:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashbee
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clais buidhe, 'yellow trench or furrow'
[Old Walsh]
Walsh:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clais buidhe
pl:AL Leathanach: LA027,13
1838
Clashboy
OD:AL Leathanach: LA027,13

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm