Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the place of cliffs?
?forbairt < An Fhaill “the cliff”Níl an bhunfhoirm Ghaeilge den logainm cinnte.
Réitíonn an chéad eilimint in 1518–19 ‘Neall beag’ (Kildare Rental 287 — cf. #28173) leis an litriú Gaeilge 1565c ‘An Aill’ sa Leabhar Branach, más ionann. Thabharfaidís le fios, b’fhéidir, gurbh é An Fhaill(/Aill) Bheag “the small cliff” foirm an logainm sa 16ú haois. As tús an 17ú haois amach, áfach, léirítear guta idir -l- is -b- sna foirmeacha béarlaithe. Tá iontrálacha 1551 ‘Ynnailebege’ (= 1549 ‘Innailebege’) agus 1558 ‘Aleveig’ débhríoch, agus ní léir an leagan truaillithe den ainm seo atá le fáil in 1549 ‘Rappaghboy’.
Measaimid *failligh a bheith ina fhoirm chalctha den logthuiseal de *failleach (< faill + -ach) “place of cliffs” agus d’oirfeadh sé sin do shuíomh na mbailte fearainn seo. Cf. an mionainm seo a leanas i bparóiste Chill Abáin (suíomh gan aithint): 1563, 1578 ‘Falloglasse’ Fiants, 1619 ‘Faleglash’ CPR < * An Fhailligh Ghlais (?). (Cf. bf An Fhallach (#49056) i gContae Phort Láirge agus b'fhéidir bf Fallagh, bar. an tSratha Bháin Uachtaraigh, Contae Thír Eoghain.) Féach leis an nóta ar an bhfocal faill faoi bf Garrán na Faille (#27741) i gCuileannach.
Is san Fhailligh Bheag Íochtarach Lá Nollag 1837 a bhuail Ó Donnabháin le Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838), Gaeilgeoir léannta de shliocht Bhranach Chill Mhantáin. Bhí sé i gcomhfhreagras leis an Donnabhánach le blianta beaga roimhe sin maidir le stair na háite seo timpeall (cf. 1838 ‘Laurence Byrne … stated in a letter 4 years ago to Mr. O’Donovan’ LSO Laois I 289). Tá go leor tagairtí dó le fáil i nótaí faoi logainmneacha an cheantair seo; féach leis ARÉ V 1702–1707 n.i; LSO Uíbh Fhailí I 56–63. (Deir Ó Donnabháin in ARE loc. cit. go bhfuair Ó Broin bás sa bhliain 1840, ach féach ‘Old Laurence died soon after my visit to him’ i litir dar dáta 24 Samhain 1838 in LSO Laois I 81.)
Ainm cine ag na Branaigh seo ab ea Maoileachlainn/Loughlin sa 16ú is sa 17ú haois, a bhéarlaídís mar Laurence ní ba dhéanaí (cf. ARÉ loc. cit.), faoi mar a rinne muintir Cheallaigh sa 17ú haois (cf. Gaelic Personal Names s.nn. Lochlainn, Máel Sechnaill).
Ainmneacha stairiúla:
- Baile Aodha “the town of Aodh (ainm pearsanta)” an logainm eile atá le feiscint san fhianaise, ach ní léir suíomh beacht dó.
- In iarthuaisceart an bhaile fearainn An Fhailligh Bheag Uachtarach téann cosán thar shruthán isteach i mbarúntacht Chuileannaí. Seo é 1654 ‘Aghanafarnage’ < Áthán na bhFearnóg “the little ford of the alder-trees” CS X 21.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1518-19 |
Neall beag
|
Kildare Rent. Iontráil: 287
|
1549 |
Ballehee
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 63
|
1549 |
Innailebege
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 64
|
1549 |
Rappaghboy
c. Fallowbeg?
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 66
|
1551 |
Ballehe
|
F Leathanach: 741
|
1551 |
Ballehee
|
F Leathanach: 741
|
1551 |
Ynnailebege
|
F Leathanach: 741
|
1558 |
Aleveig
Gerald, 11th Earl of Kildare
|
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 80
|
1558 |
Balyei
Earl of Kildare
|
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 80
|
1560c |
An Aill
|
LBran. Leathanach: 68, Líne: 1779
|
1565c |
Baile Aodha
|
LBran. Leathanach: 68, Líne: 1781
|
1568 |
Ballehew
|
F Leathanach: 1240
|
1579c |
Ballihewe
|
Inq. Lag. Leathanach: 10 Eliz.
|
1612 |
Aylybegg, Ballyhew al'
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1612 |
Ballyhew al' Aylybegg
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1612 |
Foillibeg
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1654-6 |
Fallybegg
|
CS X Leathanach: 21
|
1659 |
Fahybegg
|
Cen. Leathanach: 504
|
1660c |
Allibegg
|
BSD (La) Leathanach: 105
|
1714 |
Logacurrin & Fallybegg
|
CGn. Imleabhar: 12, Leathanach: 265, Uimhir: 4999
|
1837 |
Fallybeg
|
LSO (UF) Leathanach: i 60, Údar: SÓD
|
1838 |
Fallowbeg Lower
|
BS:AL Leathanach: La065,6
|
1838 |
Fala beag, small hedge, or enclosure'
|
OD:AL Leathanach: La065,6
|
1838 |
Fallowbeg
|
pl:AL Leathanach: La065,6
|
1838 |
Fallowbeg etc.
|
OC:AL Leathanach: La065,6
|
2006 |
faləˈbeg
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28176.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML