Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the ridge of the birch
Díol spéise cailliúint -th- chaoil idirghutaigh /h/ anseo, faoin tráth ar breacadh 1708 ‘Drumnabeigh’, is cosúil. Is é 1838 ‘Drimnabuy’, foirm a bhreac na saighdiúirí de chuid na Súirbhéireachta Teorann, an t-aon sampla comhaimseartha san Ainmleabhar. Téann an litriú seo maith go leor le foirm úd 1708 agus le 2005 /dromənəˈbeː/ araon; cé gur scríobhadh ‘Wrong’ lena ais. Tá an baile fearainn seo lámh le bf Doire (#28543), a luaitear taobh leis sna foinsí stairiúla.
Léirítear 1655 ‘Derenebehy’ anseo ar léarscáil an Down Survey (as sin a thagann 1670 ‘Derynabehy’ ASE ní foláir). Is dócha nach bhfuil in ‘Dere-’/‘Dery-’ anseo ach botún le haghaidh Drom-, in ionad logainm ar leith * Doire na Beithe a bheith á chur in iúl.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1593 |
Dromnebehye alias Dyrrie
|
O Doyne Ms. Leathanach: 166-7
|
1608–9 |
Dyrry alias Dromnebehy
|
O Doyne Ms. Leathanach: 82
|
1608–9 |
Dery alias Dromnebhehy
|
O Doyne Ms. Leathanach: 80
|
1608–9 |
Dyrry alias Dromnebehy
|
O Doyne Ms. Leathanach: 77
|
1608–9 |
Dery alias Dromnebehy
|
O Doyne Ms. Leathanach: 75
|
1609 |
Downebehy, Dirrie or
|
CPR Leathanach: 123
|
1609 |
Dromnebehy, Derrie or
|
CPR Leathanach: 123
|
1638 |
Dromnevehy, Derry al'
|
Inq. Lag. Leathanach: 27 C I
|
1655 |
Derenebehy Tenihinch and Aghuolly
|
|
1670 |
Derynabehy
|
ASE Leathanach: 224
|
1708 |
Drumnabeigh
|
CGn. Leathanach: 1.79.44
|
1819 |
Drimnabehy
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 332
|
1819 |
Drimnabehy
"Ridge of birch."
|
Par. Stat. Leathanach: 332
|
1823 |
Drumnabehy
Drimnabehy san innéacs
|
|
1838 |
Druim na beithe, 'ridge or long hill of the birch'
|
OD:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Drumnabehy
|
OD:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Drimnabuy
"Wrong."
|
BS:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Drumnabehey
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Derrinabeghy
|
DS Map:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Dromnevehy
|
Inq. C I:AL Leathanach: La054,13
|
1838 |
Derrinnabehy
|
DS Ref.:AL Leathanach: La054,13
|
2005 |
drominəˈbeː
|
|
2005 |
dromənəˈbeː
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28677.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML