BRABHSÁIL
baile fearainn
Doire na gCiotach (Naughton)
ginideach: Dhoire na gCiotach
(Gaeilge)
Derrynagittagh (Naughton)
(Béarla)

Gluais

Béarla (oak-)wood, grove, thicket

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the (oak-)wood of the awkward, left-handed people
    ciotach — leasainm ar chlann áirithe, is dócha

    Is cosúil gur Doire na gCiotach bunfhoirm an logainm seo, rud a chiallaíonn ‘(oak-)wood, grove, thicket of the awkward, clumsy, left-handed ones’. Ach is dócha nár chóir na gCiotach a thuiscint mar thagairt do ghrúpa fánach de dhaoine ciotacha, ach mar leasainm ar chlann áirithe a bhí i seilbh na talún anseo. Castar leis an mbuafhocal/leasainm Ciotach minic go leor i measc na nGael, agus dhealródh sé gur tháinig sé anuas ó ghlúin go glúin ar uairibh. Cuir i gcás ‘Hugh Kittagh Mc Owen Kittagh, of Inche’ (1605; Calendar of Patent Rolls (CPR) 65b) .i. Aodh Ciotach mac Eoghain Ciotaigh [Ó Murchú] ón Inis [#52315] gar don Abhainn Dhubh [#52328] i gContae Loch Garman; tugann an tagairt seo le fios gur bhain an leasainm ciotach leis an sliocht áirithe sin de mhuintir Mhurchú, tharla gur tháinig sé anuas ó ghlúin go glúin. Go deimhin, san iontráil chéanna in CPR faightear ‘Edm. Kittagh of Inche’ (Éamann Ciotach), tagairt do dhuine eile fós de chuid an teaghlaigh chéanna ní foláir. Dá dheasca seo is féidir cáilitheoir an logainm seo idir chamáin .i. Doire na gCiotach a thuiscint mar thagairt do chlann ar leith, a raibh an talamh ina seilbh acu tráth is dócha.
    (Conchubhar Ó Crualaoich, An Brainse Logainmneacha)

  • English

    the (oak-)wood of the awkward, left-handed people
    ciotach — probably a sobriquet in this case

    Doire na gCiotach most likely means ‘(oak-)wood, grove, thicket of the awkward, clumsy, left-handed ones’. However, one should probably not think of na gCiotach ‘of the awkard, clumsy, left-handed ones’ as a reference to a random collection of such people, as it most likely refers to the sobriquet (nickname) of a particular family who once had possession of land here. Ciotach was quite commonly used as a descriptor in Irish society, and sometimes seems to have been applied to families inter-generationally. For example, a reference to ‘Hugh Kittagh Mc Owen Kittagh, of Inche’ (1605; Calendar of Patent Rolls (CPR) 65b) i.e. Aodh Ciotach mac Eoghain Ciotaigh [Ó Murchú] of Inch [#52315], near Blackwater, in County Wexford, suggests that this branch of the Ó Murchú family bore the sobriquet ciotach, as it has clearly been passed on inter-generationally here. Indeed, in the same entry to the CPR one also finds ‘Edm. Kittagh of Inche’ (Éamann Ciotach), probably another member of the same family. Such a scenario allows for Doire na gCiotach to be understood as a reference to the sobriquet of members of a particularly family, most likely erstwhile landholders here.
    (Conchubhar Ó Crualaoich, An Brainse Logainmneacha)

Lárphointe

52.9583, -8.63104domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

féach de Bhulbh : Mac Ceit, a rare West Clare surname
de Bhulbh Ò Ceit, a rare West Clare surname
"Contribb cittach o, ā Also cet- `lefthanded, awkward'; as sobriquet : Conn ciotach .."
c1660
Derenegittagh
BSD Leathanach: 17
1724
Derrynagittagh ats Derrynegillagh
CGn. Imleabhar: 41.382.26416
1725
Derrynagittah
CGn. Imleabhar: 45.153.28557
1725
Derrynagittagh
CGn. Imleabhar: 44.305.29379
1783
Derrynagittagh, Derrynagillah
CGn. Imleabhar: 351.42.234636
1839
Derranagetta Naughten, Purcell
BS:AL
1839
Doire na g-ciotach
OD:AL
1839
D...r(e) na g-ceiteach, ciotach
pl:AL
1983
ˌderi:nəˈgitə
Áit. Uimhir : C729B300
1983
ˌderənəˈgit̪ə
Áit. Uimhir : C729B414, C730A004

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm