Is é céad chúram an Bhrainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, taighde a dhéanamh chun ceartfhoirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann a aimsiú agus a fhoilsiú le húsáid go hoifigiúil.
Ancient map of Ireland, A.D. 1572, clóbhuailte ón bpláta copair bunaidh a fuarthas in Ard Mhacha... (Forster & Co., Baile Átha Cliath a chlóbhuail).
Plan of the city and suburbs of Cork. Thomas Holt a tharraing agus a rinne an tsuirbhéireacht 1832 (Corcaigh, 1833).
Éire 1:500.000. ‘I gcomhairle le Fiachra Éilgeach agus leis an Athair Pól Breathnach do socruigheadh na hainmneacha’ (1938).
Le caoinchead Bhord Choláiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath.
© Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Tá foilseacháin roghnaithe de chuid thionscadal an Irish Historic Towns Atlas, in Acadamh Ríoga na hÉireann le fáil ar Logainm.ie mar acmhainn bhreise don phobal, agus iad nasctha leis na logainmneacha cuí.
Seo a leanas roinnt sonraí i dtaobh an tionscadail:
Fréamhacha an tionscadail
Pléadh atlas bhailte stairiúla na hÉireann go poiblí den chéad uair tar éis léachta a thug Heinz Stoob, ó Münster, faoi atlas bhailte na Gearmáine. Tugadh an léacht úd ag siompóisiam idirdhisciplíneach dar teideal ‘Irish towns and medieval Europe’ a d’eagraigh Bord Léann na Meánaoise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1978. I Meitheamh 1981 bheartaigh Comhairle Acadamh Ríoga na hÉireann an Irish Historic Towns Atlas a fhoilsiú.
Na rannpháirtithe
Déanann bord eagarthóirí maoirseacht ar an tionscadal seo: H.B. Clarke (a bhíodh i Roinn Stair na Meánaoise, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), Anngret Simms (a bhíodh i Roinn na Tíreolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), Raymond Gillespie (Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad) agus Jacinta Prunty (Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad). Is é John Andrews (a bhíodh Roinn na Tíreolaíochta, Coláiste na Tríonóide) an t-eagarthóir comhairleach. Tá na daoine seo a leanas fostaithe ar an tionscadal seo i dTeach an Acadaimh: Sarah Gearty (eagarthóir cartagrafaíochta agus bainistíochta); Angela Murphy, Jennifer Moore and Angela Byrne (cúntóirí eagarthóireachta). Bíonn tiomsú ábhar gach atlais faoi chúram duine amháin nó níos mó de na rannpháirtithe, a bhaineann le réimse leathan disciplíní; an tíreolaíocht, an stair agus an tseandálaíocht go príomha.
Bailte agus cathracha a foilsíodh go dtí seo
Beartaíodh an t-atlas mar shraith fascúl, ceann amháin le haghaidh gach baile i rogha a léiríonn catagóirí éagsúla méide, réigiúin éagsúla den tír, idir Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, agus tréimhsí éagsúla bunúis, fáis agus athraithe. Tá claonadh áirithe le sonrú i dtreo thréimhse na Meánaoise ach áirítear freisin bailte eastáit, bailte tionsclaíocha agus bailte saoire a bhaineann níos mó leis an tréimhse nua-aoiseach. Foilsíodh atlais stairiúla le haghaidh ocht mbaile dhéag de chuid na hÉireann go dtí seo: Cill Dara (1986) le J.H. Andrews, Carraig Fhearghais (1986) le Philip Robinson, Droichead na Bandan (1988) le Patrick O’Flanagan, Ceanannas (1990) le Anngret Simms, An Muileann gCearr (1992) le J.H. Andrews agus K.M. Davies, Baile Átha Luain (1994) le Harman Murtagh, Maigh Nuad (1995) le Arnold Horner, Dún Pádraig (1997) le R.H. Buchanan agus Anthony Wilson, Bré (1998) le K.M. Davies, Cill Chainnigh (2000) le John Bradley, Baile Átha Cliath, Cuid I, go dtí 1610 le H.B. Clarke (2002), Béal Feirste, cuid I, go dtí 1840 le Raymond Gillespie agus Stephen A. Royle (2003), Fiodh Ard (2003) le Tadhg O’Keeffe, Baile Átha Troim (2004) le Mark Hennessy, Doire (2005) le Avril Thomas, Dún Dealgan (2006) le Harold O’Sullivan, Béal Feirste, Cuid II, 1840 go 1900 (2007) le Stephen A. Royle, Ard Mhacha (2007) le Catherine McCullough agus W.H. Crawford, Baile Átha Cliath, Cuid II, 1610 go 1756 (2008) le Colm Lennon agus Tuaim (2009) le J.A. Claffey. Sa bhreis air sin, comhchleanglaíodh roinnt de na bailte in Imleabhar I agus Imleabhar II agus gineadh foilseacháin choimhdeacha.
Bailte atá le teacht
Is iad na chéad bhailte eile a fhoilseofar ná Luimneach (Eamon O’Flaherty) agus An Longfort (Sarah Gearty, Martin Morris, Fergus O’Ferrall). Tá obair idir lámha freisin ar na bailte seo a leanas: an Chathair (David Butler agus Joe Walshe), Cairlinn (Harold O’Sullivan), Ceatharlach (Catherine Cox), Caiseal (Joanne Hughes agus Richard O’Brien), An Cabhán (Brendan Scott), Cluain Meala (Margaret Quinlan agus Loughlin Kealy), Corcaigh (Máire Clarke), Baile Átha Cliath (Cuid III agus IV), Inis (Brian Ó Dálaigh), Gaillimh (Jacinta Prunty agus Paul Walsh), Cionn tSáile (Livia Hurley), Baile Locha Riach (Paul Gosling), Ros Mhic Thriúin (Linda Doran), Sligeach (Marie-Lou Legg), Port Láirge (Eamon McEneaney agus Niamh Crowley), Cill Mhantáin (Andrew O’Brien) agus Eochaill (Tadhg O’Keeffe agus David Kelly).
Cuid de scéim Eorpach níos leithne
Ba i spiorad an chomhoibrithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda a mhol an Coimisiún Idirnáisiúnta um Stair Bhailte i 1955 go bhfoilseofaí sraith Eorpach atlas de bhailte stairiúla náisiúnta chun tuiscint níos fearr a spreagadh maidir le fréamhacha comónta Eorpacha agus chun staidéir chomparáideacha uirbeacha a éascú. Ó shin i leith, tá fascúil foilsithe le haghaidh tuairim is 460 baile agus cathair i seacht dtír Eorpacha déag, agus iad ag teacht nach mór leis na teoracha a mhol an Coimisiún.
Coincheapa agus treoirlínte
Bhí sé mar aidhm ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Stair Bhailte ón bhfíorthús go mbeadh coincheap comhaontaithe i gceist leis na hatlais agus bunaíodh treoirlínte dochta chun áirithiú go gcuimseofaí na hábhair chéanna i ngach imleabhar. Is iad pleananna mórscála baile an t-ábhar bunaidh is fearr chun anailís chomparáideach a dhéanamh ar thopagrafaíocht bhailte na hEorpa agus mar gheall air sin is príomhghné de gach tionscadal atlais iad. Athchruthaítear plean gach baile mar a bhí sé ag tús an 19ú haois, ar scála 1:2500. Is é fiúntas an mhapa seo ná go léiríonn sé pátrún na ngabháltas roimh aois an tionsclaithe / roimh fhorbairtí lár an 19ú haois. Cruthaítear freisin, ar scála níos lú, mapaí a léiríonn timpeallacht an bhaile agus plean an bhaile nua-aimseartha. Áirítear freisin mapaí téamacha agus facsamhlacha fótagrafacha de luathmhapaí agus luath-amhairc. Bíonn téacs míniúcháin ag gabháil le gach atlas. Is í aidhm an tionscadail seo ná forbairt thopagrafach na mbailte agus na gcathracha a rianú.
Is saothar gradamach é an Irish Historic Towns Atlas, ina bhfaightear teaglaim chuimsitheach de mhapaí agus de théacs. I ngach fascúil a foilsíodh go dtí seo soláthraítear mír fhairsing i dtaobh eolas topagrafach an bhaile/na cathrach. Tiomsaíodh an t-eolas seo ó fhoinsí stairiúla agus beidh tábhacht fhadtéarmach leis i leith taighde a dhéanfar amach anseo. Dá bhrí sin, is saothar náisiúnta agus idirnáisiúnta araon é an Irish Historic Towns Atlas, a thacaíonn linn agus muid ag iarraidh ár n-oidhreacht uirbeach a léirmhíniú agus a chaomhnú.
Chun níos mó eolais a fháil agus chun foilseacháin a ordú, féach www.ria.ie/projects/ihta.
Comhlacht foilsitheoireachta é Coiscéim. Breis eolais: www.coisceim.ie.
Treoir don logainmníocht le Liam Mac Mathúna, foilsithe 1990. © Liam Mac Mathúna