English

Ceardlann Logainmneacha Workshop 2012


Téama: Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne


Dátaí: 24-25 Lúnasa 2012

Á reáchtáil ag: Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Aidhmeanna


Is é aidhm na ceardlainne seo fóram a sholáthar chun saothar taighdeoirí agus cleachtóirí tionscail i réimse na logainmníochta a chur i láthair. Ina theannta sin beidh deis ag taighdeoirí idirnáisiúnta agus cleachtóirí tionscail naisc agus comhpháirtíochtaí a thionscnamh eatarthu féin. Beidh sé seo tábhachtach ní hamháin do thionscadail taighde reatha ach maidir le deiseanna taighde amach anseo a fhiosrú.

Díreoidh an cheardlann ar thrí phríomhchatagóir:
1. Taighde logainmneacha
2. Réitigh theicniúla do bhainistiú sonraí logainmníochta
3. Réitigh léarscáilíochta:
- Sioncrónú sonraí logainmníochta idir bunachair
- Sonraí logainmníochta dátheangacha/ilteangacha

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Helen Kerfoot, United Nations Group of Experts on Geographical Names mar phríomhchainteoir na ceardlainne.

Táillí clárúcháin


Clárú luath (roimh 1 Meitheamh 2012) €90
Gnáthchlárú (ó 1 Meitheamh 2012) €150
Mic léinn €50

Teagmháil


Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le placenames2012@dcu.ie

Seoladh: Fiontar, DCU, Baile Átha Cliath 9, Éire
Fón: +353 1 700 6577
Facs: +353 1 700 5690