Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
river
Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
Brí éiginnte.
An Bhóinn atá ar theorainn thuaidh an bhaile fearainn seo agus ar an teorainn thoir tá abhainn ar a dtugtar Knightsbrook River ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus ar an léarscáil a rinne William Larkin den chontae roimhe sin a foilsíodh sa bhliain 1812. Is é ‘the river, the lands of Iffernock(e)’ an t-ainm atá sa Civil Survey (1654). Is é an t-ainm a thugtar ar an abhainn úd ar léarscáil an Down Survey ná ‘Diuels brooke’ / ‘Diuells brook’ (1657c). Tá cuntas sa leabhar Cill i logainmneacha Co. Thiobraid Árann ar na háiteanna éagsúla a bhfuil an t-ainm sin orthu in Éirinn, nó ainmneacha eile a shíolraigh ón mbunfhocal céanna, áiteanna mar Effernagh i gCo. Mhuineacháin, Effernagh River / Sruthán na hIfreannaí i gCo. Dhún na nGall, Effrinagh le hais Effrinagh Lough i gCo. Liatroma, Effernoge i gCo. Loch Garman mar aon leis an dara heilimint sa logainm Cill Eithirneach / Kilheffernan i gContae Thiobraid Árann. Cois abhann nó locha atá a lán de na logainmneacha úd agus sainainm ar abhainn, nó ar loch, nó ar ghné eile uisce is ea a thuilleadh díobh. Dealraíonn sé gur fréamhaithe ón bhfocal ifern, ‘hell’ (Dictionary of the Irish Language) iad na focail úd atá caomhnaithe i logainmneacha. Ní foláir nó samhlaíodh rud éigin ‘ifreannaí’ le suíomh na n-ainmneacha seo trí chéile agus go raibh baint aige le (doimhneacht?) uisce
Centrepoint
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/106064.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML