BROWSE
An tAonach
genitive: an Aonaigh
validated name (What is this?)
(Irish)
Nenagh
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    An tAonach / Nenagh:
    the (place of) assembly

    Seo cúpla sampla de na foirmeacha is sine atá ar fáil, Aenaigh Théte (ginideach, 994), Oenach Téite. De réir an Dinnseanchais atá tagtha anuas chugainn ó ré na Meán-Ghaeilge, is as pearsa mhiteaseolaíochta arbh ainm di Téide (litriú Nua-Ghaeilge) a ainmníodh an áit, ‘Teite ingen Meic Nia a quo Oenach Teite nominatur’ (1100c). Seans gur tionól deasghnách ó bhunús a bhíodh ar siúl ar an Aonach sin, fearacht a thuilleadh áiteanna den ainm. Ionad tábhachtach ba ea An tAonach i ré na Normannach. Tá raidhse tagairtí ann dó i gcáipéisí Laidine ó thosach na tríú haoise déag amach, leithéid 'Nanach' (1220 circa), 'Nanath' (1224), 'le Nanath', 'Nanach' (1288), 'the Nanagh' (1299, aistriúchán Béarla), srl. Tá dhá ghné de na foirmeacha sin ar fiú aird a thabhairt orthu, N- tosaigh an logainm agus an fhianaise ó theangacha iasachta go raibh an t-alt in úsáid san ainm (‘le’, ‘the’). In iontráil Laidine atá cumhdaithe in Annála Inis Faithleann, bliain 1317, a fhaightear an fhoirm Ghaeilge is sine den logainm i ré na Nua-Ghaeilge: ‘intrant per Casselum 7 Naenach’ (= 'tháinig said trí Chaiseal agus …’). Tá foirmeacha Gaeilge againn chomh maith as téacs a cumadh timpeall 1350, ‘do’n Aonach’ ‘isin [=ins an] Aonach’. Meastar gurb é atá san N- i dtosach an logainm ná foirm shioctha den alt neodrach, .i. *a n-Oenach (ainmneach, Sean-Ghaeilge). Bhí an inscne neodrach ag imeacht as an Ghaeilge faoin naoú haois agus ní mhaireann ach iarsmaí di i logainmneacha, ar nós Loch nEachach, Sliabh gCuillinn. Dá bhrí sin bheifí ag súil go nglacfadh ainmnfhocail neodracha ceachtar den dá inscne chucu atá fós in úsáid sa teanga. Tá fianaise ann gurbh in a tharla sa chás seo. Timpeall 1550 is mar seo a bhí an logainm á scríobh, an t-Aonach (ainmneach, firinscneach), an aonaigh, an aénaigh (ginideach).

    Níl aon sampla de Aonach Urmhumhan ar fáil go dtí an bhliain 1596, tráth ar tagraíodh i ngníomhas talún do ‘Nenagh alias Enaghurron’. Cruthúnas atá sa bhfoirm dheireanach sin, ní amháin go raibh leagan fada an logainm in úsáid an tráth úd ach fós go raibh Urmhumhan (ginideach) á fhuaimniú ar nós an lae inniu, .i. *Urún < Urumhan < Urmhumhan (cf. Tuamhain < Tuadhmhumhain). D’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir An tAonach a bhí suite i gceantar Urumhan (‘Ormond’) agus áiteanna eile a raibh an t-ainm sin orthu a rinneadh amhlaidh, ní foláir. Ta cúpla sampla ar fáil i scríbhinní Gaeilge den fhoirm fhada as sin amach, Enach Urmhubhan (1632c.) m.sh., ag tagairt don Mhainistir Phroinsiasach a bhí san áit; An aonaigh foirm an ghinidigh sa téacs céanna áfach: ‘Mainistir an Aonaigh an [= in] Urmumhain’. Tá an dá fhoirm le fáil i ndán faoin tSionainn a cumadh sa bhliain 1794, Aonach Urmhumhan agus Aonaigh (ginideach); Aonach Urmumhan atá i gCinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (1828) agus in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireacht Ordanáis (bliain 1840), scríobhadh ‘Aonach Urmhúmhan pronounced Aonach Urúmhan’. Mar sin, de réir na fianaise atá bailithe againne, bhí foirm ghairid an logainm leis an alt roimhe in úsáid ó thosach na tríú haoise déag go dtí deireadh na hochtú haoise déag. Sa tuiseal ginideach amháin atá na foirmeacha deireanacha. Tá foirm fhada an logainm le fáil ó dheireadh na séú haoise déag go dtí lár na naoú haoise déag.

    Is don fhoirm fhada amháin a thug an Laoideach aitheantas in eagrán na bliana 1905 de Post-Sheanchas, Aonach Urmhumhan. Is eagrán Gaeilge - Béarla na bliana 1922 den saothar céanna thug sé aitheantas don dá fhoirm, ‘Aonach Urmhumhan (sean-ainm an bhaile) An tAonach (nua-ainm..)’—a mhalairt atá fíor ar ndóigh.

Centrepoint

52.8634, -8.19994latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

POThere is or was once a post office here

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits