BROWSE
Baile Adaim
genitive: Bhaile Adaim
(Irish)
Ballyadams
(English)

Glossary

English townland, town, homestead

Hierarchy

county

Explanatory note

  • Gaeilge

    the town of Adam
    Adam — ainm pearsanta (< Adam na nAngla-Normannach)

    Is ann do mhalairt de ghaelú ar Adam ina bhfuil an dara siolla fada .i. Adám, ainm atá le fáil i logainmneacha eile sa deisceart — féach bf Baile Mhic Adáim (#24453) i gCiarraí, bbf Baile Adáim (#50408; #50478; #50367) i bPort Láirge. Ach ní dócha gur fianaise ar an bhfoirm sin atá sna tagairtí eisceachtúla 1557 ‘Bally Adame’, 1578 ‘Ballyadame’ anseo (leg. -ms?). Leaganacha gaelaithe iad Adam agus Adám araon den ainm pearsanta a thug na hAngla-Normannaigh isteach, agus ní hionann is Ádhamh ar gaelú luath é ar an ainm bíobalta. (Cf. Seán (< Seaghán) < Jehan na nAngla-Normannach, nach ionann is Eoin < Iohannes an Bhíobla.) Ní léir cén t-údarás atá ag O’Byrne nuair a deir go bhfuair Ballyadams ainm ó ‘Adam O’More’ a thóg caisleán anseo le linn Anraí VII a bheith i réimeas i Sasana (1485–1509) (Hist. Queen’s Co. (1856) 74). Tá cur síos ar an gcaisleán san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) agus in Laois: History & Society 401–2; cf. Fitzgerald in Journal of Kildare Archaeological and Historical Society VII.

    Tá seanreilig an pharóiste seo suite in iardheisceart bf Móin na Scríobán (#28125) .i. Kilmaleed Grave Yard (Disused) SO. Foirmeacha stairiúla is ea 1302–6 ‘Kylmolydde’, 1302 ‘Kilmohede’, 1305 ‘Kylmehede’, 1346 ‘[Castrum de] Kylmehyde’, 1540 ‘Kylmohyd’, 1549 ‘Kilmokide’, 1551 ‘Kilmokidde’, 1578 ‘Kylmohide’, 1607 ‘Kilmohid’, 1607 ‘Kilmokydie’, ‘Kilmakedyn’, 1613 ‘Kilmohede’, 1619 ‘Kilmokydy’, ‘Kilmokidy’, 1622 ‘Killmohoide’, ‘Killmoheide’, 1637 ‘Killmohyde’, ‘Killmahide’, 1646 ‘Killonshide al’ Killinohide’. Is cosúil go bhfuil an tagairt is luaithe ‘-molydde’ agus leagan an mhapa -maleed araon truaillithe. Tugann na foirmeacha béarlaithe eile cill “church” + * /məˈkiːdə/ nó /məˈhiːdə/ le fios. Tá cuma ainm cheana air sin ach níl a leithéid de naomh le fáil sna ginealaigh. Féach go raibh baint ag Íde (ónar ainmníodh par Cill Íde (#1568) agus par Cill Míde (#1564) i gContae Luimnigh) le Comhán Chill Uisean (#1443), 15km ó dheas uaidh seo (cf. Dictionary of Irish Saints 376).

Centrepoint

52.9351, -7.05392latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm