BROWSE

Hierarchy

county

electoral division

subunits

electoral division
Ceapach Locháin
genitive: Cheapach Locháin
(Irish)
Cappalough
(English)

Glossary

ceapach, ceapaigh
English plot of land, tillage plot

Hierarchy

county

Explanatory note

  • Gaeilge

    tillage-plot of (the) little lake?
    Tá an t-ainm seo amhrasach. Is léir gur mór idir fuaimniú an lae inniu 2005 /kapəˈlɑk/ agus an t-ainm a bhí ar an áit sa 17ú haois. Ach níl na foirmeacha luatha sin féin ar aon fhocal le chéile.
    Réiteodh 1655 ‘Cappaloghanagh’ Down Survey le Ceapach Lochánach “tillage-plot having many little lakes” (féach Ó Duinnín, FGB, www.dil.ie s.v. lochánach (aidiacht)) ach níl mórán tacaíochta ar ach deiridh i bhfonsí stairiúla eile — is ionann foinse d’fhoirmeacha BSD agus do na foirmeacha ar an DS. Is iad an dá fhoirm 1607 ‘Capullcauaghe’, 1607/8 ‘the Cappaulcannagh’ amháin a chuireann siolla breise tar éis n- in iúl roimhe sin, agus is léir go bhfuil siad seo truaillithe cheana. D’fhéadfaí cuid de na samplaí luatha eile a chur i gcomparáid le fianaise bf Ceapaigh an Locháin (#42210) i gContae Uíbh Fhailí — ach níl tagairt do loch ar bith sa bhaile fearainn seo idir chamáin, agus tugann cuid eile den fhianaise malairt bunúis le fios.
    Tá an litriú 1607/8 ‘Cappacloughan’ le fáil i nóta a d’ullmhaigh Tadhg Ó Duinn dá dheartháir Cathaoir (LS Uí Dhuinn 38–39). Tá údarás áirithe ag gabháil leis na logainmneacha sa nóta dá réir, bíodh is go bhfuil crot an Bhéarla orthu. Tá na 15 logainm an-chruinn, chomh fada agus is féidir linn a dhéanamh amach. (Is é ‘Farran Clanfyn’ an t-aon earráid amháin ann, agus níl ansin ach míléamh k- mar f.)
    Ainm eile díobh is ea ‘Cnock korecloghan’, a thagair do Red Hill SO (#1419917) in bf Ceapach an Aoire (#28546) 2km ó dheas uaidh seo (samplaí eile is ea 1607 ‘KnockchoneCloghlaine’, 1608/9 ‘Knocke Choncloghane alias Cnockachorloghan … cnoc a corrclochain’, 1609 ‘Knockachoucloghane or Cnockahorclochane’, 1622 ‘Knockarologhan’) < Cnoc an Chorrchlocháin “the hill of the odd stepping-stones”. Féach go bhfuil an fréamhchonsan /k/ i dtús an cháilitheora (‘korecloghan’) i nóta 1607/8 san áit a léiríonn na samplaí eile go léir an ch- /x/ séimhithe (‘-chorloghan’, ‘Choncloghane’, ‘-choecloghane’, ‘horclochane’). Féach freisin 1608/9 ‘Cnockachorloghan’ agus 1622 ‘Knockarologhan’ a thaispeánann cailliúint /x/ as an gcarn chl /xl/ (litrithe cl, chun an fréamhchonsan a thaispeáint, i nóta Thaidhg). Tacaíocht atá san ainm eile seo, mar sin, go bhfuil an fhoirm 1607/8 ‘Cappacloughan’ litrithe d’aonghnó chun na míreanna ceapach +* * clochán a chur in iúl.
    Mar sin is amhlaidh go gcaitheann an litriú úd solas eile ar na tagairtí luatha anseo .i. 1601 ‘Keppagh loughana’ [leg. ‘Keppaghloughane’], 1607 ‘Cappaghloghan’, ‘Cappoughlouchane’, ionas gur féidir iad a léamh mar /kʹapəˈxlo̤xɑːnʹ/. D’fhéadfaí Ceapach (an) Chlocháin “the tillage-plot of the stepping stones; stone structure; stony place” a léamh ar na foirmeacha béarlaithe seo mar sin. Tabhair faoi deara ‘Limestone sands and gravels’ www.epa.ie. (Cf. cailliúint bh-tosaigh roimh r- tar éis ceapach/ceapaigh in bf Ceapach Bhrógáin (#28392).)
    Ní heol dúinn aon sampla eile de clochán “stepping stones; stony ground” á laghdú go clough i ndeireadh logainm bhéarlaithe, áfach (ná de lochán “little lake” > lough). Is mór an bhearna í an easpa tagairtí ón 18ú haois, mar ní féidir an forás seo ó 1607 ‘Cappaghloghan’ go 1812 ‘Cappa-lough’ a rianú go beacht. Dhealródh sé gurbh ann d’fhoirm eatramhach den ainm a bhí cosúil le 1819 ‘Cappaloughah’ /kapəˈloxɑ/ (munar cheart ‘loughan’ a léamh ansin freisin).

Centrepoint

53.1907, -7.39204latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits