hill or hills
Carraig Oisín
genitive: Charraig Oisín
(Irish)
Killenny Hill
(English)

Glossary

English rock

Explanatory note

  • Gaeilge

    the rock of Oisín
    Oisín — ainm pearsanta

    Tá an cnoc seo suite idir cn Carraig Fhinn (#1417882) lastoir agus cn Carraig Uilliam (#1417881) laistiar. Chuir Ó Donnabháin suntas sna cnoc-ainmneacha Gaeilge seo a fuair sé ó Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin sa bhliain 1837 (LSO Uíbh Fhailí I 56–63) — bhí a fhios aige nach raibh siad ar eolas go háitiúil mar bhí seal maith caite aige i dTeach an Fhraoigh blianta beaga roimhe sin (Ó Muraíle, Léachtaí Cholm Cille XXVII; litir ón Donnabhánach chuig Reeves UCD IVRLA:7253). Ach féach mar sin féin go bhfuil na logainmneacha céanna le fáil ar léarscáil Cahill 1805 .i. ‘Carrig Liem’, ‘Carrig Usheen’, ‘Carriging’.

    Díol spéise mar sin nach raibh aon chur amach ag an gCanónach Ó hAnluain ar an ainm seo Carraig Oisín in 1872: deir sé ‘The ancient name of this hill seems lost or unknown. At present it is called Lyons’ Hill, from a gentleman farmer’ (PRIA I series II 145, 146) agus abairt de bhreis ar an méid sin in 1907 ‘Not very long ago, it was called Carter’s Hill’ (Hist. Queen’s Co. I 254). Is deacair é seo a thuiscint is a rá go ndeir sé san áit chéanna gur mhinic a bhíodh sé ag seanchas leis an Donnabhánach faoi na háiteanna anseo timpeall. Féach leis nach raibh O’Hanlon ar an eolas faoin leagan Gaeilge a bhí ag an mBranach ar an uaimh ar Charraig Fhinn, Poll an Stóir (féach #1417882). B’fhéidir nach raibh teacht ag O’Hanlon ar Litreacha Uíbh Fhailí ina bhfuil an t-ábhar seo breactha.

Historical references

1608
Carricknougher
sic
CPR Leathanach: 113
1805
Carrig Usheen
Cahill (La)
1836
Carraig-Oisin, now Killiny Hill (Cill Fhionna)
LSO (UF) Leathanach: i, 56–63

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm