BROWSE
Cill Cholmáin Bháin
genitive: Chill Cholmáin Bháin
non-validated name (What is this?)
(Irish)
Kilcolmanbane
(English)

Glossary

English white; lea-ground, grassy
English church

Explanatory note

  • Gaeilge

    the church of Colmán Bán
    Colmán Bán (“white Colmán”) — ainm naoimh

    Féach ‘Colmán Bán’ in Corpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae 707.101 (faoi ‘Comainmnigud noem hErenn’).

    Díol spéise nach bhfuil an aidiacht bán “white” le fáil sna tagairtí is luaithe dá dtagann anuas chugainn. Ba é an tuiscint áitiúil sa 19ú haois gur chodarsnacht idir Colmán Bán “white Colmán” agus Colmán Breac “speckled Colmán” ba bhunús le hainmneacha an dá pharóiste teorantacha seo Kilcolmanbane agus Kilcolmanbrack (LSO I 255), ach is cosúil go dtagann an tuiscint sin salach ar an bhfianaise stairiúil: féach an nóta faoi par Cill Cholmáin Bhric (#1439).

    Maidir leis an meititéis atá le sonrú san fhuaimniú áitiúil 1838 ‘Cill Clumhain Bán recte Cill Cholmáin Bháin’ (LSO I 186), cf. nóta an Donnabhánaigh faoin ainm bf Cill Cholmáin (#53527) i Loch Garman: 1840 ‘Cill Cholmáin which is everywhere pron[ounce]d Kilclomaun’ (cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV s.n. Kilclammon, agus 1840 ‘Cill Chlumáinpl:AL in Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann II s.n. Cill Cholmáin () (#46699)). Maidir le séimhiú an -m- láir cf. bf Baile Uí Chlúmháin/Colmanstown (#19761) agus 1838 ‘Poll Cholomhain (pronounced Clumháin) i.e. the well of St. Colman’ LSO (Ga) II 529 i gCluain Rois, Contae an Chláir). D’fhéadfadh sé go bhfuil iarracht den mheititéis seo le sonrú cheana féin in 1512 ‘Kyleclinabayn’ (CPL XIX §685) agus 1513 ‘Kilcolmonan’ (CPL XX §141 *n.*5, mar a ndeir an fear eagair ‘the first ‘o’ changed from a (?)‘b’; the second doubtful: perhaps an ‘a’’ — d’fhéadfaimis a bheith measartha cinnte nach * Kilcb- a bhí ann ar dtúis ach * Kilclo-, agus is féidir linn ‘Kilclomavan’ a léamh dá réir (cf. 1512)). Cf. an guta cúnta soiléir in 1552 ‘Killecollamanbane’. Tá an leagan giorraithe den ainm Kyle (< cill le défhoghar) le tabhairt faoi deara chomh maith (1805 ‘Kile’).

    Mionainmneacha:

    1. Bóthar na Muc “the road of the pigs” ab ainm don seanchosán ón teampall anuas, ar feadh teorainn thiar theas an bhaile fearainn tamaillín, go dtí Cherryhill House in bf Baile Uí Aoláin (#27892) ó dheas (www.osi.ie; Mac Cába, Historical Notes on Laois 74). Rinneadh an chéad ionsaí ar na Sasanaigh lá Chath Bhearna na gCleití (#27896) ag an gcrosaire i dteorainn le bf Baile an Chnocáin (#28495) más fíor don traidisiún áitiúl (ibid.). Sa chur síos ar thailte Phiogóideach an Dísirt in 1608 tá sé le déanamh amach go raibh a ghabháltas siúd in bf Diméin Lamberton (#28492) taobh le ‘the plain fields of Clanchill’ sa bhaile fearainn seo idir chamáin, ainm a bhfuil céad eilimint an logainm seo [.i. Cill Cholmháin Bháin] mar cháilitheoir ann b’fhéidir (CPR 113).

    I nótaí Liam Price atá i seilbh an Bhrainse Logainmneacha tá mionainmneacha eile anseo nach léir a suíomh, mar atá:
    2. Knock Bawn < An Cnoc Bán “the white hill” (gaolmhar le 1563c ‘Carigııı ban’ v.l. ‘van’ ar an sean-léarscáil?);
    3. Knock na Gall < Cnoc na nGall “the hill of the English (?)” — cf. aistriúchán ó lár an 16ú haois 1549 ‘Klenegall alias thenglish diche’ < Claí na nGall “the ditch of the English” taobh theas de Thigh Mochua in bf An Choill (#28114)); agus
    4. Tobar na Doar < Tobar na nDeor “the well of the tears” (?).

Centrepoint

53.0022, -7.27287latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Archival records

scanned imagescanned image

Historical references

1302-6
Kylcolman
Pap. Tax. Leathanach: 250
1512
Kylcolmaybayn [also spelt Kyleclinabayn]
CPL Alt: 685, Imleabhar: XIX
1513
Kilcolmonan [also spelt Kilcolmavan]
" the first 'o' changed from a (?) 'b'; the second doubtful: perhaps an 'a' "—Nóta eag.
CPL Imleabhar: XX, Alt: 141
1518c
Kylcolman?
Arnold Wolffe
Kildare Rent. Leathanach: 206
1540
Killecollemaban
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 162
1552
Killecollamanbane
F Leathanach: 1131
1563c
Kilcolma
Cotton Map
1566
Kylcolmanbane
F Leathanach: 971
1569
Kilcolmanbane
Francis Cosbie, gent
F Leathanach: 1376
1570
Kylcolmanbane, rectory
F Leathanach: 1624
1570c
Kilcolmanbane
Carew Mss. Leathanach: 635, 87
1593
Kilcolmanbane
Edw. Fitz Henry
F Leathanach: 5824
1606
Killcollmanbane
CPR Leathanach: 140
1607
Kilcolmanbane
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1608
Kilcolmanbane
CPR Leathanach: 109
1615
Kilcolmanbane
RVis.
1623
Kilcolmanbane
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1624
Killcolmanbane
Inq. Lag. Leathanach: 25 J I
1660c
Kilcolmanbane Parish
BSD (La) Leathanach: 94
1685
Kilmanbane (parish)
Hib. Del.
1805
Kile
Cahill (La)
1838
Cill Clumhán bain
pl:AL Leathanach: E024,1,1, Imleabhar: AL Par.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm