BROWSE
civil parishtownland
Srúbh Bó
genitive: Shrúbh Bó
(Irish)
Straboe
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    snout of (the) cow

    Tá na tagairtí luatha Gaeilge 1160c ‘Srúb Bó’, ‘Co toracht Srúib Bó i n-arthur Maige Reichet’ sa Dinnseanchas (Leabhar Laighean) an-luachmhar, mar ina n-éagmais ba é srath “river-meadow” a bheadh le tuiscint as tromlach na fianaise béarlaithe. Tá samplaí eile den mhír seo srúbh “snout” le fáil i gCiarraí (#22056) agus i nGaillimh (#20946); cf. gan amhras ct Srúibh Brain (#111204) i nDún na nGall. Tá cur síos ar an seanteampall san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie). Féach faoi bf Srúbh Bó (#28662).

    Ainmneacha stairiúla:
    Bhí an paróiste sibhialta seo, mar aon le paróiste Chill Tíle (agus, de réir léarscáil 1563c, an chuid sin de pharóiste Dhíseart Aonghais atá i mbarúntacht an tSráidbhaile), sa seandúiche a litrítear i gcáipéisí gallda ó lár an 16ú haois mar 1551 ‘the lordship of Twomelagan’, ‘Tomolegan’, ‘Twomelegan’, 1563c ‘Tovmologan’. Is cosúil gur tagairt eile ní ba dhéanaí atá againn sa mhionainm 1607 ‘[Rahinisk]dugh-mullegan’ (féach faoi #28303).

    Tuairimíonn Fitzgerald (1909) go bhfuil baint aige le ‘Clonmolaghlin’, teaghlach de na Móraigh a ndéantar tagairt dóibh i gcáipéisí gallda sa 16ú haois. Tugtar párdún do ‘Dormit reoughe m‘Terrelaugh M‘Shane’ agus naonúr eile ‘of Clonmolaghlin’ (< Clann Mhaoileachlainn “family, sons of Maoileachlainn”) in Fiant 3959 (bl. 1582), agus do ‘Donald m‘Edm.’ agus cúigear eile ‘O Clan Molaghlin’ in Fiant 3597 (bl. 1579).

    Ní háirithe go bhfuil aon ársaíocht ag baint leis an teideal seo Clann Mhaoileachlainn, cé go luann an Gearaltach tagairt as Dowling’s Annals faoin mbliain 1105: ‘Cowkaggrig de Omoardha principalis de Clanmelaghlen’ — rugadh Thady Dowling i Laois sa bhliain 1544 agus gach seans go raibh sé ag baint úsáide as téarma óna linn féin. Deirtear in Inq. Lag. 1 Eliz. (1566) go raibh talamh i gCluain Caoin ag Rúraí Caoch (mac Conaill mhic Mhaoileachlainn) Ó Móra ar cíos ‘from Melaghlin O Mores sones’ i 1545. Seans nach dtéann ‘Clann Maoileachlainn’ níos faide siar ná an taoiseach Maoileachlainn mac Uaithne Ó Móra (†1502), seanathair Rúraí Chaoich féin, a bhfuil a ghinealach sáite isteach i Leabhar Laighean (lch.337).

    Ba dhána an mhaise é, áfach, an t-ainm teaghlaigh seo Clann Mhaoileachlainn a cheangal leis an logainm 1563c ‘Tovmologan’, et var., go háirithe tharla gur mór an difríocht sa litriú. Más fíor go bhfuil a lán botúin litrithe le sonrú ar léarscáil úd 1563c, féach go mbéarlaítear Maoileachlainn agus Ó Maoileachlainn cruinn go maith i gcáipéisí gallda faoi lár an 16ú haois, idir shloinne cheannairí iardheisceart na hIarmhí (m.sh. F (Éadbhaird) 1201, 1210, F (P & M) 228) agus an t-ainm pearsanta (passim). Agus tá tagairt don teaghlach seo féin i Laois ó 1552 .i. ‘Donnoughe o’More O Molaghlen’ (F (Éadbhaird) 1031) — is deacair glacadh le foirmeacha 1550–51 ‘-melagan’, ‘-molegan’, ‘-melegan’ mar réaduithe ar Maoileachlainn ina fhianaise sin, gan trácht ar 1608 ‘-mullegan’, agus iad go léir in -gan.

    Tagann tagairt don dúiche seo anuas chugainn ón 14ú haois: féach 1343 ‘William son of Richard de Bermyngham ... all his right and claim in Syan and Leys which is called Thoythmolegan ... in the said Syan in Leysse which is called Thothmolgan’ Gormanston Register 120, agus ní féidir Maoileachlainn a léamh air sin. Is amhlaidh atá na foirmeacha béarlaithe go léir i bhfad níos gaire don ainm pearsanta Maolagán: cf. freisin ‘Caithnia mac Bearaigh, a quo Clann Bearaigh: Mec Maolochan: Ceanndubhan mac Maoil-Ochain…’ i nginealaigh Laoise (LGen. 556.16).

Centrepoint

53.0542, -7.26049latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1160c
Srúb Bó unde nominatur; Co toracht Srúib Bó i n-iarthur Maige Reichet
LL Imleabhar: III, Líne: 21185
1488–9
the perpetual vicarage of Srubo; the vicarage of Scubo
CPL Imleabhar: XIV, Leathanach: 240
1489
de Srubo alias de Span
CPL Leathanach: 14, 240
1512
the perpetual vicarage of the parish church of Struhbo ['also spelt Stenhbo']
CPL Imleabhar: XIX, Leathanach: 685
1513
the parish church of Scrabo alias Syan
CPL Imleabhar: XX, Leathanach: 141
1561
Stroboo [rectory] ??
F Leathanach: 325
1569
Straboo alias Srobo
F Leathanach: 1247
1570c
Stroboe
Carew Mss. Leathanach: 635, 87
1576
Stroghbo
F Leathanach: 2739
1603
Straboe
CPR Leathanach: 16
1608
Straboe
CPR Leathanach: 126
1660c
Shrathboe Parish
BSD (La) Leathanach: 97
1685
Shraghboe (parish).
Hib. Del.
1838
Its original form Strath Bó, signifying the Strath or Holme of the Cows.
LSO (La) Imleabhar: II, Leathanach: 179

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm