BROWSE
An Ros
genitive: an Rois
validated name (What is this?)
(Irish)
Rush
(English)

Glossary

English (wooded) height; wood; promontory

Explanatory note

  • Gaeilge

    the (wooded) promontory
    Is é An Ros an leagan oifigiúil Gaeilge de Ros ó reachtaíodh an chéad Ordú Logainmneacha i 1975 (http://www.irishstatutebook.ie/eli/1975/si/133/made/ga/print). Mar is léir ó chártaí innéacsa na linne (íomhánna scanta leis seo) bhí na taighdeoirí a mhol an leagan sin ar an eolas gur creideadh go forleathan gurbh ionann Rush agus an logainm stairiúil Ros Eo atá le fáil i roinnt foinsí luatha Gaeilge. Bhí siad nach mór cinnte go raibh an t-ionannú seo míchruinn, agus nuair a fhéachtar ar an bhfianaise an athuair is cosúil gurbh fhíor dóibh.

    Tagann tagairtí stairiúla don bhaile Rush anuas chugainn ón 13ú haois, agus níl oiread is ceann amháin acu a chuireann an fhoirm Ghaeilge Ros Eo in iúl. Tugann sé seo le fios gurbh é (An) Ros an fhoirm a bhí in úsáid fad is a bhí an Ghaeilge á labhairt san áit.

    Cuireann na foinsí luatha Gaeilge, freisin, go mór i gcoinne an ionannaithe seo. Tagraítear don logainm stairiúil seo Ros Eo i roinnt féilirí luatha, ar nós Féilire Thamhlachta, mar a gcomórtar ‘Cuannae uirginis i mMaig Locha i mBregaib .i. i rRus Eo’ ["Cuanna virginis i Maigh Locha i mBreá .i. i Ros Eo"] ar 10 Aibreán. I bhFéilire Aonghasa, leis, atá comhaoiseach le Féilire Thamhlachta (*c.*800), deirtear gur tháinig Cuanna ‘ó Ros Eo’ — mínítear é seo sa ghluais ‘ó Rus eo im-Maig Lacha i n-iarthar Breg’ ["ó Ros Eo i Maigh Lacha in iarthar Bhreá"]. Tá go leor fianaise againn ar limistéirí na dúiche seo Breá (litriú Clasaiceach Breagha; MG Brega, tabh. Bregaib, gin. Breg; foirm laidinithe Bregia), agus ní Fine Gall amháin a bhí san áireamh ach cuid de Cho. Lú an lae inniu agus an chuid is mó de Cho. na Mí. De réir na bhfoinsí luatha seo, bhí Ros Eo suite i Maigh Locha/Lacha “plain of (the) lake” i mBreá — agus in iarthar Bhreá le bheith beacht. Is ann do dhá áit a d'fhéadfadh a bheith i gceist, dar le scoláirí, mar atá bf Moylagh (#1902), bar. Bhaile Fhobhair, in iarthar Cho. na Mí, nó ‘Moylagh als. Castletown-Moylagh’, bf Castletown (#39136), par. Ráth Moliain, taobh theas de Bhaile Átha Troim agus díreach taobh thiar de Chnoc an Línsigh.

    Níl de chonspóid faoi Ros Eo a bheith suite i gCo. na Mí ach tagairt aonair i bhFéilire Uí Ghormáin, a cuireadh i dtoll a chéile timpeall 1170. Mar a chonacthas cheana, bhí Ros Eo suite i Maigh Locha in iarthar Bhreá de réir na hiontrála i bhFéilire Thamhlachta — ach is é seo a leanas an leagan den iontráil chéanna úd i bhFéilire Uí Ghormáin: ‘ó Ros Eó i Muigh Locha i n-Airthiur Breg’ ["ó Ros Eo i Maigh Locha in Oirthear Bhreá"]. Is é an tagairt aonair seo a thug ar Sheán Ó Donnabháin Ros Eo na staire a cheangal leis an mbaile Rush i gCo. Bhaile Átha Cliath i nóta eagarthóireachta le hAnnála Ríochta Éireann. Glacadh le hionannú seo an Donnabhánaigh go forleathan agus daingníodh é sna gasaitéir logainmneacha a tháinig amach sa chéad chuid den 20ú haois.

    Ach is léir gur botún é an gluais dhéanach i bhFéilire Uí Ghormáin, sciorradh pinn ag an scríobhaí is dócha, i bhfianaise na dtéacsanna luatha a lonnaíonn Ros Eo in iarthar Bhreá (mar a bhfuil cúpla áit darb ainm Maigh Locha). Díol spéise conas mar a d'athraigh Féilire Uí Ghormáin an ghluais seo a leanas ar Cholmán na hInse (#1166238), idir Guaire (LG) agus an tInbhear Mór (CM). Tá an nóta i bhFéilire Aonghasa cruinn gan amhras: ‘Colmán .i. ó Inis mo Cholmóc in Huib Enechlais il Laignib, i n airthir Laigen’ ["Colmán .i. ó Inis Mocholmóg in Uíbh Eineachlais i Laighnibh, in oirthear Laighean"]. Ach féach an leagan den ghluais chéanna a scríobhadh i bhFéilire Uí Ghormáin ní ba dhéanaí: ‘Colman…Innsi mo Cholmóc…in íarthar Laighen’ ["in iarthar Laighean"]! Tá na focail iarthar agus oirthear (MG airther) measctha sa téacs déanach arís.

    Tharla an fhianaise téacsúil seo a bheith againn, agus thairis sin tharla go bhfuil dhá áit i gCo. na Mí a d'fhéadfaí a cheangal leis an logainm stairiúil Maigh Locha, is léir gurb í an tagairt aonair do Ros Eo a bheith in oirthear Laighen a chaithfidh a bheith míchruinn — dála an botún a rinneadh san fhoinse céanna maidir le Colmán na hInse, i gCo. Loch Garman, a bheith in iarthar Laighean (!) — agus míníonn sé seo cad ina thaobh nach bhfuil oiread is tagairt stairiúil amháin do Rush, Co. Bhaile Átha Cliath, ar réadú é ar Ros Eo na Gaeilge. Thuig taighdeoirí na linne, agus an Coimisiún Logainmneacha a d'athbhreithnigh a gcuid taighde faoi bhunús Rush, nach mbeadh aon fhoirm Ghaeilge sásúil ach (An) Ros. An fhoirm seo a cuireadh tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí sna 1960í agus is é an leagan oifigiúil é ó 1975 i leith.
    [PÓC; CÓC; AMGC]

  • English

    the (wooded) promontory
    An Ros has been the official Irish form of Rush since the passing of the first Placenames Order in 1975 (see http://www.irishstatutebook.ie/eli/1975/si/133/made/ga/print). The index cards from the time (see scanned images attached) make it clear that the researchers involved were well aware of the erstwhile identification of Rush with the historical place-name Ros Eo, found in early Irish sources. This identification was regarded by them as being almost certainly incorrect, and a review of the evidence available yields nothing to counter that opinion.

    The absence of any reflex of Eo in all verifiable historical examples of the placename from the early thirteenth century onwards strongly indicates that (An) Ros was the form of the name used over hundreds of years prior to the ultimate decline of Irish in County Dublin.

    The early evidence from the Irish language sources also contradict any earlier identification of Rush with Ros Eo. Early examples of the latter name are recorded in the Irish calendars of saints, such as the Martyrology of Tallaght, where ‘Cuannae uirginis i mMaig Locha i mBregaib .i. i rRus Eo’ “the virgin Cuanna in Maigh Locha in Breagha, i.e., in Ros Eo” is commemorated on the 10th April. Another martyrology which was compiled about the same time as that of Tallaght (*c.*800), namely The Martryology of Aengus, Cuanna is said to be ‘ó [from] Ros Eo’, and in one of the notes appended to this entry in a manuscript copy this is glossed as ‘ó Rus eo im-Maig Lacha i n-iarthar Breg’, which was translated by the editor of the text as “of Ros Eo in Mag Lacha in the west of Bregia”. As we know from the many extant references, the territory of Breagha (early dative form Bregaib, genitive Breg; standardized Mod. Ir. Breá; sometimes latinized Bregia, as above) included not alone north Co. Dublin but also some of the adjoining parts of Co. Louth and most of modern Co. Meath. Crucially, in the examples cited, Ros Eo was said to be located in Maigh Locha/Lacha “plain of the lake” in Breagha, and more specifically in the west of that territory. Two plausible locations for Magh Locha have been suggested by scholars — Moylagh (#1902) in the barony of Fore in the west of Co. Meath, or ‘Moylagh als. Castletown-Moylagh’ at Castletown in the parish of Rathmolyan, south of Trim and directly west of Summerhill (#39136).

    The only controversy about the location of Ros Eo in Co. Meath arises from a single reference in the Martyrology of Gorman, compiled about 1170. As has been seen, the Martyrology of Tallaght locates Ros Eo at Maigh Locha in the west of Breagha — but the corresponding entry in the later Martyrology of Gorman renders this as ‘ó Ros Eó i Muigh Locha i n-Airthiur Breg’ “Ros Eo in Maigh Locha in the east of Breagha”. This one reference appears to have caused John O’Donovan, in an editorial note which he appended to his edition of the Annals of the Four Masters, to identify Ros Eo with Rush, Co. Dublin. O’Donovan’s identification was subsequently accepted by others, and found its way into early-20th century gazetteers of Irish placenames.

    However, given that glosses on earlier texts locate Ros Eo in the west of Breagha (where there are indeed places called Maigh Locha), the later iteration in the Martyrology of Gorman is more likely to be the result of a copyist’s error. Salient in this regard is another reference in the Martyrology of Gorman to Colmán of Inch, a solidly identifiable location just north of Gorey and south of Arklow, in east Leinster. The explanatory gloss in the Martyrology of Aengus gives the correct information ‘Colmán .i. ó Inis mo Cholmóc in Huib Enechlais il Laignib, i n airthir Laigen’ “Colmán i.e. from Inis Mocholmóg…in the east of Leinster”. The later version in the Martyrology of Gorman, however, changes this gloss to ‘Colman…Innsi mo Cholmóc…in íarthar Laighen’ “Colmán of Inis Mocholmóg in west Leinster”. The later source has once again confused iarthar and oirthear in the original text.

    In light of this textual evidence, and, moreover, given the fact that there are two locations in Meath identifiable with historical Maigh Locha, it is clear that the single reference to Ros Eo being in “east Leinster” must be erroneous — mirroring the same source's error regarding Colmán of Inch in Co. Wexford — thus explaining why not a single historical reference to Rush, Co. Dublin, contains a reflex of Irish Ros Eo. The researchers of the day, and the Placenames Commission who reviewed their evidence for the original Irish form of anglicised Rush, realized that nothing but (An) Ros would be satisfactory. This was the form put to public consultation in the 1960s and ultimately made official in 1975.
    [PÓC; CÓC; AMGC]

Centrepoint

53.5229, -6.10417latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

POThere is or was once a post office here

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Historical references

n/a
"Naomh Cuanna agus Ros Eo Baineann na tagairtí ar fad do Ros Eo leis an naomh Cuanna. Tá an méad seo a leanas ar eolas againn faoin naomh seo óna foinsí stairiúla luatha go léir: 1. Shíolraigh an naomh ó Niall Naoighiallach de réir ghinealaigh na naomh: "
Nóta
n/a
"Suíomh Ros Eo de réir na bhfoinsí stairiúla. Ní thugtar suíomh cinnte do Ros Eo i gceann ar bith dena tagairtí. 1. Ní thugtar aon eolas faoi shuíomh Ros Eo sna hAnnála (AU, ARÉ), ná sna féilirí is luaithe seachas i Mart. Tall. 2. Tugtar le fios sa bhfé"
Nóta
n/a
"Suíomh Ros Eo de réir scoláirí nua-aimseartha 1. I nóta in ARÉ faoin tagairt do Ros Eo faoin bhliain 717 thuas dhearbhaigh an t-eagarthóir, John O'Donovan, gurbh ionann Ros Eo: ""Ros-eo: i.e. the Wood of the Yews, now Rush, a village to the north of Lusk, "
Nóta
717
S. Cuanna ó Ros Eo décc an 10 April
ARÉ Imleabhar: I, Leathanach: 314
720
Mors Cuannuc Rois-eu, "Death of Cuanna of Ros-eo"
AU Imleabhar: I, Leathanach: 172
830
ó Russ Eo, ainm subach, Cuannae rígdae romaith, "from Ross Eo - happy name! /Cuannae royal, excellent"
(April 10)
FOeng. Leathanach: 105
830
Cuannae uirginis i mMaig Locha i mBregaib .i. i rRus Eo , ["Cuanna, a virgin, in Mag Locha in Brega, i.e. in Ros Eo"]
(April 10)
Mart. Tall. Leathanach: 31
1170c
(Cuanna) gl. 1 ógh, ó Ros Éo i Maigh Locha i n-Airthiur Breg, "[Cuanna], a virgin, from Ross Éo in Mag Locha in the eastern part of Bregia"
(April 10)
FGorm. Leathanach: 74-5
1170c
[Cuanna] .i. o Rus éo im-Maig Lacha i n-iarthur Breg, ".i. of Ross eo in Maglacha in the west of Bregia".
FOeng. Leathanach: 114-5 n.10
1212 -1228
Rusche, Capella de
Crede Mihi Leathanach: 140
1229
Russe
Hen. III
PR
1256 -66
Russe, Hugh de
Alen's Reg. Leathanach: 119
1257 -63
Russe,Hugh de
Alen's Reg. Leathanach: 104
1273
Rusche
COD Imleabhar: I, Leathanach: 183
1312
Ruyss
COD Imleabhar: I, Leathanach: 464
1313
Russhe, Simon de
Alen's Reg. Leathanach: 164
1318
Russhe
RPat. Cl. Leathanach: 21
1318
Russhe, Symon de
Alen's Reg. Leathanach: 166
1326
Russhe, Simon de
Alen's Reg. Leathanach: 175
1326
Russhe, Symon de
Alen's Reg. Leathanach: 178
1331
Russhe
Chart. Mary's Imleabhar: I, Leathanach: 14
1385
Russhe
RPat. Cl. Leathanach: 127
1461
Russhe
RPat. Cl. Leathanach: 269
1476 -84
Rushe
COD Imleabhar: III, Leathanach: 221
1533
Russe, capella de
Rep. Vir. Leathanach: 196
1534
Russe
Alen's Reg. Leathanach: 160
1547
Rushe
F Alt: 70
1547
Rushe
F Alt: 71
1547
Russhe
HSP Leathanach: 35
1550
Rushe
F Alt: 625
1562
Russhe
F Alt: 425
1570
Russhe
F Alt: 1756
1617
Russhe, maner de
Inq. Lag. Leathanach: 26 J I
1623
Rushe, maner de
Inq. Lag. Leathanach: 53 J I
1630
Cuanna, mac Miodhairn, ó Ros Eo, acus i Muigh lacha anairther Maighi Bregh, "Cuanna, son of Miodharn, of Ros-eo, and at Maghlacha, in the east of Magh Breagh"
(April 10)
FNÉ Leathanach: 98-9
1654
Rush
CS VII Imleabhar: VII, Leathanach: 61
1657
Rush
DS
1659
Rush
Cen. Leathanach: 385
1664
Rush
HMR (BÁC) Leathanach: 404
1670
Rush
BSD (BÁC) Leathanach: 85
1821
Rush
Duncan
1836
Rush
BS:AL
1836a
[Ros] "The Irish word Ros sometimes means a promontory and sometimes a wood"
Nóta:AL
1911
Ruis
'Ruis (= Ros Eó): "Iosgadaí péatair as Ruis", Cor i Smúid, Ceol Fearnmhuigheach.'
Laoide Imleabhar: II, Leathanach: 149
1937
Ros Eó
E. Ph. Leathanach: 457
1964
Ros
AGBPL Leathanach: 9
1969
An Ros
Bailte Poist
1975
An Ros
Ordú Log. 1975

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits