BROWSE
An Scrín
genitive: na Scríne
(Irish)
Skreen
(English)

Other names

Achall
genitive: Aichle
historical name (What is this?)
(Irish)

Hierarchy

county

Explanatory note

  • Gaeilge

    the shrine
    Iasacht ón Laidin scrinium ‘shrine’ atá sa logainm seo. Séard a bhí sa scrín ó cheart ná soitheach do thaisí de chuid Naomh Colm Cille. Tá cur síos ag Edel Bhreatnach ar fhianaise luath an logainm in aiste léi a foilsíodh in Ríocht na Midhe (1996), ina dtugann sí le fios gurb é an tagairt is sine d’eaglais na Scríne ná ‘Scrín Coluim Cille dargain’ faoin mbliain 976 sna hannála ar a dtugtar Chronicon Scotorum. Measann sí gur ag trácht atá Annála Uladh, bliain 878, ar an scrín féin a tugadh go hÉirinn ó Oileán Í: ‘Scrín Coluim Cille 7 a minna olchena du tiachtain dochum nErenn for teicheadh ria Gallaibh’. Mar seo atá an abairt dheireanach aistrithe go Béarla ag an bhfear eagair, Gearóid Mac Niocaill: ‘the Shrine of Colum Cille and his other halidoms [i.e. venerated objects] arrived in Ireland, having been taken in flight to escape the foreigners’.
    Bhí cuimhne fós ar an seanainm a bhí ar chnoc na Scríne timpeall na bliana 1100, tráth ar scríobhadh an ghluais chomhaimseartha seo i Leabhar na hUidhre: ‘Achall .i. tulach hi fil Scrín Choluim Cille indiu’. Tá an t-ainm réamhráite caomhnaithe i logainmneacha eile mar, Bealach Achaille i gCo. Thiobraid Árann agus Acaill i gCo. Mhaigh Eo. Níl sanasaíocht an logainm soiléir

Centrepoint

53.5919, -6.54378latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm