BROWSE
Dún Seachlainn
genitive: Dhún Seachlainn
(Irish)
Dunshaughlin
(English)

Other names

Domhnach Seachnaill
historical name (What is this?)
(Irish)

Glossary

dún, dúnaibh
English fort

Hierarchy

county

barony

Explanatory note

  • Gaeilge

    Dún Seachlainn "the fort of Seachlann" < Domhnach Seachlainn "the church of Seachlann"
    < Meán/Sean-Ghaeilge Domnach Sechnaill (Domhnach Seachnaill sa Nua-Ghaeilge) "the church of Seachnall"

    Seachlann — ainm pearsanta ar foirm mheititéisithe é de Seachnall (< Secundinus)

    D’imigh claochlú nach beag ar an ainm seo le caitheamh na haimsire. Is í an tagairt is sine atá againn don áit ná iontráil in Annála Uladh ón mbliain 801, abbas Domnaig Sechnaill. Iasacht luath ó dominicum na Laidine is ea domnach agus baineann na heaglaisí a bhfuil an t-ainm seo orthu le tréimhse thosaigh na Críostaíochta in Éirinn. Mar leis an dara cuid den logainm, Sechnall, iasacht atá ann ón ainm Laidine Secundinus. Bhí seisean ar dhuine de na heaspaig a bhí ag craobhscaoileadh na Críostaíochta in Éirinn sa 5ú haois. Taispeánann na samplaí stairiúla den logainm atá caomhnaithe i gcáipéisí eaglasta Laidine go ndearnadh Seachlainn de Seachnaill (gin.) de bharr meititéise faoi dheireadh an 12ú haois, e.g. ‘Douenhagsachlin’ (1187), ‘Dounaghsachlayne’ (1248). Tá an t-athrú céanna le feiscint san ainm pearsanta Mael Sechnaill > *Maol Seachlainn. Faoi dheireadh an 14ú haois bhí Dún curtha in ionad Domhnach i dtosach an logainm, e.g. ‘Dunshaglyn’ (1374), ‘Donshaghlyn’ (1437). Tá an t-athrú céanna le feiscint i lámhscribhinní déanacha Gaeilge, ‘inghean an giúisdís Díolún ó Dhún Seachloinn’, cuir i gcás, in RIA 23 F 12 (18ú haois). Tá an méid a scríobhadh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (LSO) (1836) faoin fhoirm Ghaeilge a bhí in úsáid ag cainteoirí Gaeilge an cheantair an tráth úd ag cur leis sin: ‘Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or Duin S.——) for which they can assign no meaning — never Domhnach S ’; féach leis ‘In the townland of Bonestown [parish of Dunshaughlin] there is a holy well called Tobar Saint [sic] Seachlain’ (LSO).

Centrepoint

53.511, -6.54529latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm