BROWSE
townland
Bréancheann
genitive: Bhréanchinn
(Irish)
Briencan
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    malodorous head, hilltop?

    Mheas Joyce gur foirm dhíspeagtha den fhocal bruíon “palace, fairy fort” atá anseo .i. mar a bheadh *bruíoncán ann (‘little bruighean [brien], or fairy fort’ Irish Names of Places II 32). Ní dóigh linn go bhfuil dealramh leis an sanas seo.

    Níl againn de thagairtí stairiúla roimh an Ainmleabhar ach ‘Bryancan’ ar léarscáil eastáit. Leid atá ansin ar dhéfhoghar sa chéad siolla, b’fhéidir (.i. */briən-/), agus más ea d’fhéadfaí an aidiacht bréan- “malodorous, stinking” a mheas. Tá an défhoghrú seo -éa- > -ia- coitianta go leor i Leath Mhogha dar ndóigh, m.sh. 1542 ‘Bryanyr’, 1576 ‘Bryenermore’ = bf Bréanair Mór (#47391) ( 71, 78); díol spéise na foirmeacha stairiúla 1660c. ‘Bryan Litter’, 1835 ‘Brienletter’, ‘brian litirpl:AL = bf Bréanleitir (#40433) (Mu 14) i nDeisceart Uladh. Tá cnoc beag (167m) i bf Briencan, ach cé gur ann do bréan-+ ‘talamh ard’ i logainmneacha ar nós Bréandroim, Bréanleitir, Bréanros ní heol dúinn aon sampla eile de *Bréancheann. Is cosúil freisin gur tharla athrú ar an bpátrún béime sa chaint — is cosúil gur comhartha béime, seachas faide, atá san fhoirm pheann luaidhe 1837 ‘Briencán’ pl:AL, agus is ar an siolla deiridh atá béim an ghutha in 2010 /briːnˈkan/ Áit.

    Is éadoigh linn gur logainm comhshuite oscailte atá anseo, m.sh. dar céadeilimint bruíon “palace, fairy fort”. Bheadh cuma neamhghnách ar *Bruíon C(h)eann, b’fhéidir, cé go gcastar le gin. iol. ceann “of (the) heads” mar cháilitheoir i logainmneacha eile (agus láthair chatha nó áir faoi thagairt aige ar uairibh, is dócha), m.sh. bf Cluain Ceann (#35149) (ME 100, 110), id Loch Ceann (#47768) ( 19). Níl ach corrshampla de bruíon mar aicmitheoir i logainmneacha riaracháin na tíre (m.sh. par Bruíonaigh (#525) (Co 96); bf Na Bruíne (#8493) (Co 105, 106); id Na Bruíonacha (#1412916) (DG 52, 60); tr Bruíon Chorrach (Sl)).

    Tá cnoc beag eile (183m) díreach taobh thoir de seo i bf Broimlinn/Brumlin (#25634), q.v.

Centrepoint

53.1459, -6.61782latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1828
Bryancan
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(52)
1837
Briencan
BS:AL Leathanach: 1,5
1837
Briencan
Kelly, R.:AL Leathanach: 1,5
1837
Briencan
Manning, W.:AL Leathanach: 1,5
1837
Briencan
Bradley, J.:AL Leathanach: 1,5
1837
Briencán
pl:AL Leathanach: 1,5
1837
Briencan
OD:AL Leathanach: 1,5
2009-2010
briːnˈkan
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm