Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
the lake?
Níl aon loch ná talamh lochach sa bhaile fearainn inniu. Idir an dá chnoc tá talamh aol-ghairbhéalach a shíneann siar tríd an gcrosbhóthar, áit a bhfuil stráice beag bídeach de thalamh ghlárach freisin (féach ‘Limestone sands and gravels’ agus ‘Alluvium undifferentiated’ ag an gcrosbhóthar; ‘Limestone till’ [.i. an talamh ard]); sa chuid thiar agus sa chuid theas tá portach (‘cutover peat’, www.epa.ie; cf. 1655 ‘Red bog … Red Bog’ díreach laisteas). D’fhéadfadh sé gur rian atá sa phíosa beag glárach úd de lathach ní b’fhairsinge. Cf., áfach, an fhorbairt in bf An Inse (#28208) i mBaile Adaim: 1549 ‘Inchenelaaghe’, 1560c ‘Innse na Lathach’ LBran. > 1612 ‘Inchnelagh’. Tá na foirmeacha stairiúla anseo éagsúil go maith leis sin.
Ach ní heol dúinn cén t-údar atá ag Dowling nuair a deir 1948 ‘Pronounced apparently as “laitheach” and not as “loch”’ — is é 2015 /lɑk/ fuaimniú an lae inniu, fuaimniú a réitíonn le 2005 /balinˈlɑk/ bf Baile an Locha (#27778) i gCuileannach, 2006 /lɑkˈlas/ bf An Loch Glas (#28132) i mBaile Adaim. Agus tá moladh an Donnabhánaigh 1838 ‘leamhach’, a leasaigh sé go ‘lathach, puddle or slough’, bunaithe ar 1838 ‘Lawghe’, tagairt mhíchruinn a cóipeáladh san Ainmleabhar as na Ionchoisní (is é bf Leamhach (#28857) i Sliabh Mairge atá ansin).
Mar sin, níl dóthain fianaise chun lathach “mire, muddy place” a mholadh anseo agus is dócha gurbh fhearr cloí le An Loch “the lake”. D’fhéadfaí a thuairimiú nach é teorainn ghlan dhíreach dhiméin Pháirc Ioma a bhí mar theorainn theas don bhaile fearainn seo ó cheart. Má shíníodh an baile fearainn seo 500m ní b’fhaide ó dheas chomh fada le Emo Lake SO ó cheart, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-achar idir Lough Hill SO lastuaidh agus an loch úd laisteas a bhí i gceist leis an ainm 1659 ‘Loghtowne’ Cen. < Baile an Locha (?) “the town of the lake”. Féach, áfach, go bhfuil an teorainn ar léarscáil an Down Survey ar aon dul le teorainn an lae inniu.
Centrepoint
Historical references
1659 |
Loghtowne
|
Cen. Leathanach: 502
|
1660c |
Lough
|
BSD (La) Leathanach: 119
|
1695 |
Lagh
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1720 |
Lough
|
CGn. Imleabhar: 30.276.17747
|
1814 |
Lough
|
Par. Stat. Imleabhar: II, Leathanach: 545
|
1838 |
Lough
|
HCons PR:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lawghe
[Is áit eile í seo.]
|
Inq. C I:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lagh
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lathach, 'puddle or slough'
"leamhach" [scriosta]
|
OD:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lough
"'[Laugh,' recte." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
[Lough]
"…a hill called 'Lough Hill'…"
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lough
|
BS:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lough
|
Evans Map 1817:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lough
|
HCSV:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Lough
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,33
|
1838 |
Logh
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,33
|
2015 |
lɑk
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28291.aspxFurther information about this place
Open data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML