Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge. Féach bf An Fraoch Mór (#28299) ó thuaidh i dteorainn le Clann Mhaoilíora (#1403509).
Mionainmneacha:
An Fraoch Beag “the little heath” ainm a bhí ar ghort de chuid Heath House anseo lámh leis an bhFraoch Mór — féach an nóta ag Ó Donnabháin in LSO I 226. (Chaith an Donnabhánach roinnt míosa sa teach mór seo le Myles John O’Reilly sa bhliain 1830; cf. Ó Muraíle, Léachtaí Cholm Cille XXVII agus litir ón Donnabhánach chuig Reeves UCD IVRLA:7253.)Ainmneacha stairiúla:
- Is cosúil (CPR 112b) gurbh é an baile fearainn seo, mar aon leis an gcuid thoir de bf Ráithín Ruacháin (#28303), smut de dheisceart bf Cill Fhinnigh (#28506), bf An Ráithín (#28302) agus b’fhéidir bf Baile an Locha (#28297) an ceantar a bhí i gceist leis an logainm stairiúil 1549 ‘Colrane’, 1551 ‘Cowlrayne’, 1557 ‘Colarne’, 1563 ‘Cowlarne’, 1587 ‘Cowlarne’, 1607 ‘Coolarne’, ‘Cowlarne’, ‘Cawlarane’, 1608 ‘Cowlarue’, 1659 ‘Collone’. Mheas an Príseach gurbh ionann é seo agus 1297 ‘Culferne’ CJR I 169 (áit a ndearna muintir Dhíomasaigh ionsaí air gur éalaigh ar ais ‘to Offaly’ .i. go Clann Mhaoilíora, is dócha). Is dócha go raibh an ceart aige. Féach freisin 1282–83 ‘Culferna’ (san eagrán den chur síos ar mhainéar Dhún Másc atá i gcló in Inq. PM 2 II 267; cf. 1282–83 ‘William de Culfernon’ ar an ngiúiré in eagrán eile den ionchoisne céanna atá i gcló in CDI II 466) < Cúil Fhearna (?) “corner, nook of (the) alder-tree”.
- Idir an baile fearainn seo, bf An Ráithín (#28302) agus bf Cill Fhinnigh (#28506) a bhí an áit ar a dtugtaí 1607 ‘Ballypettecisk’, 1608 ‘Ballipetteriske’, ainm nach maireann < Baile Phatraisc (?) “the town of the partridge” nó “the town of Partridge (sloinne)”. Féach 1659 ‘Towne and liberties of Maryborrough … John Partridge’ (Cen. 497), ach ní léir cé chomh seanbhunaithe is atá an sloinne sin in Éirinn. (Cf. Reaney, Dictionary of British Surnames 242 s.n. Partrick, Partridge, Patriche; cf. www.dil.ie s.vv. patrisc, pertris.)
Centrepoint
Historical references
1805 |
Heath Lodge
|
|
1812 |
Heath-lodge
|
Leet Imleabhar: II, Leathanach: 5
|
1815 |
Heath Lodge
|
CGn. Imleabhar: 696.543.478040
|
1838 |
Heath Lodge
|
BS:AL Leathanach: La038,7
|
1838 |
Heath Lodge
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La038,7
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28300.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML