BROWSE
townland
Scairbh Thamhan
genitive: Scairbh Thamhan
non-validated name (What is this?)
(Irish)
Scarroon
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    shallow ford of (the) tree-stumps

    Tá an forás ceannann céanna le sonrú in 1607 ‘Skarhowne’ > 1639 ‘Skarrowne’ > 1662 ‘Scarroone’ is atá in 1607 ‘Garhowne’, ‘Carehowne’ > 1629 ‘Garroone’, 1660c ‘Garrone’ faoi bf Garroon (#28561), 13km soir uaidh seo, agus is deacair gan a mheas go bhfuil an eilimint chéanna sa dara cuid den dá logainm.

    Is cosúil ar fhormhór na bhfoirmeacha stairiúla gur gearrthamhan “short tree-stump”, nó a leithéid, atá taobh thiar den dara hainm úd, gur thit -th- /h/ as an gcarn -rrth- /rh/ sa 17ú haois, faoi mar a tharla i gcás 1970c /ˈkoruːnəx/ < bf Corrthamhnach (#18213) i nGaillimh. Tá dhá shampla ann a thaispeánann guta deiridh .i. 1607 ‘Garrhowny’ agus 2006 /gaˈruːnə/. D’fhéadfaí a mheas mar sin gur Gearrthamhnaigh “short arable field, clearing” a bhí san ainm úd ó cheart, is gur imigh an guta deiridh i léig ag tús an 17ú haois — féach gurb ann do Gearrthamhnach, Fliuchthamhnach agus Corrthamhnach mar logainmneacha. (Cuir i gcás freisin a leithéid seo de dhéantús: 1100c ‘in Garbthonach’, ‘ocin GarbthonaigLeabhar Laighean 298a, 296b.) Ach ní heol dúinn aon aidiacht a thabharfadh an comhfhocal * scar + tamhnach, ná níl aon fhianaise ar ghuta deiridh i gcás bf Scarroon.

    B’fhiú féachaint, mar sin, ar an bhfianaise stairiúil faoin logainm par Maigh Thamhnach (#1579) “plain of clearings” i gContae Luimnigh, m.sh. 1231 ‘Mointaveny’ > 1593 ‘Mahownagh’ > 1970c /ˌmɑˈhuːnə/ (pléite in Dinnseanchas I 98–100). D’fhéadfaí a mhacasamhail de struchtúr oscailte a chur san áireamh anseo, cé is moite den siolla deiridh, m.sh. Scairbh Thamhan (?) “shingly ford of (the) tree-stumps” (cf. bf Droim Thamhain i Muineacháin). Bheifí ag súil le * /sgɑrʹ(ə)ˈhũːn/, /sgɑrˈhũːn/ i gcanúint na háite agus /sgɑˈruːn/ mar bhéarlú air sin.

    Tá áth agus dhá dhroichead bheaga léirithe ar léarscáil SO 6ʺ trasna na Clóidí i dtuaisceart an bhaile fearainn agus Ford SO 25ʺ trasna an tsrutháin ina lár (cf. www.dil.ie s.v. 1 scairb “shallow, ford”). Cf. ath An Scairbh Sholais (#111427) i nDún na nGall, bar Scairbh Bhailis (#52147) i Loch Garman, srl. Cf. scairbh mar cháilitheoir in bf Áth na Scairbhe (#41406) i gContae Uíbh Fhailí agus 1350 ‘áth na scairbe’ faoi bf An Scairbh (#7777) i gContae an Chláir (cf. freisin bf Skerry (#28647) < Ceapach na Scairbhe).

Centrepoint

53.1329, -7.54915latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1607
Skarkehoune
O Doyne Ms. Leathanach: 16
1607
the Skarrowne
O Doyne Ms. Leathanach: 30
1607
Sharrechowne
O Doyne Ms. Leathanach: 30
1607
the Skarrowne
O Doyne Ms.
1607
Skarhowne
O Doyne Ms. Leathanach: 16
1639
Skarrowne
O Doyne Ms. Leathanach: 180
1643
Skarroone
Dep. 1641 Leathanach: 341r
1660c
Skarrane
BSD (La) Leathanach: 123
1660c
Skarrune
BSD (La)
1662
Scarroone
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
1682
Skarion
Dunne Papers Leathanach: 136
1708
Skarion
Dunne Papers Leathanach: 141
1718c
Scarraon
Dunne Papers Leathanach: 141
1774-9
Scarroon
Dunne Papers Leathanach: 144
1774-9
Scaroon
Dunne Papers Leathanach: 145
1815
Skarrowne
CGn. Imleabhar: 686.560.472074
1824
Scarroon (Upper, Lower)
TAB
1832
Skarrowne
Dunne Papers Leathanach: 146
1838
Scarroon
BS:AL Leathanach: La036,49
1838
Scarroon
Map (Dunne, Gen.):AL Leathanach: La036,49
1838
Scarroone
Inq. C II:AL Leathanach: La036,49
1838
Scaramhain/ Scairbh abhann, 'shallow ford of the river'
OD:AL Leathanach: La036,49
1838
Scarroon
OD:AL Leathanach: La036,49
2004
sgaˈruːn
Áit.
2005
sgaˈruːn
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm