Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
the portion of the small boat?
diob < giob?Níl bunús an logainm seo cinnte. Smut beag de bf An tSraith Ard (#28454) atá ann. Tá 1659 ‘Gobbachotty’ in G- as riocht leis an bhfianaise eile agus leis an tagairt comhaimsearthach 1666 ‘Dubbecu[t]t, part of Strahard alias Stragard’. Ar aon leathanach le ‘Gobbachotty’ faighimid na botúin ‘Raleiee’ le haghaidh ‘Raleice’, ‘Coolebansher’ le haghaidh ‘Coolebangher’, ‘Clomosny’ le haghaidh ‘Cloncosny’, ‘Derrygugle’ le haghaidh ‘Derryguyle’. Níl sé as an áireamh ar fad gur cheart dúinn ‘Dobbachotty’ a léamh anseo.
Os a choinne sin, ní léir dúinn aon sampla eile de D-tosaigh á chur i gcló mar G-tosaigh i logainmneacha an chontae seo sa Census. Anuas air sin, is rídhócha ar an bpátrún béime 2005 /debiˑˈkɑt/ gur logainm de bhunús Gaeilge é seo, agus toisc go bhfuil dealramh leis an litriú 1659 ‘Gobbachotty’ mar réadú ar logainm Gaeilge, ní miste é a chur san áireamh.
Dá mba gob “point, projection” a bhí ann — agus ní heol dúinn aon sampla eile de gob i logainmneacha Chontaetha Laoise ná Uíbh Fhailí — ba dheacair an t-athrú ó g-leathan /g/ na Gaeilge (pléascach coguasach) go d- Bhéarla na hÉireann (pléascach déadach/ailbheolach) a mhíniú. B’fhusa a d’fhéadfadh an d- sin a eascairt ó g-caol /gʹ/ carballach na Gaeilge. Tá fianaise againn ó Lár Tíre, mar shampla, ar t-caol /tʹ/ agus d-caol /dʹ/ na Gaeilge á bhéarlú leis na pléascaigh charballacha /kʹ/ agus /gʹ/, m.sh. ‘dioc [dʹuk] and [gʹuk]’, ‘Páid … [pɑːgʹ]’, ‘Baile Pháidín [bɑlʹəˈfɑːgʹiːnʹ]’, ‘Cáitín [kɑːkʹiːnʹ]’ (samplaí as ‘A Westmeath word-list’ Éigse 5 256; cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV s.n. mGerry). Ach ní heol dúinn aon sampla eile dá mhalairt .i. g-caol /gʹ/ carballach na Gaeilge á ionannú le d ailbheolach an Bhéarla.
Ní heol dúinn giob “bit, scrap” mar aicmitheoir i logainmneacha ach d’fhéadfaí giobóg talaimh “tiny patch of land” (FGB) a chur i gcomparáid le preabán talún “patch of land” (ibid.), agus gan dabht tagann preabán i gceist i logainmneacha i gCúige Laighean is i gCúige Chonnacht (#55812, #20976, #36528). Cf. freisin bf An Sruthán Giobach (#16121) agus dhá loch darb ainm An Lochán Giobach (#1396638; #1396637) i dTír Chonaill, agus bf An Cartún Giobach (#29534) i Liatroim, cois portaigh — bheadh dealramh le giobach mar aicmitheoir dar brí “rough, untidy land” (cf. liobarnach ag Ó Crualaoich, op. cit., s.n. Ballylibernagh).
Ná níl an cáilitheoir féin trédhearcach. Mar le coite “of the small boat” de, sníonn an Trióg ar feadh phíosa bhig den teorainn thoir theas agus tugann léarscáil Cahill (1805) ‘Debicot Bridge’ ar Triogue Bridge SO a ghabhann thairsti anseo (droichead eile a ghabhann thar an gCanáil Mhór atá sa Debicot Bridge SO nua).
D’fhéadfaí sloinne gallda a chur san áireamh freisin, b’fhéidir. Cf. 1583 ‘Carrigacoty’, 1601 ‘Carrig y Cotty’ < bf Carraig an Chotaigh “the rock of An Cotach” i gCorcaigh. Ach tá an sloinne Cott luaite sa chontae úd sna Fiants, murab ionann is an contae seo. Bhí talamh ag muintir Coote in bf Doire Gaill (#28555) agus chuir Charles Coote na hoibreacha iarainn ar bun díreach siar ó thuaidh uaidh seo, sa chumar idir Abhainn Easa agus an Bhearú. Ach is ar éigean ndéanfaí ‘-chotty’, ‘-cott’ de leagan gaelaithe den sloinne Coote (cf. 1794 ‘Caisleán Cút’ < Castlecoote ag Micheál Ó Braonáin ina dhán ar an tSionainn).
Centrepoint
Historical references
1659 |
Gobbachotty
|
Cen. Leathanach: 503
|
1666 |
Dubbecult, part of Strahard alias Stragard
|
ASE Leathanach: 51
|
1775 |
Debbicott otherwise Dabbicott
|
CGn. Leathanach: 308.446.206255
|
1805 |
Debicot Bridge
|
|
1838 |
Debicot
|
BS:AL Leathanach: LA007,9
|
1838 |
Debbycot
|
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: LA007,9
|
1838 |
Debicot
|
CM:AL Leathanach: LA007,9
|
1838 |
Debbycot
|
Kemmis Map 1761:AL Leathanach: LA007,9
|
1838 |
Debicot
|
OC:AL Leathanach: LA007,9
|
2005 |
debiˈkɑt
|
|
2005 |
debiˑˈkɑt
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28452.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML