BROWSE
townland
Coill an Iúir
genitive: Choill an Iúir
(Irish)
Killinure
(English)

Glossary

coill, coillidh, coillte, coille
English wood
English yew-tree

Hierarchy

county

barony

civil parish

electoral division

Explanatory note

  • Gaeilge

    the wood of the yew-tree

    Ainm déanach é seo. De réir gach dealraimh is anseo a bhí 1564 ‘Colbryde m‘Adawra’, 1638c ‘teampull mic an damhra’, srl., a phléitear thíos, agus dá bhrí sin is dócha go raibh láthair eaglasta anseo tráth, in ainneoin gan aon iarsmaí sa bhaile fearainn agus gan aon fhothracha léirithe ar léarscáil an Down Survey (cf. b’fhéidir Fooraun Well SO). Ní leor sin mar fhianaise ar cill “church” in ainm an bhaile fearainn, áfach, agus ní féidir a thaispeáint go bhfuil aon bhaint teangeolaíochta idir an t-ainm sin agus an logainm eaglasta stairiúil úd.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Is don tobar Fooraun Well SO < An Fuarán “the spring” i dtuaisceart bf Baile an Tóchair (#28478) laisteas a thagraíonn an nóta 1838 ‘there is a holy well in the northern end’ san Ainmleabhar. Cé nach bhfuil a leithéid ró-eaglaisiúil mar ainm tobair bheannaithe féach go bhfuil Fooraun Well SO eile le fáil ní fada ó Skeaghnakilla Grave Y[ar]d SO in bf Maigh Reichead (#28464) i bparóiste Chúil Bheannchair ó dheas (cf. 1973c /d̪əˌblesiˈdwel/ (‘the blessed well’) faoi tob Tobar an Fhuaráin (#1413126) i Luimneach).

    Ainmneacha stairiúla:
    Is iad bf Ballintogher & bf Kilnaglish & bf Killinure & bf Bolnagree an lae inniu an t-achar a bhí i gceist le 1617 ‘Coolebride, Mackerdowra, and Ballintoher’ le chéile (féach Inq. Lag. 6 Jac. I ag Fitzgerald) = 1655 ‘Ballinto[ch]er’ DS . Tá sé le tuiscint as rangú na ngabháltas in ASE 84 (1666) go raibh ‘Colebride, Mackowdowra or Muckowdowragh’ suite mar a bhfuil bf Killinure & bf Bolnagree an lae inniu (mar bhí ‘Ballintogher, Ballygowne [.i. mionainm i ndeisceart bf Ballintogher], Killiglish’ le chéile i ngabháltas eile). (Is léir as méid beag na n-acraí gur botún é ‘Rathleissagh … Rathwillis, Rathnegarragh’, atá tamall laistiar, a lua in aon ghabháltas le ‘Colebride, Mackowdowra’.)

    Tá na tagairtí stairiúla gaolmhar le chéile mar seo a leanas: 1564 ‘Colbryde m‘Adawra’ F 596 = 1570 ‘Colbryd Makadawra’ F 1654 = 1618 ‘Colbride, Macawdawra’ CPR 390; 1617 ‘Coolebride, Mackadowra’ Inq. Lag. 6 Jac. I (var. lec. ‘Coolebride, Mackerdowra’ ag Fitzgerald); 1666 ‘Colebride, Mackowdowra or Muckowdowragh’ ASE 84 = 1695 ‘Coolebride & Mackowdaragh’ Inq. Lag. Cé go ndéantar tagairt do Fiant na bliana 1570 i dtosach ionchoisne Inq. 6 Jac. I (1617) ní féidir a rá go cinnte go bhfuil foirmeacha na logainmneacha bunaithe ar F 1654. Is san ionchoisne chéanna sin a thagann an chamóg chun solais den chéad uair ach is cosúil go bhfuil sé iontaofa (le haghaidh sampla de chamóg a scaradh logainm go hearráideach, féach 1563 ‘Farraye Donoghfyn’ F, 1619 ‘Ferryne, Donoghfyne’ Inq. < Fearann Donncha Fhinn, mionainm i bparóiste Lé). Is dócha freisin gur cheart 1567 ‘Pardon to … John O’Heragh, of Kolbryde’ F 1179 a ghlacadh anseo in ionad é a áireamh faoi bf Kilbride (#28290) in iarthar an pharóiste.

    Tá tagairtí spéisiúla do theampaill an cheantair seo sa tuarascáil ar na láithreacha eaglasta i ndeoise Chill Dara a réitigh an tEaspag Mag Eochagáin timpeall na bliana 1638 (Dinnseanchas II = LS A 31 (6) de chuid na bProinsiasach sa Choláiste Ollscoile). Tá corrainm litrithe as Gaeilge aige:

    … Alonia [bf Allenwood CD] … Carrickmore [bf Carrick CD] … Ballemuillyn [bf Milltown CD] … Carne [bf Carn CD] … Balle-manny [bf Ballymany CD] … Ballenamona [iad seo go léir CD] … Ballevalter [bf Walterstown in iarthar CD] … capella Sanctæ Brigidæ quæ dicitur coll Brighdi [?] … Kill-daigen [bf Kildangan in iarthar CD] … Tyrchoger [bf Tirhogar] … Capella quæ dicitur teampull mic an damhra [mic = m agus ıc scríofa os a chionn] … Kellmolahyne [bf Ballyadding] … Imo [bf Emo Park] … Moyrgath [bf Moyrett] … Kilmoynan [bf Kilmainham] … Kilmeanain [bf Acragar] … Portnahynsy [bf Portnahinch] … Dyrrevilly [bf Derryvilla UF] …

    D’fhéadfaí a áiteamh go bhfreagraíonn 1564 ‘Colbryde m‘Adawra’ F 596 = 1570 ‘Colbryd Makadawra’ F 1654 = 1618 ‘Colbride, Macawdawra’ CPR 390, 1617 ‘Coolebride, Mackadowra’ sna cáipéisí gallda don dá theampall ar leith seo ‘capella Sanctæ Brigidæ quæ dicitur coll Brighdi’ agus ‘Capella quæ dicitur teampull mic an damhra’. Ach is cosúil nach amhlaidh atá.

    D’oirfeadh ‘coll Brighdi’ go maith do na foirmeacha tras-litrithe ‘Colbryde’, ‘Coolebride’, ‘Colebride’, ‘?Kolbryde’ (cf. mng Coll an Dúna (#1395665) i dTír Chonaill, bf Coll Rian (#47804) i dTiobraid Árann agus cf. FSÁG VI s.nn. Coll Bathur (RC), Coll Buaine (CD), Coll na nInghean (AM)). Ach ba dheacair a shamhlú gurbh ann don dara ‘capella’ béal dorais le ‘teampull mic an damhra’ a bhí ar comhchéim leis an teampall sin sa 17ú haois de réir an liosta, is a rá nach maireann iarsmaí ar bith de cheachtar acu inniu. Ar an láimh eile is féidir talamh slán a dhéanamh de gurb é ‘m‘Adawra’ seo na ndeontas atá i gceist le ‘teampull mic an damhra’ ag Mag Eochagáin, ní amháin mar gheall ar a neamhghnáiche is atá an t-ainm, ach de bharr go bhfuil an comhthéacs oiriúnach freisin (liostaítear teampaill na barúntachta seo in ord, ag tosú le bf Tír Chóigir (#28605) agus as sin deiseal go dtí bf Doire an Bhile (#42196) (UF 34), atá buailte le Cúil an tSúdaire lastuaidh). Is dóichí mar sin gur áit eile i ndeoise Chill Dara atá i gceist le ‘coll Brighdi’ ar liosta Mhig Eochagáin (cf. moltaí de hÓir, op. cit. n61 agus féach an tobar beannaithe i bf Baile na hAbhann (#24936) taobh thoir den abhann) agus nach bhfuil san ainm 1564 ‘Colbryde’, et var., ach b’fhéidir * Cúil Bhríde “the corner, nook of Bríd”. (Cf. na réaduithe seo a leanas ar cúil: 1570 ‘Colbolan’ (#28398), 1564 ‘Colbanahore’ (#28460), 1602 ‘Colletoderie’ (#28602), srl.; féach www.logainm.ie le haghaidh samplaí d’aicmitheoirí neamheaglasta i dteannta leis an ainm Bríd.)

    Ní léir bunús an ainm eile ‘m‘Adawra’/‘teampull mic an damhra’. Deir Dowling ‘[t]he curious form, “Makerdowra,” is no doubt a “penman’s” rendering of Mhic an Domhnaigh’ (JKAS XIII 99), ach tá an tuairim sin bunaithe ar an leagan lochtach ‘Teampull-mic-andamna’ atá i gcló ag Comerford in Collections … Kildare and Leighlin — agus tá ‘damhra’ na lámhscríbhinne thar a bheith soiléir (féach www.isos.dias.ie). D’fhéadfaí Mac an Damhra a thuiscint mar leasainm sa chiall “son of the band of warriors” (cf. www.dil.ie s.v. damrad III). Ach ós ainm teampaill é, más fíor, féach an tagairt seo a leanas do bhan-naomh atá luaite le hUí Failghe (1400c):

    Damrad ingen Aillela Find m. Aeda Róin ríg .h. Falge, máthair Mac nDamraid i mMíliuc Fhíaich, de quibus dicitur:

    Cuan, Conbran, Colman, Cass,
    Tnuan, Angan amnas,
    Mobecocc din tir si thair,
    secht meic dilsi do Damraid

    [Leabhar Laighean 374 (CSGH 722.83)]

    Tá seans go gcaomhnaítear Angán sa seanainm 1549 ‘Killamongan’ (féach faoi bf An tAcra Gearr (#28551) in Oireadh). D’fhéadfaí Mhac nDamhra “of the sons of Damhra (ban-naomh)” > Mhic an Damhra a thuairimiú anseo más ea. Ach pé ar domhan de, is léir nach bhféadfadh a leithéid de cháilitheoir a sheasamh ina logainm aonair mar a thugtar le fios sna deontais — agus ní bheadh aon dealramh le 1564 ‘Colbryde m‘Adawra’ a léamh mar * Cúil Bhríde Mhic an Damhra (faoi mar a bheadh an áit suite in aice leis an teampall Teampall Mhic an Damhra féin).

    Ós talamh réidh cois abhann atá anseo is maith an seans gur logainm ann féin dar tús maigh “plain” atá sa ‘Mackadawra’ seo (cf. nóta faoi bf An Tulachán (#28294)).

Centrepoint

53.1313, -7.09845latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1564
Colbryde m‘Adawra
F Alt: 596
1567
Kolbryde?
F Leathanach: 1179
1570
Colbryd Makadawra
F Leathanach: 1654
1617
Coolebride, Mackadowra and Ballitoher
.. Mackerdowra and Ballintoher JKAS IV 188
Inq. Lag. Leathanach: 6 J I
1618
Colbride, Macawdawra
CPR Leathanach: 390
1638c
??capella Sanctæ Brigidæ quæ dicitur coll Brighdi
Dinnseanchas Imleabhar: II, Leathanach: 31
1638c
Capella quæ dicitur teampull mic an damhra
-ic- forscríofa os cionn -m-
Dinnseanchas Imleabhar: II, Imleabhar: 31
1666
Colebride, Mackowdowra or Muckowdowragh
ASE Leathanach: 84
1695
Coolebride
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
1814
Killanure
Par. Stat. Imleabhar: I, Iontráil: 548
1838
Killinure
OD:AL Leathanach: La041,30
1838
[Killinure]
"…there is a holy well in the northern end…"
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,30
1838
Coill an iubhair, 'wood of the yew'
OD:AL Leathanach: La041,30
1838
Killinure
BS:AL Leathanach: La041,30
1838
Killinure
Smyth Map 1830:AL Leathanach: La041,30
1838
Killanure
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,30
2005
kiliˈnjuːr
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits