BROWSE
townland
Baile Aidín
genitive: Bhaile Aidín
(Irish)
Ballyadding
(English)

Glossary

English townland, town, homestead

Hierarchy

county

barony

civil parish

Explanatory note

  • Gaeilge

    the town of Aidín
    Aidín — ainm pearsanta (< Addin na nAngla-Normannach)

    Má tá ainm Gaeilge an bhaile fearainn gaolmhar leis an seanainm Béarla a thugtar mar alias air is deacair próiseas gaelaithe (nó béarlaithe) a mhíniú go sásúil.

    Molann Dowling ‘Baile Ghéadain, Gaydon’s Land’ go cáiréiseach (JKAS XIII 99). Cf. 1306 ‘Robert Geydon’ a bhí ina ghiúróir ar chás i gCill Dara a phléigh riachtanais an gharda ríoga i gceantar ‘Slefblame’ [.i. Sliabh Bladhma] agus i measc ‘the Irish of Offalia’. Ach bheifí ag súil le *Gáidiún, *Géadún, *Gaighdiún mar ghaelú ar Gaydon < Gaidon na Sean-Fhraincise: cf. 1560c ‘Baile Ghaidhdiún’ sa Leabhar Branach le haghaidh 1540 ‘Gaydonston’, 1549 ‘Gaydoneston’, bf Guidenstown (#25802) i gCill Dara agus féach go mbíonn -ún sa leagan gaelaithe de shloinnte Sean-Fhraincise mar seo, m.sh. Condún < Canton. Fiú má chuirimid i gcás go dtitfeadh an g-tosaigh i léig go hiomlán sa bhéarlú, rud nach mbeifí ag súil leis, féach nach bhfuil aon rian de ghuta fada ná de dhéfhoghar sa chéad siolla ná de -ú- fada sa dara siolla den logainm Gaeilge.

    De réir na fianaise mar a thagann anuas chugainn ní féidir an dá ainm a réiteach le chéile go sásúil. Ó réitíonn an chuid is mó de na foirmeacha le logainmneacha eile ina bhfuil an t-ainm pearsanta Aidín le fáil, m.sh. bf Baile Aidín (#10040), bf Garraí Aidín (#9489) i gCorcaigh, bf Bealach Aidín (#45845) i dTiobraid Árann, sin é an cáilitheoir a mholaimid anseo (féach freisin Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.nn. Ballyeden, Cloheden, Garryvadden (par. Castle Ellis)).

    Ainmneacha stairiúla:
    Is ionann an Church (in ruins) SO, Grave Yard SO anseo agus an logainm stairiúil 1518 ‘Kylmalahyn 40 acres’ Kildare Rental (cuid de ‘Clankeroll’), 1540c ‘Kylmalaghyn’ Crown Survey, 1575 ‘Killmalahine’ JKAS IV 399, 1617 ‘Kilemalaghine’ Inq. Lag. 6 Jac. I, 1629–44 ‘capella de Killmolahyne’ Dinnseanchas II 31 < Cill Mhaolaithín (?) “the church of Maolaithín (ainm pearsanta)” (mar a mholann Dowling in JKAS XIII 99). Cf. 1160c ‘m. Mael-aithgeain m. Beraich m. Baccain’ i nginealach mhuintir Laoighse laisteas (‘De Genealogia Loíchse Cúile & RétaCGH 127a34) agus féach samplaí eile de Maolaithín (< Maol Aithghin) i measc na Laighneach in Leabhar Mór na nGenealach.

    Áit bheag ab ea ‘Kilemalaghine’ idir bf Graigavern agus bf Ballyteigeduff (féach 1617 ‘a quarter plowland … between … Ballibrittas [a raibh bf Graigavern san áireamh san ionchoisne áirithe seo] and … Balliteighduff’ Inq. Lag. 6 Jac. I (sa leagan fada den ionchoise atá i gcló ag Fitzgerald in JKAS IV), is é sin le rá an chuid thiar thuaidh den bhaile fearainn mar a bhfuil fothracha an teampaill (mar a bhfuil Ballyadding Upper SO). Féach go bhfuil idir ‘Gaidonston alias Balliadine’ agus ‘Killmalahine’ le fáil in ionchoisne 1575 ach ní thugann Fitzgerald aon chomhthéacs (‘the Manor and Lordship of Lea contained the following townlands…’ JKAS IV 339).

    In ionchoisne 1617 ba chuid de ghabháltas Eoghain mhic Aodha Uí Dhíomasaigh é ‘Kilemalaghine, a quarter plowland’, ach é i seilbh Roger Palmer (leagan Fitzgerald); níos déanaí sa cháipéis chéanna déanann bean Iarla Chill Dara éileamh ar ‘Ballyodin al’ Boydonstowne’ (clóite), ‘Ballyadin al’ Boydonstowne’ (Fitzgerald) mar chuid de ghabháltas Mhainéar Lé. D’fhéadfadh sé gur nascadh ‘Kilemalaghine … quarter plowland’ le ‘Ballyadin’ nó gur slogadh isteach ann é; ar aon chuma d’úsáidtí an dara hainm sa chóras gallda feasta — féach 1655 ‘Ballyadings’ (cf. Ballyadding Upper, ~ Lower SO) ar léarscail an Down Survey agus léaráid de theampall sa chuid thiar de. Ní dóigh linn go bhfuil aon bhaint teangeolaíochta idir ‘[Kile]malaghine’ agus ‘[Bally]adin’ ach an oiread.

Centrepoint

53.1062, -7.11355latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1518
Gaydonsland
"Gaydonsland: Gaydonston 20 acres, Clonyn Call 20 acres, Pollagh Balnoy 20 acres, Orchardiston 20 acres."
Kildare Rent. Leathanach: 288
1518
Gaydonston 20 acres
Kildare Rent. Leathanach: 288
1540c
villata de Gaydonston 20 acre
Crown Surv.
1575
Gaidonston alias Balliadine
Ex. Inq. 192 Eliz. I (BÁC)
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
1575
Balliodin, alias Boydonston?
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
1617
Ballyodin al' Boydonstowne?
var. lec. 'Ballyadin' (Fitzgerald)
Inq. Lag. Leathanach: 6 J I
1655
Balliadings
DS
1659
Balleaden, Ballyfubbole &
féach Bellegrove SO
Cen. Leathanach: 503
1660c
Ballyadings
BSD (La) Leathanach: 118
1666
Ballyaddins or ing alias Ballyaden alias Eastfield
ASE Leathanach: 84
1685
Balliading
Hib. Del.
1695
Ballyadin
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
1695
Ballyading al' Ballyadin
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
1711
Ballyadding
CGn. Leathanach: 4.40.704
1805
Ballyadding
Cahill (La)
1838
Baile Adainn, 'Adding's town'
OD:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadding
OD:AL Leathanach: La041,4
1838
[Ballyadding]
"…the ruins of a church…"
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadding
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadding
HCons PR:AL  Leathanach: La041,4
1838
Ballyodin al' Boydonstowne
Inq. J I:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyading al' Ballyadin
Inq. G III:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadings
[Copy of DS 1758]
DS:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadding
BS:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyaddin
Johnston Map 1826:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadding
S&V:AL Leathanach: La041,4
1838
Ballyadden
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,4

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm