BROWSE
townland
Cluain Uamhnach
genitive: Chluain Uamhnach
(Irish)
Clonoonagh
(English)

Glossary

cluain, cluaine
English meadow, pasture

Hierarchy

county

barony

civil parish

Explanatory note

  • Gaeilge

    pasture of (the) cave, souterrain?

    Ní léir bunús an dara heilimint anseo. Ar an drochuair ní thagann aon fhianaise anuas chugainn atá níos sine ná aimsir na Suirbhéireachta Ordanáis.

    Cuireadh Cluain Damhna san áireamh, an leagan Gaeilge oifigiúil de bf Clonony Beg, More (UF 21, 22) (#41570, #41571) (cf. ‘Cluain Domhnaigh’, Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge). In Osraí bhí claonadh -amh(a)- a dhruidim le /uː/ (/ũː/) de bharr srónaíl an -mh- caillte. Mar shampla, faightear samhradh > /suːrə/ agus ‘Súra’ in idir thuaisceart agus dheisceart Chontae Chill Chainnigh (féach LASID II, Éigse XXVI, Labhrann Laighnigh) agus cf. an nóta ‘Lamh[r]-’ would be pronounced /luːr-/, or with /ũː/, locally’ (Breathnach, ‘Carraig Seac’ in Éigse I). Is minic a sheasann an litriú déanach Béarla -agh do ghuta neamhaiceanta deiridh (féach bf Ros na Bearna > Rossnabarnagh (#28756) sa pharóiste seo), agus tabhair faoi deara fuaimniú áitiúil an lae inniu, /klo̤ˈnuːnə/.

    É sin ráite, tá sé le tuiscint as an nóta 1838 ‘Cluinn oonagh, some -ght’ (pl:AL) gur consan (/x/ nó / xt/) a bhí i ndeireadh an logainm seo ó cheart, rud a thiocfadh salach ar damhna, nó a leithéid.

    Ní raibh an claonadh céanna sa chanúint /uː/ a dhéanamh de (-)abh(a)- (nach srónach é), e.g. gabhar /gəur/, leabhar /lʹəur/, tabhair /tɑuʒ/, thabharfadhThowrach’ (LASID II, Labhrann Laighnigh); ní dócha mar sin go bhfuil dealramh le moladh an Donnabhánaigh ‘Cluain abhnach’. (Cf. 2006 /greːgnəˈhoun/ faoi bf Gráig na hAbhann (#27974), 2006 /kuːləˈnoul/ faoi bf Cúil na nAbhall (#28819).) Dhealródh sé gur uamhnach, gin. < uaimh “cave, souterrain” (féach FGB), an focal Gaeilge is fearr a d’oirfeadh, cé nach bhfuil aon iarsmaí dá leithéid de struchtúr anseo (féach an Fardal Seandálaíochta, www.archaeology.ie). Cf. an mionainmn mng Baile na nUamhnach (Ga 92) (#1167230).

Centrepoint

52.9724, -7.67006latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1838
Clonoonagh
BS:AL Leathanach: La039,12
1838
Clonoonagh
Ely, R.:AL Leathanach: La039,12
1838
Cluain abhnach, 'lawn of the rivers or streams'
OD:AL Leathanach: La039,12
1838
Cluinn oonagh, some 'ght'
pl:AL Leathanach: La039,12
1838
Clonoonagh
OD:AL Leathanach: La039,12
2015
klo̤ˈnuːnə
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm