Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
stone (structure) of (the) eminent place
Tá mionphlé déanta ag Ó Maolfabhail ar an eilimint grianán i logainmneacha in Dinnseanchas VI 60–75.
Tá an chuid is mó den bhaile fearainn seo i gContae Cheatharlach laisteas (#3217) agus tá an chuid sin de atá i gContae Laoise roinnte idir dhá pharóiste. Baile fearainn mór é (c. 1300 acra) a shíneann siar ón Bhearú go dtí na cnoic.
Éamann an Chalaidh “Éamann of the ferry, landing place” ab ainm don Bhuitléarach (†1602) ar leis an caisleán anseo, atá suite ag mórphointe trasnaithe ar theorainn chontae. Féach 1596 ‘clann Edmuinn an Chala amuigh ar Iarla Urun’ i lámhscríbhinn de chuid Leabharlann na hAlban (ag Nic Dhonnchadha, Ossory, Laois & Leinster 2 35). (Tá réadú -aidh mar -a /ə/ inspéise anseo.) Tá cur síos le fáil san Fhardal Seandálaíochta ar an gcaisleán (www.archaeology.ie).
Ainmneacha stairiúla:
- Is anseo timpeall a bhí 1549 ‘Clonetoryn’, 1552 ‘Clonetoren’, 1561 ‘Clonatoran’, 1567 ‘Cluighe na Toren’ < Cloch na Teorann “the stone (structure) of the border” (féach gur cosúil gurb í foirm an tabharthaigh cloich a bhí sa chaint an uair úd; cf. na nótaí faoi bf Cloch Lathaí (#28774) i gClann Donncha agus bf An Cloichreán (#27966) i gClár Maí Locha). Ní léir an ainm déanach é seo ar chaisleán Chloch Ghrianáin féin nó an struchtúr eile atá i gceist (luaitear an dá logainm taobh le chéile).
- Tagann cúpla mionainm anuas chugainn a bhfuil aistriúcháin Bhéarla ón 16ú haois le fáil i gcur síos ar an gcuid seo de theorainn bar Uí Dhróna (#2) (Ce), mar atá 1572 ‘ford of Henrykeagh’, ‘ford of Blind Henry’ < Áth Hanraí Chaoich (cf. #28794, #28849, #28831) agus 1572 ‘Uskie-na-goare’, ‘water of Goates’ < Uisce na nGabhar (tá réadú -abha- mar -oa- /oː/ le tabhairt faoi deara anseo) (Calendar of the Patent and Close Rolls of Chancery in Ireland 550). An sruthán ar theorainn thuaidh an bhaile fearainn seo atá i gceist de réir dealraimh. (Féach na háiteanna seo a leanas i gContae Cheatharlach san fhoinse céanna: ‘the sallo of the White Horse called Silloge-en-eighe gill’ < Saileog an Eich Ghil; ‘the fastness of the Boar, or Dengan-na-killy’ < Daingean an Chollaigh; ‘Loughe Peast, or the Pool of Worms’ < Loch Piast; ‘the Ivy rath, called Rahynen ynan’ < Ráithín an Eidhneáin.) (Luaitear tuilleadh mionainmneacha, atá gan aithint againn, in Calendar of Ormond Deeds V 172.)
- Tá cuid eile den bhaile fearainn seo ar an taobh thoir de An Fhuiseog (#116594) i ndeisceart pharóiste Chill Uisean. Is anseo timpeall a bhí 1577 ‘Stradenefushoke’, 1621 ‘Stradnefushoge’, srl. < Sráid na Fuiseoige “the street, village of An Fhuiseog (abhainn)” (cf. Calendar of Ormond Deeds V 171–172).
Centrepoint
Historical references
1549 |
Cloenegrenan
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 51
|
1549 |
Cloegrenan
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 105
|
1549 |
Cloegrenan
lordship of Leyse
|
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 245, 246
|
1561 |
Cloughegrenan
|
F Leathanach: 6786
|
1577 |
Cloughegrenan
|
F Leathanach: 2970
|
1838 |
Clogrennan
|
Co. Treas. Warrant:AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Cloch a ghrianáin, 'stone house of the greenan, or solarium'
|
OD:AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Cloghgrenan
|
Rockfort, H.:AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Clogrenan
|
OD (corr.):AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Clogrenan
|
BS:AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Cloghgrenan
|
Stat. Surv.:AL Leathanach: La035,32
|
1838 |
Cloghrenan
|
Stat. Surv.:AL Leathanach: La035,32
|
2006 |
kloˈgrenin
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28869.aspxFolklore
The National Folklore Collection (dúchas.ie) contains material related to this place:
Open data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML