BRABHSÁIL
droichead
Droichead na Leathchúile
ginideach: Dhroichead na Leathchúile
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Lahoole Bridge
(Béarla)

Gluais

Béarla bridge
leath, leith
Béarla half, side

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the bridge of An Leathchúil?
    An Leathchúil “the half-corner, -nook” — logainm

    Deir Lewis an méid seo a leanas in Top. Dict. II (1838), s.n. Kilmanman or Clonaslee:

    [Manman] also built the monastery of Lanchoil, or Lahoil, and called it Corrigeen, or the “hermitage of the rocks.” It is about two miles west from Kilmanman church, and near it is a barrow, called “the giant’s grave”.

    Tá sé seo bunaithe ar an eolas in Par. Stat. III 319 (1819), nach léir a údarás. Féach a bhfuil ag Lewis níos déanaí san imleabhar céanna s.n. Queen’s County: ‘the sites of Cluainchaoin, Cluainimurchir, Disert Fularthaigh, Disert Odrain, Kilfoelain, and Leamchuil or Lahoil, are wholly unknown’.

    Tá an mionainm seo Lahoole [Bridge] SO, atá taobh leis an teampall beag le An Carraigín (#107009), measctha suas aige leis an láthair eaglasta stairiúil dar litriú Meán-Ghaeilge ‘Lemchaill’, m.sh. c. 800AD ‘Finntan … i Lemchaill i tír ua Duach & LaigisFOeng. 76 (1640 ‘fuit Ecclesia de Leamchuill in Lagenia in confinibus regionum Laigisia & Hui duach sita’ ASH I 385 an tiontú atá ag Mac Colgáin air seo). Ach seo é bf Leamhchoill (#26112) i dtuaisceart Chontae Chill Chainnigh, i dteorainn le Contae Laoise sa lá atá inniu ann. Níl aon eolas breise ag Comerford; níl aige ach tagairt do Lewis: ‘Lewis, Top. Dict., states that St. Manman founded here the Monastery of Lanchoil or Lahoil. An adjoining townland still bears the name of Lahool’ ( Collections … Kildare and Leighlin II 116).

    Pé ar domhan de, ní bheifí ag súil le 1824 ‘Lahoole’ TAB, 1835 ‘Lahoole’ pl:AL, 1997 /laˈhuːl/ mar réadú ar leamhchoill “elm-wood”. Moladh * An Leathshúil mar réiteach ar an bhfianaise ghann sin i 1993 (féach taifead scanaithe) agus sa tuiscint, de réir dealraimh, gur bhain an t-ainm leis an droichead go sonrach. Féach go mbuailtear le súileach “having eyes” in ainmneacha aibhnte is sruthán, agus an chiall “bubbly” leis is dócha — féach an nóta faoi bf Cill Átha na Súileach (#6537) i gContae an Chláir (cf. FGB súileog; súilín).

    Ach ní gá go mbaineann an mionainm Lahoole leis an abhainn in aon chor. Píosa cuibheasach maith de bhaile fearainn bf Garryhedder (#28376) an lae inniu atá i gceist le 1824 ‘Lahoole’ i Leabhar na nDeachúna .i. an chuid sin de atá taobh thoir theas den droichead (is féidir na sloinnte faoin dá fho-roinn ‘Coolagh’ agus ‘Lahoole’ i Leabhar na nDeachúna a chur i gcomparáid le dáileadh na sloinnte faoi Garryhedder in Griffith’s Valuation chun an suíomh a bheachtú). In ainneoin a fhlúirse is atá na tagairtí stairiúla, ní luaitear bf Garryhedder i Leabhar na nDeachúna in aon chor.

    Bheadh dealramh leis na foirmeacha Béarla agus leis an bhfoghrú áitiúil mar leagan déanach béarlaithe de * An Leathchúl “the half-back (of a hill)” nó * An Leathchúil “the half-corner, -nook; the uneven nook?” (cf. bf Cúlach lastuaidh). Ach cé go bhfuil dealramh leis an gcomhfhocal sin agus go bhféadfaí a áiteamh go mbeadh a leithéid d’ainm oiriúnach do shuíomh na háite seo, ar leirg mhaol cnoic, ní heol dúinn aon sampla eile de leath + cúl ná de leath + cúil i logainmneacha (cf. FGB leathchúl “one side of back”, Ó Duinní leath-chúl “the half of the back along its length … the half back of the head”). Is annamh a laghdaíonn -(th)ch- /-x-/ láir na Gaeilge go /h/ sa Bhéarla ach oiread.

Lárphointe

53.1403, -7.61916domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1824
Lahoole
TAB
1997
laˈhuːl
Áit. Uimhir : C894b2, C894B3

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm