BRABHSÁIL
ionad daonra
An Naigín
ginideach: an Naigín
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Sallynoggin
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Sráidbhaile is ea Sallynoggin/An Naigín i bparóiste dlí Bhaile na Manach, barúntacht Ráth an Dúin. Ní sine na tagairtí don áit ná cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis a cuireadh i dtoll a chéile timpeall na bliana 1837. Ar an léarscáil a rinne John Rocque cuir i gcás roimhe sin de Co. Bhaile Átha Cliath agus a foilsíodh timpeall 1762, níl aon logainm ná aon fhoirgneamh táispeánta san áit inar tógadh Sallynoggin ina dhiaidh sin.

    'Glenagary' atá ag freagairt don áit ar léarscáil William Duncan, County of Dublin, a foilsíodh sa bhliain 1821. Tá 'Glenagary' eile curtha síos ar an mapa céanna, timpeall leathmhíle soir ó thuaidh agus is ionann é agus baile fearainn Glenagarey/Gleann na gCaorach an lae inniu.

    Taispeánadh sraith tithe ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis, bliain 1837, ar a dtugtar 'Glenagarey or Sallynoggins'. Is é an t-eolas a scríobhadh faoin log úd in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis (a réitíodh ar mhaithe leis an mapa) ná, 'The Sally Noggins ... a row of poor looking houses on the west of the road leading from Cabbinteely to Kingstown'. Tá tagairtí eile don áit in Thom's Directory, ar déanaí iad ná mapa na Suirbhéireachta Ordanais, leithéid 'Sallynoggin (Glenageary)', bliain 1851, ina bhfuil cur síos mar a leanas ar an tsráid, 'forty small cabins'.

    Bhí an t-eolas sin ar fad ag an gCoimisiún Logainmneacha nuair a shocraíodar ar an ainm Gaeilge oifigiúil, An Naigín, thiar i seascaidí na haoise seo caite. Ní rabhadar dall ar Na Saile-Chnocáin ach oiread, an “bunainm” Gaeilge a measadh a bheith ar an áit roimhe sin.

    Chomh fada lenár dtuairim, ba é Risteárd Ó Foghludha, 'Fiachra Éilgeach', a thug aitheantas ar dtús do Na Saile-Chnocáin (murab é a chum!) ina leabhar Logainmneacha .i. Dictionary of Irish placenames a foilsíodh sa bhliain 1935.

    Is cosúil nach bhfuil san fhoirm Ghaeilge sin ach buille faoi thuairim, gan aon bhunús stairiúil léi. Ní heol dúinne logainm ar bith a thaispeánfadh gur dhein 'noggins' de cnocáin na Gaeilge.

    Tá comhréir na foirme réamhráite an-ait chomh maith. Da mba rud é gur cnocáin a raibh crainn saileacha ag fás orthu a bhí ina aigne ag Fiachra Éilgeach, ba dhóigh linn gur Na Cnocáin Saileacha nó a leithéid, a bheadh ann. Is comhfhocail seanda iad na logainmneacha ina bhfaightear cineál áirithe crainn roimh ainmfhocal aicmeach, ar nós DairmagDarú (‘oak-plain’). Ní mór cur suas do Sailchnocáin, comhfhocal mar sin, toisc gur léir nach ainm aosta é ar aon chor.

    Leagan Gaeilge eile fós de Sallynoggin atá le feiceáil ar chomharthaí bóthair ná Sail an Chnocáin. Tuigtear gurb é 'the hillock of the willow' an bhrí atá leis. Ní thiocfadh logainm den saghas sin le comhréir na Gaeilge ach oiread. Go deimhin, an té a scrúdódh foirmeacha Gaeilge na mbailte fearainn agus na logainmneacha traidisiúnta eile ar an suíomh logainm.ie ina gcáilíonn cineál áirthe crainn cnoc no cnocán, thabharfadh sé faoi deara nach bhfuil oiread is sampla amháin ansin de fhrása ainm le crann sa suíomh tosaigh. D'fhonn é sin a léiriú, seo cúpla sampla den iliomad atá ar an suiomh seo, Cnocán an Choill, Cnocán an Chuilinn, Cnoc an Iúir, Cnoc an Leamháin, Cnoc Fearna, Cnoc na Saileach.

    Is é is dóichí gur logainm Béarla atá ann. Bailíodh samplaí i mBéarla na hÉireann den fhocal nagginnoggin sa chiall árthach adhmaid. Ní léir bunús an fhocail de réir na bhfoclóirithe.

    Brí eile atá le noggin san English Dialect Dictionary ná, ‘the clay and sticks, or bricks used to fill the interstices of half-timbered houses…’. Seans gurb sin é an chiall atá le ‘sallynoggins’, gurb amhlaidh a úsáideach saileacha nuair a bhí na tithe á dtógaint ann. Dhein naigín de naggin/noggin i nGaeilge pé ar domhan é agus chinn an Coimisiún Logainmneacha ar an leagan Gaeilge sin a thabhairt ar Sallynoggin.

    Tá bréagshanasaíocht taobh thiar de *Na Saile-Chnocáin a chuireann i gcéill gur logainm Gaeilge é ó bhunús. Ón mbréagshanasaíocht a d’eascair ainmneacha Gaeilge eile chomh maith a tháinig chun cinn le flosc na hathbheochana, ar nós *Sonnach Gó nó *Sáinn-le-gó ar Sandycove i gCo. Bhaile Átha Cliath.

  • English

    Sallynoggin/An Naigín is a village in the civil parish of Monkstown and barony of Rathdown. The Ordnance Survey documents compiled around 1837 provide us with the oldest references to the placename. Prior to that, on John Rocque’s map of County Dublin, for instance, which was published about 1762, there isn’t any placename or building in the area where Sallynoggin subsequently developed.

    'Glenagary' corresponds to the location of Sallynoggin on William Duncan’s map of County of Dublin, published in 1821. There is another 'Glenagary' depicted on the same map, around half a mile to the north-east, which corresponds to the modern townland of Glenagarey/Gleann na gCaorach.

    There is a row of houses marked on the Ordnance Survey map of 1837 called 'Glenagarey or Sallynoggins'. The information pertaining to that particular place in the Ordnance Survey Namebook, which was compiled in conjunction with the OS map, is as follows: 'The Sally Noggins ... a row of poor looking houses on the west of the road leading from Cabbinteely to Kingstown'. There are other, more recent, historical references to the place in various editions of Thom's Directory, such as 'Sallynoggin (Glenageary)' (1851), which also describes the place as consisting of 'forty small cabins'.

    The Placenames Commission had all of the aforementioned information at its disposal in the 1960s, when it decided on the official Irish name, An Naigín. They were also aware of Na Saile-Chnocáin, the supposedly “original” Irish name of Sallynoggin.

    To the best of our knowledge, Risteárd Ó Foghludha (or 'Fiachra Éilgeach') first gave recognition to the Irish name Na Saile-Chnocáin – in fact he may have been responsible for coining the name! – in his book Logainmneacha .i. Dictionary of Irish placenames which was published in 1935.

    Apparently the afore-mentioned Irish form is merely guesswork, without any historical basis. We do not know of any other placename which shows the substitution of the Irish word cnocáin by ‘noggins’.

    The syntax of that particular form is also very unusual. If Fiachra Éilgeach had hillocks in mind on which willow trees grew, one would expect to find Na Cnocáin Saileacha or such like in Irish. Placenames which are formed from a type of tree preceding a generic noun, like DairmagDarú (‘oak-plain’), are old compounds. One can therefore reject the validity of a supposed compound such as Sailchnocáin, as the name in question is clearly not of any great antiquity.

    Sail an Chnocáin is yet another Irish version of Sallynoggin that is used on road signs. It is understood to mean, 'the hillock of the willow'. This type of structure is also in disagreement with Irish syntax. When one looks at the Irish names of townlands and of other traditional placenames on the web-site logainm.ie, in which a type of tree qualifies cnoc, 'hill', or cnocán, 'hillock', it becomes clear that there aren't any examples of a name phrase which have a tree-name in initial position. The following are typical examples of various types of trees in placenames taken from the web-site, Cnocán an Choill ('hazel'), Cnocán an Chuilinn ('holly'), Cnoc an Iúir ('yew'), Cnoc an Leamháin ('elm'), Cnoc Fearna ('alder'), Cnoc na Saileach ('willow').

    More than likely this is a placename of English origin. Examples of the word naggin or noggin were collected in Hiberno-English, meaning ‘a wooden vessel’. The origin of the word is unclear to lexicographers.

    The following meaning of the word noggin also appears in the English Dialect Dictionary, ‘the clay and sticks, or bricks used to fill the interstices of half-timbered houses…’. This is a more likely explanation of ‘sallynoggins’; in other words sally-rods may have been used in the construction of the houses.

    The word naggin/noggin became naigín in Modern Irish and the Placenames Commission decided to accept that as the Irish name of Sallynoggin.

    *Na Saile-Chnocáin is based on a false etymology which gives the impression that the placename Sallynoggin is of Irish origin. Other Irish names, that have since been rejected, were also based on false etymologies which arose from the eagerness of the language revival, such as *Sonnach Gó or *Sáinn-le-gó for Sandycove in Co. Dublin.

Lárphointe

53.2698, -6.14115domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm