BRABHSÁIL
Log an Churraigh
ginideach: Log an Churraigh
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Luggacurren
(Béarla)

Gluais

Béarla marsh
log, lag
Béarla hollow

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the hollow of An Currach?
    An Currach “the wet land” — logainm
    ach rectius Log an Churraoin “the hollow of the —”

    Socraíodh Log an Churraigh mar ainm postoifige i 1969 (Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist) agus tugadh stádas oifigiúil dó i 1973. Bhí an fhoirm sin bunaithe go mórmhór ar aon tagairt amháin, 1612 ‘Corragh al’ Loggechurry’ (Inq. Lag. 2 Jac. I) (ní raibh an tagairt ó 1643 ar eolas ag an am). De réir dealraimh thagraíodh logainm eile An Currach “the wet land” don talamh anseo timpeall gur ghlac ‘Logg currin’, et var., a ionad ó lár an 17ú haois amach.

    Ach taobh amuigh den fhoirm seo ó 1612 tá -n deiridh le fáil tríd síos san fhianaise, idir na foirmeacha béarlaithe agus an fhoirm Ghaeilge 1838 ‘Lag a curraoin “hollow of the little moor”’ ag Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838), a rugadh san Fhailligh Bheag laisteas. Ba é ‘Logacurren’ in -n an litriú béarlaithe ag a athair siúd Gearóid Ó Broin (1716–1780) (Hardiman’s Irish Minstrelsy 189). Réiteodh foirm Ghaeilge an Bhranaigh leis an bhfuaimniú béarlaithe áitiúil i 1838 ‘Luggacurreen’ pl:AL (ar dócha nach é féin a sholáthair é) agus le fuaimniú amháin a breacadh síos c. 1960 /ˌlɔgəˈkoˌrin/ (féach 1838 ‘-een’ agus an bhéim thánaisteach ar 1960 /ˌrin/).

    Más ea ní cinnte brí an cháilitheora seo in -n. Tá dealramh leis an tuiscint áitiúil gurbh fhoirm dhíspeagtha é de currach “wet land” (cf. b’fhéidir bf Lios Churraoin (#1410396), ainm fo-bhaile i dTiobraid Árann lámh le bf Na Curraithe Glasa (#46012) .i. iolra < currach). Díol spéise go bhfuarthas mionainm áitiúil anseo c. 1960 /ðə ˈkoɾoxs/ (‘The Curraghs’). D’fhéadfaí coirrín, foirm dhíspeagtha é de corr, a bhfuil bríonna éagsúla leis, a chur san áireamh freisin agus tá samplaí den mhír aonair curraoin i logainmneacha Dhún na nGall (< corr?).

    Ach ní thagann aon fhoirm stairiúil le foirm Ghaeilge Daniel O’Byrne 1851 ‘Lugacurren … (Log-an-chorain), the Hollow of the Hook’ [*Log an Chorráin] sa chur síos aige ar The Dun of Luggacurren SO anseo (Trans. Kilk. Arch. Soc. I 298). Tabhair faoi deara an -n deiridh arís mar sin féin.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Ní léir cérbh é an Phelim a thug ainm do Phelim’s Cross Roads SO in airde ar imeall theas an bhaile fearainn. Féach gur de shliocht Fhéilim mhic Fhiacha iad na Branaigh thuasluaite a chuir fúthu anseo sa 17ú haois.

Lárphointe

52.9486, -7.12215domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1838
Luggacurren
GJP:AL Leathanach: La065,12
1838
Lugacurrin
HCSV:AL Leathanach: La065,12
1838
Luggacurren
BS:AL Leathanach: La065,12
1838
Luggacurren
OC (corr.):AL Leathanach: La065,12
1838
Lag a curraoin, 'hollow of the little moor'
Byrne, L. :AL Leathanach (AL): La065,12
1838
Luggacurreen
[Lord Landsdown]
pl:AL Leathanach: La065,12
1838
Luggacurren
Griffith Map:AL Leathanach: La065,12

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm