cnoc nó cnoic
Carraig Fhinn
ginideach: Charraig Fhinn
(Gaeilge)
Killone Hill
(Béarla)

Gluais

Béarla rock

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the rock of Fionn
    Fionn — ainm pearsanta

    Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin a sholáthair an cnocainm seo sa bhliain 1837 (LSO Uíbh Fhailí I 56–63) (féach cn Carraig Oisín (#1417883)). Tá béarlú -nn caol na Gaeilge mar -ng (1805) le tabhairt faoi deara.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Ar bharra an chnoic seo atá an uaimh Poulasthore Cave SO < Poll an Stóir “the hole of the treasure” (leagan Gaeilge a fuair Ó Donnabháin ón mBranach, LSO Uíbh Fhailí loc. cit.). Tá cur síos suntasach ar a raibh le feiscint thíos ann istigh sa bhliain 1794 in Anthologia Hibernica III 3. Nuair a thug O’Hanlon cuairt air sa bhliain 1872 ba é ‘Poul-is-toul’ an t-ainm a bhí air go háitiúil, agus -l déanta den -r deiridh trí chomhshamhlú (‘Antiquities of Killenny and Kilteale’ PRIA iml. I sr. II). Leid atá sa chomhshamhlú seo -l-r > -l-l nach r-caol Osraíoch /ʒ/ a bhí sa chanúint anseo murab ionann is áiteanna eile in iardheisceart an chontae (m.sh. par Achadh Bhó (#1412)) — ní hionann ionad ná modh fuaimnithe do /ʒ/ agus do /l/, /r/. (Cf. rian den fhoghar sin i mionainmneacha béarlaithe ar nós An Altóir > ‘the altóis’ i gCill Chainnigh (bf #26613) agus i roinnt eile in Kilkenny: A History of the County.)

    Is ait nach raibh aon chur amach ag O’Hanlon ar ainmneacha Gaeilge na gcnoc seo, ná ar leagan an Bhranaigh Poll an Stóir, in ainneoin go mbíodh sé ag plé logainmneacha na háite seo leis an Donnabhánach de réir a chuntais féin (‘Antiquities of Killenny and Kilteale’ PRIA iml. I sr. II 145, 146; féach an nóta faoi cn Carraig Oisín (#1417883)).

    Síneann leirg amach as Carraig Fhinn ó dheas ar cosúil gurbh ainm dó 1608 ‘Knockanemore’ < An Cnocán Mór “the big hillock”. (Cf. samplaí eile de cnocán mar ainm ar leirg faoi #28491, #28495.)

    Féach bf Cill Mhuire (#28511).

Tagairtí stairiúla

1608
Carrigeahae
sic
CPR Leathanach: 113
1805
Carriging
Cahill (La)
1836
Carraig-Fhinn, now Killowen Hill
"It contains a cave called Poll a Stóir, i.e., Treasure or Store Hole"
LSO (UF) Leathanach: i, 56–63

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm