cnoc nó cnoic
Crois Uí Dhuibh
ginideach: Chrois Uí Dhuibh
(Gaeilge)
Croshy Duff
ainm stairiúil (Cad é seo?)
(Béarla)

Gluais

Ó, Uí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the cross of Ó Duibh?

    Cnoc oireachtais Uí Mhóra, más fíor (féach FitzPatrick, Royal Inauguration in Gaelic Ireland 215–216), agus marc teorann seandúichí (idir ‘Feranoprior’ < Fearann an Phrióra, ‘F[e]rano[l]avler’ < Fearann Ó Leathlobhair agus iardheisceart ‘Tovmologan’ < Tuath Mhaolagáin ar léarscáil 1563c).

    Tagann dornán foirmeacha stairiúla anuas chugainn, a bhfuil na tagairtí is soiléire trédhearcaí díobh le fáil in ‘A Treatice of Ireland’ (1599) sa chur síos ar ghluaiseacht na Sasanach roimh Chath Bhearna na gCleití (#27896): ‘a very highe hill called Croshy Duff, the general Ratehill of the province of Leinster’ agus arís ‘Croshi duff’. Féach leis 1962 ‘Croshy Duff … the name of this historic hill is now forgotten outside a few miles’ (Mac Cába, Historical Notes on Laois 76), a thugann le fios, b’fhéidir, gur mhair an t-ainm sa chruth sin go háitiúil freisin.

    Tá sampla eile againn sa chontae seo de cro(i)s “cross” ar chnoc mór coigríche, mar atá bf An Chrois Ard (#28206) idir barúntacht Shliabh Mairge agus barúntacht Bhaile Adaim, 12km slí soir ó dheas uaidh seo.

    D’fhéadfadh sé gur dubh “black” atá sa cháilitheoir. Ach féach go bhfuil an fhianaise go láidir ar son ghuta i ndiaidh an aicmitheora. B’fhéidir mar sin gur Crois Uí Dhuibh “the cross of Ó Duibh (sloinne)” atá ann, go háirithe ó luaitear an sloinne sin leis an gceantar seo sa dinnseanchas déanach (féach 1400c ‘Ó Duibh for Cheinél cCriomhthuinn’ ag Ó hUidhrín faoi bf Carraig na Páirce Dún Másc (#28296)). Cf. an sloinne sa mhionainm Duff’s Cross ar chrosaire ag bun an chnoic seo sa bhaile fearainn teorantach bf Cill Cholmáin Bháin lastoir, Historical Notes on Laois 73.

    Cf. logainmneacha dar céad eilimint cros, crosa in Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge. Féach leis an tagairt spéisiúil 1608 ‘a cross-cut in the earth, called Crosseretagh’ CPR 113a ~ Site of R.C. Chapel SO 6ʺ os cionn bf Loch an Cheo (#28493) in airde. Cf. leis bf Baile Uí Dhuibh (#28512).

Tagairtí stairiúla

1563c
croche dougā
'Crocloghra m.' ar chóip TCD
Cotton Map
1569
Crossidiche
F
1599
Croshy Duff
Treatise of Ire.
1599
Croshi duff
Treatise of Ire.
1607
Crossidughe
CPR

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm