Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

cnoc nó cnoic

cnoc nó cnoic
Antonian
ginideach: Antonian
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Antonian
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is deacair aon bhrí a fháscadh as an ainm aisteach seo. Tagraíonn sé, de réir dealraimh, don bheann (350m) ar cheann thoir Dhroim na Ceapaí Airde (féach (#28342)). Féach 1823 ‘Annefield Mount, Antonian Do., Coolenagrena Do.’ faoi ‘Capard’ in TAB. Tuairimíonn Ó Donnabháin gur béarlú é ar An Tóinín. Tá cuma réasúnta air seo ar an gcéad fhéachaint: tagann tóin i gceist i ndornán cnocainmneacha, m.sh. sl Tóin Dubh (#113197), ainm sléibhe os cionn Ghleann Crí i gCill Mhantáin, agus ba bheag a bheadh idir fuaimniú Béarla Antonian * /anˈtoːniən/ agus fuaimniú Gaeilge An Tóinín * /ənˈtoːnʹiːnʹ/. Níl aon sampla eile againn den fhoirm dhíspeagtha seo tóinín, áfach. Dob fhéidir An Tóin Fhionn “the white bottomland” a chur san áireamh freisin.

    Ach ní heol dúinn aon sampla eile de Ant- mar bhéarlú ar an t- i dtús logainm Gaeilge (ní hionann is cásanna eile ina ndéantar t-n-tosaigh den alt roimh guta nó fh-, ar nós 1609 ‘trougher’ < An tUrchar (#3655), 1652 ‘the Nure’ < An Fheoir (#67254), srl.). Ba dheacair freisin an fhoirm seo a leanas a breacadh ó mhuintir na háite aimsir na Súirbhéireachta a mhíniú, má tá sé cruinn .i. 1837 ‘Aintonians’ pl:AL.

    Ní furasta a bhunús a dhéanamh amach más logainm Béarla atá ann ach oiread. Fágtar an t-ainm seo gan aistriú.

Tagairtí stairiúla

1823
Antonian [Mountain]
Faoi Capard: Annefield Mount, Antonian Do., Coolenagrena Do.
TAB
1837
Aintonians
pl:AL
1837
an tóinín, the little bottom
OD:AL
1837
Part of the Townland of Capard
Situation:AL
1837
Is mountain & moor land
Desc. Rem.:AL
1837
Antonian
'Map'
AL Leathanach: 38
1997
Níor aithin na cainteoirí ar T895a1 ná 2 'Antonian'.
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm