Ordlathas
contae
barúntacht
ainm stairiúil, dúiche
Nóta mínithe
- Gaeilge
I dtaca le Macamore / The Macamores, is é sin an ceantar ina bhfuil an chuid is mó de bharúntacht Bhealach Caoin Thuaidh – bhí sé i seilbh craobh de bhunadh Mhic Mhurchú dar teideal Mac Dáibhí Mhóir go dtí gur díshealbhaíodh iad sa 17ú aois, agus is uaidh sin an leagan Béarla Macamore. Tá sé fianaithe sna ginealaigh, m.s. ‘Dearbhrathair do Dhiarmuid na nGall Murchad na nGaoidhiol, o ttá Mac Dáibhidh Mór’ (LGen. 1242.3). Tagann an leagan seo atá molta sa Ghaeilge, .i. Fearann Mhic Dháibhí Mhóir, lenár bpolasaí i leith ainmneacha nach bhfuil iontu ach ainmneacha pearsanta / sloinnte, 7rl., .i. Fearann nó a leithéid a chur leis. Gidh nach mbíonn Macamore le cloisteáil go minic anois, tá aithne ag daoine fós ar an cheantar sin, agus baintear úsáid as 'Macamore' mar ainm ar chineál faoi leith cré fosta (féach http://gis.teagasc.ie/soils/soilguide.php). (CÓC).
- English
Macamore or the Macamores consists of most of the barony of Ballaghkeen North - it was in the possession of a branch of the Mac Murchú who held the title Mac Dáibhí Mhóir until their dispossession in the 17th century, and Macamore is from this. The Irish form of the name is attested in Irish genealogies. The Irish form of the name, Fearann Mhic Dháibhí Mhóir, agrees with the policy regarding place-names that only contain a personal name or surname, etc., i.e. Fearann or similar is added. Although Macamore/Macamores is not often heard these days, it is still known in the area, and the term Macamore is also used to describe a particular type of soil (see http://gis.teagasc.ie/soils/soilguide.php). (CÓC)
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1419999.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML