BRABHSÁIL
Baile Adaim
ginideach: Bhaile Adaim
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Ballyadams
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of Adam
    Adam — ainm pearsanta (< Adam na nAngla-Normannach)

    Is ann do mhalairt de ghaelú ar Adam ina bhfuil an dara siolla fada .i. Adám, ainm atá le fáil i logainmneacha eile sa deisceart — féach bf Baile Mhic Adáim (#24453) i gCiarraí, bbf Baile Adáim (#50408; #50478; #50367) i bPort Láirge. Ach ní dócha gur fianaise ar an bhfoirm sin atá sna tagairtí eisceachtúla 1557 ‘Bally Adame’, 1578 ‘Ballyadame’ anseo (leg. -ms?). Leaganacha gaelaithe iad Adam agus Adám araon den ainm pearsanta a thug na hAngla-Normannaigh isteach, agus ní hionann is Ádhamh ar gaelú luath é ar an ainm bíobalta. (Cf. Seán (< Seaghán) < Jehan na nAngla-Normannach, nach ionann is Eoin < Iohannes an Bhíobla.) Ní léir cén t-údarás atá ag O’Byrne nuair a deir go bhfuair Ballyadams ainm ó ‘Adam O’More’ a thóg caisleán anseo le linn Anraí VII a bheith i réimeas i Sasana (1485–1509) (Hist. Queen’s Co. (1856) 74). Tá cur síos ar an gcaisleán san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) agus in Laois: History & Society 401–2; cf. Fitzgerald in Journal of Kildare Archaeological and Historical Society VII.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Tá seanreilig an pharóiste seo suite in iardheisceart bf Móin na Scríobán (#28125) .i. Kilmaleed Grave Yard (Disused) SO. Foirmeacha stairiúla is ea 1302–6 ‘Kylmolydde’, 1302 ‘Kilmohede’, 1305 ‘Kylmehede’, 1346 ‘[Castrum de] Kylmehyde’, 1540 ‘Kylmohyd’, 1549 ‘Kilmokide’, 1551 ‘Kilmokidde’, 1578 ‘Kylmohide’, 1607 ‘Kilmohid’, 1607 ‘Kilmokydie’, ‘Kilmakedyn’, 1613 ‘Kilmohede’, 1619 ‘Kilmokydy’, ‘Kilmokidy’, 1622 ‘Killmohoide’, ‘Killmoheide’, 1637 ‘Killmohyde’, ‘Killmahide’, 1646 ‘Killonshide al’ Killinohide’. Is cosúil go bhfuil an tagairt is luaithe ‘-molydde’ agus leagan an mhapa -maleed araon truaillithe. Tugann na foirmeacha béarlaithe eile cill “church” + */məˈkiːdə/ nó /məˈhiːdə/ le fios. Tá cuma ainm cheana air sin ach níl a leithéid de naomh le fáil sna ginealaigh. Féach go raibh baint ag Íde (ónar ainmníodh par Cill Íde (#1568) agus par Cill Míde (#1564) i gCo. Luimnigh) le Comhán Chill Uisean (#1443), 15km ó dheas uaidh seo (cf. Dictionary of Irish Saints 376).

Lárphointe

52.9769, -7.06531domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm