BRABHSÁIL
paróiste dlíparóiste dlí
Adhairc
ginideach: Adhairce
(Gaeilge)
Erke
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    horn?

    Tá cuid den pharóiste seo i gContae Chill Chainnigh. Luaitear an áit seo i rann beag ó thús an 18ú haois:

    Baile Phráis na mbrataibh síoda
    Is Radharc Mhic Códa a’ góbhail na gaoithe

    [na mbrataibh: ginideach iolra is dócha; a’ góbhail .i. ag gabháil] (féach Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis CC I, 113)

    B’fhéidir go ndearna muintir na háite atuiscint ar Adhairc mar Radharc (Mhic Códa) “(Mac Códa’s) view” (féach an leagan Gaeilge áitiúil 1838 ‘radharc mhá códa’ i gCill Chainnigh; cf. 1838 ‘Ráith teanach’ < Attanagh (CC, La) (#1416)), ach má rinne ní mhaireann aon rian den r- seo sna foirmeacha Béarla. Féach, áfach, go bhfuil an cáilitheoir céanna san ainm Gaeilge úd le sonrú in 1508 ‘Urke McOde’. (Cf. par Scadharc (#1458).)

    Ní hionann an t-ainm seo agus an logainm stairiúil Adharca in Uí Fhailghe (féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge). Is é bf Baile an Phráis (La 34) (#28097) an logainm eile sa líne filíochta thuas.

Lárphointe

52.7842, -7.59291domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1469
Heyrke
CPL
1508
Urke McOde
COD Imleabhar: iii, 333
1516
Erik
Kildare Rent. Leathanach: 240
1518
Eyrke
Kildare Rent. Leathanach: 233
1540
Herk
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 99
1540
Aghtearte
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 186
1569
Eyrke, vicar of
F Leathanach: 1271
1601
Aghtert alias Beghert alias Eirke
F Leathanach: 6493
1621
Beghert al' Eirke, Aghtert alias
Inq. Lag. Leathanach: 19 J I
1621
Eirke
Inq. Lag. Leathanach: 19 J I
1621
Aghtert al' Beghert al' Eirke
Inq. Lag. Leathanach: 19 J I
1660c
Eirke, Part of the Parish of
BSD (La) Leathanach: 138
1685
Eirk (Parish)
Hib. Del.
1685
Eirk
Hib. Del.
1837
Eirke
Top. Dict. Imleabhar: I, Leathanach: 596, 597

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm