crosbhóthar, fo-bhaile
Crois Sheffield
ginideach: Chrois Sheffield
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Sheffield Cross
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is féidir muintir Sheffield a rianú siar sa cheantar seo go dtí an 17ú haois, nuair a bronnadh 142 acra (plandála) ar dhuine díobh i gCeapach Amhlaidh — talamh a coigistíodh ó Thomas Daniell ó Thigh Mochua. Phós an Sheffield a thug faoi san áit seo iníon de mhuintir Cassan, clann Úgónach a bhfuil roinnt leac le feiscint i seanreilig Chill Cholmáin Bháin (.i. an reilig ar a dtugtar Kyle go háitiúil). De réir dealraimh thugtaí Cassans' Cross ar an gcrosaire anseo tráth, chomh maith le Cappoley Cross. (Féach Book of Survey and Distribution (*c.*1660), par. Kilcolmanbane; Taylor & Skinner's Maps (1777) 110; O'Hanlon, History of the Queen's County II (1907) 771; Mac Cába, Historical Notes on Laois (1963) 133; Laois Burial Grounds Survey (2011) 122.)

    De shliocht seo Cheapach Amhlaidh ab ea an t-aisteoir Meiriceánach Johnny Sheffield (1931–2010) — Sheffield Cassan a shloinne ina iomláine.

    Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge. Féach freisin Coill Sheffield/Sheffield Wood (#107032).

  • English

    The surname Sheffield became associated with this area in the 17th century, when an individual of that name received 142 (plantation) acres in the townland of Cappoley — land which had been confiscated from Thomas Daniell of Timahoe. The Sheffield who settled here married one of the Cassans, a Huguenot family whose gravestones can be found in Kilcolmanbane Cemetery (locally called Kyle). The crossroads was also formerly known as Cassans' Cross, as well as Cappoley Cross. (See Book of Survey and Distribution (*c.*1660), par. Kilcolmanbane; Taylor & Skinner's Maps (1777) 110; O'Hanlon, History of the Queen's County II (1907) 771; Mac Cába, Historical Notes on Laois (1963) 133; Laois Burial Grounds Survey (2011) 122.)

    The American actor Johnny Sheffield (1931–2010), born John Sheffield Cassan, was descended from this Cappoley family.

    The Irish form is a translation. See also Coill Sheffield/Sheffield Wood (#107032).

Tagairtí stairiúla

c.1660
[Cappoley]
Thomas Daniell > Sheffield
BSD (La)
1777
Sheffield [House] — Cassan Esq.
T&S Leathanach: 110
1838
[Sheffield Ho.]
SO 6"
c1913
Sheffield Cross Roads
SO 25"
c1913
[Sheffield Demesne]
SO 25"
2020
ˈʃefiːlˈkrɑˑs
comhbhéim (in pausa)
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm