BRABHSÁIL
paróiste dlíbaile fearainn
Cill Fhinnigh
ginideach: Chill Fhinnigh
(Gaeilge)
Killenny
(Béarla)

Gluais

Béarla church

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the church of Finneach?
    Finneach — ainm naoimh

    Níl cinnte bunús an cháilitheora.

    Tá leagan ginideach den logainm seo calctha in ainm an tsrutháin 1608 ‘Clashekilfimaghe’, 1654 ‘Glassykillefenny’. Léiríonn na foirmeacha seo gur f- (séimhithe) is túschonsan don cháilitheoir. Féach leis gur 1837 ‘Cill Fhionna’ an litriú Gaeilge a bhreac an Donnabhánach síos ó Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin. Cf. na naoimh darb ainm Finneach sna ginealaigh: ‘Findech’ (deochain), ‘Findech’ (easpag).

    Tá baint ag an mban-naomh Finneach le paróiste Achadh Mhic Airt i ndeoise Osraí ach ní léir aon bhaint a bheith aici siúd leis an bparóiste seo idir chamáin (féach bf Tobar Baoith Cill Fhinnche Mhór (#27758)). Tá tagairtí eile do bhan-naoimh den ainm céanna in CGSH 670.47, 670.54; is ann fós d’fhoirmeacha malartacha in -nd- leathan (‘Findaith, Finda(i)chCGSH 670.32) a réiteodh leis an leagan Gaeilge úd 1837 ‘Cill Fhionna’ b’fhéidir. Cf. 1100c ‘la Findig nduirn ndígrais’ (Féilire Aonghasa 2 Feabhra). Cf. an nóta faoi bf Baile Mhadóg (#28222).

    cn Carraig Oisín (#1417883) i ndeisceart an bhaile fearainn. Ní fios an malairt ainm ar an gcnoc seo atá i gceist le 1654c ‘Knockanakilly’, 1660c ‘Knockakilly’ < Cnocán na Cille (?) “the hillock of the church”. Dealraíonn sé, ar an gcur síos ar theorainn na barúntachta, go raibh an cnocán úd laisteas den teampall ar aon chuma.

Lárphointe

53.0639, -7.18236domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1302-6
Kyllen
Pap. Tax. Leathanach: 250
1570c
Kyllenna
Carew Mss. Leathanach: 635, 87
1660c
Killenny Parish
BSD (La) Leathanach: 107

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm