An Clochán Liath
ginideach: an Chlocháin Léith
(Gaeilge)
Dunglow
(Béarla)
Ainmneacha eile
Dungloe
ainm áitiúil
(Béarla)
Gluais
clochán stepping-stones, causeway; old stone structure
liath
(freisin: léith)
grey, grey place, grey horse
Nóta mínithe

Tá An Clochán Liath ar an bhaile mór is mó i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá sé suite i mbaile fearainn agus i dtoghroinn den ainm céanna i bparóiste Theampall Cróine sna Rosa i mbarúntacht Bháineach. Is é An Clochán Liath an t-ainm oifigiúil Gaeilge, agus is é sin an t-ainm atá, agus a bhí ariamh, ag muintir na Gaeltachta ar an áit. Is é Dunglow an t-ainm oifigiúil Béarla atá ar an bhaile agus is é sin a úsáidtear sa teanga sin i gcónaí. Is léir nach bhfuil aon ghaol sanasaíoch ag an dá logainm le chéile. Is díol suime é dhá ainm ar leith a bheith ar aon áit amháin, go háirid nuair atá na hainmneacha sin fréamhaithe sa teanga chéanna mar atá anseo. (Is dócha gurb é ainm na príomhchathrach an sampla is sine den fheiniméan seo sa tír, Baile Átha Cliath sa Ghaeilge, agus sa Bhéarla, Dublin, ainm a thagann ón Ghaeilge Duibhlinn). Léiríonn an fhianaise stairiúil gurbh é An Clochán Liath an t-ainm bunaidh ar an áit a bhfuil an baile mór anois agus gurbh é sin an t-ainm a bhí in úsáid ag lucht labhartha an Bhéarla go dtí tús an 19ú céad. Tá an leagan Béarlaithe, Cloghanlea, ar an sráidbhaile ar léarscáil bóithre Taylor and Skinner (1778), ach faightear an dá ainm léirithe ar léarscáil McCrea (1801), Dungloe ar an sráidbhaile agus Cloghanlea ar áit taobh ó thuaidh de. Bhí an t-ainm Cloghanlea imithe i léig sa Bhéarla tríocha bliain ina dhiaidh mar níl aon rian den ainm ar an chéad léarscáil ar scála sé orlach den mhíle de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (Bileog 49, 1836). Tá cuntas suimiúil ag Seán Ó Donnabháin de chuid na Suirbhéirachta ar an dóigh ar athraíodh an t-ainm ó Cloghanlea go Dunglow sa Bhéarla i litir a scríobh sé ón bhaile ar 13 Deireadh Fómhair 1835: “Dunglow is not the real name of this mountain village, but Cloghanlea, the real Dunglow lies between the townlands of Keadew, Arnad (recte Arlands) and the sea and exactly opposite Oilen Lahan. There a fortification of lime and stone anciently stood, of which the foundations alone can now be traced. It stood on a rock and commanded the little bay, but when or by whom it was built no one knows.......
A fair had been held near the site of the fortress until about 80 years ago; when it was removed to the growing village of Cloghanlea as a more important place, and with the fair was transferred the name of the military station. Manus O’Donnell [duine de bhunadh na háite] states this as a fact fresh in the memory of man, and I have no reason to doubt him, for the peasantry throughout Boylagh call the village Clochan Liath not Dunglow, which, however, is now become so fashionable that I fear we cannot meddle with it (like an old debt)....Cloghanlea is derived from a clochan or row of stepping stones by means of which the river had been crossed before the present bridge was erected”. (Ordnance Survey Letters, County Donegal, lgh. 192-200) Is sa bhliain 1782 a tógadh an droichead ar ordú Ard-Ghiúiré Chontae Dhún na nGall agus is dócha gur aistríodh an t-aonach tamall gairid ina dhiaidh sin. Tá roinnt tagairtí don logainm Dunglow i bhfoinsí de chuid an 17ú haois: Doungloo (1600), Doonecloe (1614), 2 balliboes of the quarter of land of Portdunloe called Cloghglass and Inisheny (1614), ye old castle of Duncloe (1654). Tugann an fhianaise seo tacaíocht do chuntas Uí Dhonnabháin thuas maidir le suíomh bunaidh Dunglow. Tá fothracha an tseanchaisleáin suite ar charraig i bPort an Chaisleáin i mbaile fearainn na Cloiche Glaise (An Chloch Ghlas) agus is é Caisleán na Cloiche Glaise a thugtar air go fóill. Is cosúil go raibh an caisleán ligthe i léig faoin bhliain 1654. Tá míniú an logainm An Clochán Liath soiléir, mar atá, “the grey stepping-stones”. Níl bunús an ainm Dunglow chomh soiléir céanna, ar an ábhar nár mhair an t-ainm sa Ghaeilge. Is é Dún Gleo, ‘fort of contention’, an míniú atá tugtha ag Seán Ó Donnabháin in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis, ach níl sé seo ag teacht leis an fhianaise stairiúil thuas. Is cinnte gurb é an focal dún atá sa chéad chuid agus léiríonn an fhianaise gurb é cloiche, ginideach an fhocail cloch, ‘a stone’, atá sa dara mír. Tá urú le feiceáil ar an chéad litir den dara mhír ar lorg an fhocail dún, ainmfhocal neodrach i ré na SeanGhaeilge. Ar bhonn na fianaise stairiúla is féidir a bheith cinnte gurbh é Dún gCloiche bunleagan an logainm, Dunglow. D’fhéadfadh ceann de dhá bhrí a bheith leis an ainm, is é sin ‘dún déanta de chloch’, nó ‘dún déanta ar chloch nó carraig’. Is féidir a rá óna struchtúr, easpa an ailt sa lár ach go háirithe, go mbaineann an logainm leis an tréimhse roimh an 9ú haois.

Dónall Mac Giolla Easpaig.

Eangach Náisiúnta
B 77363 11236
Airíonna
Tá sé seo sa Ghaeltacht.
Taifid chartlainne
Daoine a rugadh anseo
barúntacht
baile fearainn
An Clochán Liath/Dunglow