Neidín
ginideach: Neidín
(Gaeilge)
Kenmare
(Béarla)
Nóta mínithe

Dhá áit ar leith iad Neidín agus Ceann Mara. Is ionann Ceann Mara agus baile fearainn Kenmare Old ar an taobh theas den chuan. Is é ‘ceann na taoide tuile’ an bhrí atá leis an ainm. Bhí an t-ainm céanna ar an bparóiste eaglasta (Kenmare / Ceann Mara) a bhfuil tagairtí dó i bhfoinsí ón 14ú haois i leith cuir i gcás — cé go dtugtar Neidín ar an bparóiste Caitliceach i nGaeilge. Ar bhruach thuaidh an chuain a bhí Neidín ó cheart — ‘Kenmare’ a thugtar ar an mbaile fearainn sin sa Bhéarla ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis agus is ann a tógadh cuid de bhaile Kenmare / Neidín. Fiú i lár an 17ú haois thugtaí ‘Nedeen fort’ i mBéarla ar an dúnfort a bhí ar bhruach thuaidh an chuain. Tosnaíodh ar an ainm Béarla Kenmare a thabhairt ar an mbaile, in ionad Neidín. Seans go raibh an t-athrú sin níos déanaí ná an 17ú haois ach go háirithe.

Eangach Náisiúnta
V 91009 70652
Taifid chartlainne
Daoine a rugadh anseo
paróiste dlí
baile fearainn
Neidín/Kenmare