Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the old stripper
gamhnach — bó gan ghamhain a thálann bainneBaile fearainn beag é seo, 69 acra de thalamh leibhéalta ghléireach cois na Feorach. Ní léir cad dó a sheasann gamhnach sa logainm. Deir an Donnabhánach ‘See Lullymore in Co. Kildare’, ach is cosúil nach loilíoch “milch-cow” (< lulgach (bain.), www.dil.ie) is bunús le par Loilíoch Mór (#1242) (CD) ach focal Sean-Ghaeilge firinscneach lilgach, nach léir a bhrí: féach m.sh. 1150c ‘MoDiucla Lilgaig i nUib Fǽlain’ = ‘mo Díchú Lilgaig in Uib Fælain’, Féilire Aonghasa (18 Nollaig), 1170c ‘epscop Liolcaig’, Féilire Uí Ghormáin (2 Samhain).
Is léir ar aon chuma nach réitíonn an fhianaise stairiúil le seangánach “place of ants” (cf. bf Seangánach Bheag/Mhór (#28149, #28150)). Tabhair faoi deara an guta cúnta i ndiaidh sean- in 1838 ‘Shanagoonagh’ (cf. bf An Seanbharr (#28340)).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1613 |
Shangawnagh, Cnockbracke
|
Inq. Lag. Leathanach: 3 J I
|
1655 |
Shangowny, Knockbrack Gurtnapishy
|
|
1660c |
Shangowny, Gurtnapishy and
|
BSD (La) Leathanach: 148
|
1666 |
Shangany
|
ASE Leathanach: 76
|
1678 |
Shangowny
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 C II
|
1838 |
Shanagoonagh
|
BS:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shangowney
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shanagoonagh
|
Price, J.P.:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shangawnagh
|
Inq. J I:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shangowny
|
Inq. C II:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shangowny
|
DS:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Sean-gamhnach, 'old stripper or milch cow'
"See 'Lullymore' in Co. Kildare." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La048,3
|
1838 |
Shangownagh
|
OD:AL Leathanach: La048,3
|
2004 |
(Shana)ˈguːnə
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/27837.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML