BRABHSÁIL
baile fearainn
Ráithín an Uisce
ginideach: Ráithín an Uisce
(Gaeilge)
Raheenanisky
(Béarla)

Ainmneacha eile

Ratheniska
ainm áitiúil (Cad é seo?)
(Béarla)

Gluais

Béarla small ring-fort
Béarla water

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the (little) ring-fort of the water

    Tagann an logainm béarlaithe Raheenanisky, nó Ratheniska go coitianta, ó Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water”. (Is cosúil nach i gcónaí a bhíonn brí dhíspeagtha leis an iarmhír -ín san fhocal ráithín < ráth “ring-fort”.) Is dócha go dtagraíonn an logainm don imfhálú cuíosach mór atá léirithe ar an gcéad eagrán den léarscáil 6ʺ a d’fhoilsigh an tSuirbhéireacht Ordanáis c. 1839. Ar an drochuair, is cosúil gur scriosadh an t-imfhálú seo idir an dá linn, is dócha le linn ‘feabhsuithe’ talún. Tá logainm eile cosúil leis seo, Raheenaniska, le fáil mar ainm baile fearainn tamaillín ó thuaidh ó bhaile i bparóiste sibhialta Mhaigh Eanaigh. Dealraíonn sé go dtugtaí idir Ráth an Uisce “the ring-fort of the water” agus Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water” ar an áit eile úd; an chéad leagan is mó a bhí in úsaid, agus sin é an leagan oifigiúil Gaeilge atá molta i nDréacht-Ordú Logainmneacha Chontae Laoise. Tugadh ‘Rahiniskdugh-mullegan’ (1607) ar Raheenaniska, par. Mhaigh Eanaigh freisin .i. Ráth an Uisce Thuath Mhaolagáin, agus é ag tagairt do Tuath Mhaolagáin “the territory of Maolagán”, ainm an cheantair ó thuaidh, chun é a idirdhealú ón Ráth an Uisce idir chamáin i bpar. Dhíseart Aonghais .i. Raheenanisky (Ratheniska). Tá Ráth an Uisce “the ring-fort of the water” le fáil mar ainm bhailte fearainn i gCorcaigh (Rahanisky) agus i dTiobraid Árainn (Rahaniskey), agus mar mhionainm i Luimneach (Rathaniska).

    Tá an bhrí cheannann chéanna leis an logainm Lios an Uisce “the ring-fort of the water”, dar ndóigh (cé nárbh ionann brí do lios agus ráth go beacht ó cheart), agus tá sé sin le fáil mar ainm ar bhailte fearainn ar fud na tíre — béarlaithe mar Lissanisky i gCorcaigh, sa Longfort, i Maigh Eo, in Uíbh Fhailí agus i dTiobraid Árann; mar Lissiniska i gCorcaigh, i nGaillimh, i gCiarraí, i Liatroim, i Maigh Eo, in Uíbh Fhailí, i bPort Láirge agus i Luimneach; agus mar Lisanisk agus Lisinisky i Muineachán.

    B’fhéidir gur thagair na hainmneacha seo Ráithín an Uisce, Ráth an Uisce agus Lios an Uisce don uisce sna díogacha a ghabhadh timpeall ar na himfháluithe seo anallód, ach d’fhéadfadh sé freisin gur srutháin nó locháin in aice láithreach a bhí faoi thagairt.

    Bhailigh Liam Price an mionainm ‘Cartharoons’ < Na Cartrúin “the quarterlands” sa bhaile fearainn seo freisin.
    (CÓC & AMGC)

  • English

    the (little) ring-fort of the water

    The anglicised placename Raheenanisky, frequently referred to as Ratheniska, is derived from Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water”. (The suffix -ín does not necessarily have diminutive force in ráithín < ráth “ring-fort”.) It probably refers to the quite large ring-fort depicted in the first edition of the Ordnance Survey 6ʺ map (c.1839). Unfortunately, this ring-fort seems to have destroyed in the meantime, most likely in the course of land ‘improvements’. There is a similarly named Raheenaniska just north of this location in the nearby civil parish of Moyanna, which appears to have been known in Irish as both Ráth an Uisce “the ring-fort of the water” and Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water”; the former version seems to have been more commonly used, and it is now the recommended Irish form of that name. Raheenaniska in Moyanna civil parish is also attested as ‘Rahiniskdugh-mullegan’ (1607) which reflects Ráth an Uisce Thuath Mhaolagáin “the Ráth an Uisce in the territory of Maolagán” (the name of that district), and was most likely coined to differentiate it from our Raheenanisky (Ratheniska) in the civil parish of Dysartenos. Ráth an Uisce “the ring-fort of the water” is also found in anglicised form as the name of townlands in Cork (Rahanisky) and Tipperary (Rahaniskey) and as a minor name in Limerick (Rathaniska).

    The placename Lios an Uisce has exactly the same meaning, “the ring-fort of the water” (although the words lios and ráth were not originally synonymous), and it is the precursor to numerous townland names such as Lissanisky in Cork, Longford, Mayo, Offaly and Tipperary; Lissiniska in Cork, Galway, Kerry, Leitrim, Mayo, Offaly, Waterford and Limerick; as well as Lisanisk and Lisinisky in Monaghan. Perhaps these names, Ráithín an Uisce, Ráth an Uisce and Lios an Uisce refer to water in the dykes that surrounded these enclosures in former times, although they may in some instances refer to nearby streams or ponds.

    It is interesting to note that the placename collector Liam Price also collected the minor name ‘Cartharoons’ < Na Cartrúin “the quarterlands” in this townland.

    (CÓC & AMGC)

Lárphointe

53.0072, -7.20295domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1557c
Rayne in Uske
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1563
Rahinuske
F Leathanach: 496
1563
Rahyniske
F Leathanach: 501
1587
Rahynuske
F Leathanach: 5047
1607
Rahineneuske
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1610
Rahinuske
CPR Leathanach: 158
1616
Rathenusque
CPR Leathanach: 323
1622
Rahinusky
Inq. Lag. Leathanach: 22 J I
1627
Rahenuske
Inq. Lag. Leathanach: 2 C I
1659
Rathimsky
Cen. Leathanach: 504
1838
Raheenanisky
BS:AL Leathanach: LA023,21
1838
Raghinuskey
HCons PR:AL  Leathanach: LA023,21
1838
Rahineneuske, Rahinusky
Inq. J I:AL Leathanach: LA023,21
1838
Rahenuske
Inq. C I:AL Leathanach: LA023,21
1838
Raithín an uisce, 'little rath of the water'
OD:AL Leathanach: LA023,21
1838
Raheenanisky
OC (corr.):AL Leathanach: LA023,21
1838
[Raheenanisky]
"…three raths, two of which are of considerable size, one bears the name of the townland."
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA023,21
2006
ratiˈniskə
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm