BRABHSÁIL
ionad daonrabaile fearainn
An Fraoch Mór
ginideach: an Fhraoigh Mhóir
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Greatheath
(Béarla)

Gluais

Béarla great, big

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the big heath

    Cf. an nóta faoi bf Lóiste an Fhraoigh (#28300) i bPort Laoise Thoir laisteas.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Ní léir an loch i ndáiríre a bhí in 1549 ‘Laaghdowe’ CarrMS, 1841 Black Lough SO < An Loch Dubh (?) ó cheart; d’fhéadfadh lathach “mire” a chur san áireamh má tá an litriú ón 16ú haois cruinn (cf. bf An Lathach (#28291)).
    2. 1838 ‘Rath Sheághain i.e. Shane’s Rath … it is the opinion of some people that it was formed in modern times when horse races were first established on that Common’ LSO II 238, 1841 Rathshane SO < Ráth Siáin (?) “ring-fort of (the) fairy mound, hillock” i lár an Fhraoigh Mhóir, suite ar theorainn Chlann Mhaoilíora agus Laoise. Féach an Fardal Seandálaíochta: ‘Situated on the highest point of the Heath, the surrounding land slopes dramatically to NE and SW.’
      Is é seo a leanas an pátrún béarlaithe ginearálta a d’imir ar sián sa chontae seo de ghnáth: -ya- /-ia- sa 16ú haois agus isteach sa 17ú haois, -a- /aː/ ón 17ú haois go dtí lár an 19ú haois, agus /eː/ i bhfuaimniú an lae inniu (#27773, #28661, #27773, #1419166).

Lárphointe

53.0616, -7.2182domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1563c
Frughmore
Cotton Map
1670/71
the great heath
"ffree common and grazing on the great heath"—Gníomhas 20294
CN
1794
the Great Heath, or Ratheen Common
Anth. Hib. Imleabhar: III, Leathanach: 3
1805
The Great Heath (racecourse)
Cahill (La)
1838
The Heath
Kemmis, T.:AL Leathanach: La038,25
1838
Freugh More
"Old Map of Leix and Ophaley in British Museum."
Old Map:AL Leathanach: La038,25
1838
An Fraoch mor, 'the great heath'
OD:AL Leathanach: La038,25
1838
Great Heath
dúch dearg:AL Leathanach: La038,25
1838
Great Heath of Maryborough
Seward Top. Hib.:AL Leathanach: La038,25
1838
The Great Heath of Maryborough
BS:AL Leathanach: La038,25
1838
The Heath
CM:AL Leathanach: La038,25
1838
[Greatheath]
'It was never called the Great Height, but always Great Heath, which is a translation of its Irish name Fraoch Mór. There is a field adjoining it in the Heath House Demesne called at this day Fraoch Beag' OD
LSO (La) Leathanach: 76/226

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid