Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
(little) ring-fort of (the) reddish earth?
Sa chúinne thoir theas den bhaile fearainn léirítear Toberoran SO — foirmeacha stairiúla is ea 1608 ‘Tobberdreolane’, 1670/71 ‘Toberory’.
In ainneoin a chosúlacht le dreolán na Gaeilge níl aon dealramh le ‘-dreolane’ mar litriú Béarla agus is léir go bhfuil sé truaillithe.
D’fhéadfadh sé go bhfuil ainm an tobair gaolmhar le hainm an bhaile fearainn agus gur imir an fhorbairt dhéanach chéanna ar an dá cháilitheoir (e.g. 1608 leg. ‘Tobbereroohane’ (?) > Toberoran SO). Díol spéise go bhfuil paiste beag de thalamh ghléireach san áit seo ina bhfuil an tobar, mar a mbuaileann na trí bhailte fearainn le chéile (www.epa.ie). D’fhéadfaí an t-ainmfhocal ruachán (< ruadhán “reddish earth”?) a chur san áireamh sa dá logainm, b’fhéidir, téarma a thagann i gceist i logainmneacha eile ar fud na tíre, e.g. bf Ruachán (TÁ 1) (#46058) — seans mar sin gur sampla de logainm aonair is ea 1605 ‘Roughin’ Inq. Lag. 1 Jac. I.
Ainmneacha stairiúla:
Bhí ainm eile ar iarthar an bhaile fearainn go stairiúil .i. 1660c ‘Rahinanuskey’, et var. < Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water” — cf. 1608 ‘through the middle of a lane, between the western boundary of the wood of Rahinuske’ ag an bpointe seo ar theorainn thiar thuaidh thailte an Phiogóidigh (CPR 113). Tagairtí stairiúla eile is ea 1563 ‘Rahinuske’, 1607 ‘Rahineneuske’, 1660c ‘Rahinanuskey’. Is léir nach ionann an áit seo agus an baile fearainn i bpar. Dhíseart Aonghais taobh theas de Dhún Másc, bf Ráithín an Uisce (#28253) an lae inniu, ar chuid de ghabháltas Brereton é an uair úd. Déanann an fhoirm 1607 ‘[Rahinepeske al’] Rahiniskdugh-mullegan’ (Inq. Lag. 1 Jac. I) an áit seo de chuid an Phiogóidigh a idirdhealú ar an gceann eile úd ó dheas (i.e., bf Ráithín an Uisce (#28253) i bpar. Dhíseart Aonghais, de chuid Brereton) trí úsáid a bhaint as ainm Gaeilge na dúiche seo 1551 ‘Twomelagan’, 1563c ‘Tovmologan’ < Tuath Mhaolagáin (féach par Srúbh Bhó (#1460)). Ní léir cé acu an béarlú díreach ar logainm Gaeilge atá anseo (*Ráithín Uisce Thuath Mhaolagáin “the Ráithín an Uisce in Tuath Mhaolagáin”) nó an comhdhéantús é den dá logainm béarlaithe. (Is cosúil gur botún cóipeála é 1608 ‘[Rahinuske ows.] Rahinkedow, Rahinmulligan’ (CPR 112b) ar an 1607 ‘[Rahinepeske al’] Rahiniskdugh-mullegan’ seo.)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1563 |
Rawelenneshean alias Rathneshian
|
F Leathanach: 559
|
1569 |
Raghlynneshean alias Rathneshean
John Whitney, gent
|
F Leathanach: 1353
|
1571 |
Raghlinneshean alias Rathneshean
|
F Leathanach: 1720
|
1577 |
Rathnegerathe?
|
F Leathanach: 2987
|
1603 |
Rahintowghan
Piggott
|
Inq. Lag. Alt: 1 Jac. I
|
1605 |
Roughin
|
Inq. Lag. Alt: 1 Jac. I
|
1608 |
Rahin-Raighan
Féach Cen. 497 (1659);
|
CPR Leathanach: 113
|
1608 |
Rathuneran, Dirreye
estate of the hospital of St. John's of Athy; Dirrete = Derry SO (p Straboe)
|
CPR Leathanach: 126
|
1614 |
Rathlinneshean al' Rathneshian?
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 J I
|
1615 |
Raghlunieshian otherwise Rathneshian
|
CPR Leathanach: 283
|
1642 |
Rahein Rohan
|
|
1642 |
Rahinrohin
|
|
1642 |
Rahin=Roughane
|
|
1659 |
Rahinrahan
'Ballecarroll ... Ballemonny'; Raheen / Raheenahoran SO?
|
Cen. Leathanach: 497
|
1755 |
Raheenrohan
|
CGn. Imleabhar: 173.522.117129
|
1755 |
Raheenroan
|
CGn. Imleabhar: 175, Leathanach: 302, Uimhir: 117131
|
1755 |
Raheenrongh
|
CGn. Imleabhar: 179, Leathanach: 161, Uimhir: 119324
|
1813 |
Raheenrohan
|
CGn. Imleabhar: 658, Imleabhar: 157, Uimhir: 453126
|
1819 |
Ragheenroughan otherwise Raheenroghan otherwise Raheenroohan
|
CGn. Imleabhar: 740, Leathanach: 15, Uimhir: 503950
|
1822 |
Raheenroughan
|
CGn. Imleabhar: 774, Leathanach: 40, Uimhir: 524375
|
1838 |
Raithín uí Ódhrain, 'O'Horan's little rath, or earthen fort'
|
OD:AL Leathanach: La038,11
|
1838 |
Raheenahoran
|
BS:AL Leathanach: La038,11
|
2004 |
rahiːnəˈhoːrən
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28303.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML