BRABHSÁIL
baile fearainn
An Cheapach Ard
ginideach: na Ceapaí Airde
(Gaeilge)
Capard
(Béarla)

Gluais

Béarla height; high
ceapach, ceapaigh
Béarla plot of land, tillage plot

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the high tillage-plot?

    Níl aon rian den chonsan deiridh -ch /-x/ roimh túsghuta an cháilitheora anseo (ná in bf Ceapach Uláin (#28640) sa pharóiste céanna). Seans maith, mar sin, gur réaduithe iad na foirmeacha béarlaithe anseo ar fhoirm chalctha den logthuiseal ceapaigh. Is deacair ceapach a aithint thar ceapaigh i bhfoirmeacha béarlaithe agus go minic ní féidir a bheith cinnte cé acu an béarlú lochtach ar -ach gan bhéim nó an béarlú cruinn ar -aigh an logthuisil atá ann. Cf. 1569 ‘Cappoghbeg’, 1593 ‘Kappaghbegge’, srl., os coinne 1622 ‘Cappabegg’, srl., faoi bf An Cheapach Bheag (#28545), ainm eile sa pharóiste seo.

    Cloímid leis an ainmneach ceapach tríd síos sa chontae seo.

    Thug an baile fearainn mór millteach seo ainm don droim fada sl Droim na Ceapaí Airde (#1411413), ach is cosúil gur thagair sé d’achar ní ba lú sa 17ú haois.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Maireann Clonkelly SO mar ainm tí mhóir ag bun an chnoic mhaoil i dtuaisceart an bhaile fearainn: 1607 ‘Clonekylly’, ‘Clonkill’, ‘Clonekill’, ‘Clowinkilly’, 1660c ‘the upper Clonkilly [i dtreo bf Skerry] … the Lower Clonkilly [i dtreo bf Corbally]’ < Cluain Coille (?) “the pasture of the wood” (#1419945). Ach sa 17ú haois thagraíodh an mionainm seo do leirg theas an droma seo go léir, is cosúil (cf. BSD).
    2. Ar an taobh thuaidh den chnoc mar a bhfuil Clonkelly House SO, léirítear Lackan SO < An Leacain “the hillside” (sampla eile is ea ainm an bhaile fearainn bf An Leacain (#28549) 1km siar uaidh).
    3. Ag ceann thoir an droma atá an mullach beag (350m) darb ainm cn Antonian (#1419722).
    4. Siar uaidh sin tá sl Sliabh Chlár na hInse (#1419723).
    5. I lár an bhaile fearainn ar leirg an droma (marcáilte in dhá áit ar leith ar SO 6″) atá 1823 ‘Coolenagrena [Mountain]’ TAB, 1841 Coolnagreany SO < Cúil na Gréine “the corner, nook of the sun”.
    6. Gairid dó seo tá Derrena SO, nach léir a bhunús ach atá fréamhaithe, is cosúil, ó doire “(oak-)wood” nó b’fhéidir draighneach “thorny place”.
    7. Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do St. Margaret’s Well SO in aice Theach na Ceapaí Airde.
    8. Is cosúil gurb ionann 1805 ‘Thompsons Quarry’ Cahill agus 1841 Stone Pile SO 25″ thuas ar an droim.

Lárphointe

53.1051, -7.4459domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1607
Cappard
O Doyne Ms. Leathanach: 19
1607
Cappard
O Doyne Ms. Leathanach: 22
1622
Cappard
CPR Leathanach: 552
1659
Clappard & Cloncannon
Cen. Leathanach: 505
1660c
Cappard the upper, Clonkilly & Rushinlagh
BSD (La) Leathanach: 126
1819
Cappard
"Cappard—High block."
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 331
1823
Capard
TAB
1837
Capard
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 528
1837
Cappard
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 529
1838
Capard
BS:AL Leathanach: La056,7
1838
Cappard
Pigot Maps 1720:AL Leathanach: La056,7
1838
Capard
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La056,7
1838
Cappard
HCSV:AL Leathanach: La056,7
1838
Capard
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,7
1838
Capard
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,7
1838
Ceapa árd, 'high plot'
OD:AL Leathanach: La056,7
1838
Capard
OD (corr.):AL Leathanach: La056,7
2005
kaˈpaːrd
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm