BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

baile fearainn
Ros Caoin
ginideach: Ros Caoin
(Gaeilge)
Roskeen
(Béarla)

Gluais

Béarla pleasant, fair
Béarla (wooded) height; wood; promontory

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    pleasant wood, (wooded) height

    Tá cuma na cirte ar an bhfoirm Ghaeilge i Láimhscríbhinn Uí Dhuinn .i. 1608 ‘Roscaoin’. Ta cur síos san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) ar an gcaisleán.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Tobernaclough SO < Tobar na gCloch “the well of the stones” léirithe i lár an bhaile fearainn.

    Ainmneacha stairiúla:
    Luaitear roinnt mionainmneacha eile anseo timpeall sna foinsí stairiúla, mar atá:

    1. 1595 ‘Baile Garbain’, 1607/8 ‘Balligarvan’, ‘the Moate of Balligarvan’, ‘bali garbhain’, 1609 ‘Ballegarvane’ CPR, 1655 ‘Balligaruan’ DS, 1660c ‘Ballygarvane’ BSD, 1685 ‘Balligarvan’ Hib. Del., 1838 Ballygarvan SO < Baile Garbháin “the town of Garbhán (ainm pearsanta)” in oirdheisceart an bhaile fearainn (cf. bf Lios Garbháin (#3147) i gCeatharlach);
    2. 1607 ‘Ballinmunnin’, 1607/8 ‘Ballimonyn’, ‘Ballimonine’, ‘balin mhonin’, 1608 ‘Ballinvonyne’ < Baile an Mhóinín “the town of the little bog(land)’ idir sin agus an Caisleán Breac;
    3. 1607 ‘Coshbegge’, 1617 ‘Cosbegg’, 1636 ‘Cosebegg’ LS Uí Dhuinn, 1655 ‘Cossbegge’ DS, 1660c ‘Corbeg’, ‘Cosbegg’ BSD < An Chois Bheag “the small cois”. Tá bríonna éagsúla le co(i)s i logainmneacha — féach bf An Chois (#28402) i gCill na mBanbhán — agus b’fhéidir go bhfuil baint aige leis an bportach 1655 ‘Red Bog’ DS ar theorainn na barúntachta;
    4. 1607 ‘Fertane’, 1617 ‘Fertane’, 1636 ‘Fertaine’ LS Uí Dhuinn, 1655 ‘Feartane’ DS, 1660c ‘ffeataine’, ‘ffeartane’ BSD < An Feartán “the little burial mound”;
    5. 1561 ‘Glassheroskin’ F < Glaise Ros Caoin “the stream of Ros Caoin (logainm)”.

    Ainm ceathrún ab ea Ros Caoin, darbh ainm eile 1550 ‘Gleanconery’ (?), 1607/8 ‘the quarter of Clanconwey’, 1608/9 ‘the quarter of Clancowmoye alias Clancoomwy’, 1608/9 ‘the quarter of Clancowmoye alias Clancoomwy’, 1609 ‘Clanchowmoy, Clanchowmoy or Clancoonuny’ CPR 1609 < Clann Con Maí “the descendants of Cú Maí (ainm pearsanta)” (cf. 1400c ‘mc Conmuigi’, 1485 ‘mc Conmuidhe’ i nginealaigh mhuintir Dhuinn) < Cú Maí (Cú Mhaighe) “hound of (the) plain”. Díol spéise an meascán san fhianaise de Clann Con Maí (1607/8, b’fhéidir?) agus Clann Cú Maí gan infhilleadh.

Lárphointe

53.2028, -7.38024domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1593
Roskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 166
1607
Roskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 25
1607
Roskene
O Doyne Ms. Leathanach: 16, 23, 26
1608
Rosskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 67
1608/9
Roskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 80
1608/9
Roskine
O Doyne Ms. Leathanach: 75
1608/9
Roscaoin 60 acra
in margin
O Doyne Ms.
1609
Roskenie or Roskeine
CPR Leathanach: 123
1616/7
Rosskyne, Roskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 168
1618
Roskyne
O Doyne Ms. Leathanach: 173, 174
1622
Roskeene & Castlebrack
CPR Leathanach: 552
1629
the two Roskeenes, Roskeene
O Doyne Ms. Leathanach: 177
1654-6
Roskyne
CS X Leathanach: 24
1655
Roskeene Cossbegge & Feartane
DS
1659
Roskeene
Cen. Leathanach: 505
1660c
Roskeene Cosbegg & ffeartaine
BSD (La) Leathanach: 124
1685
Roskeen
Hib. Del.
1819
Rosskeene
"Pleasant plain."
Par. Stat. Leathanach: 332
1819
Cushbeg
"Little cause (little foot?)." [leg. "Little causey"?]
Par. Stat. Leathanach: 332
1819
Ballygarnon
[leg. Ballygarvon] "Little coal town."
Par. Stat. Leathanach: 332
1819
Ballymoyne
"Town of the little plain."
Par. Stat. Leathanach: 332
1833
Roskeen
TAB
1838
Forest
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: LA013,21
1838
Forrest
CM:AL Leathanach: LA013,21
1838
The Forrest
HCons PR:AL  Leathanach: LA013,21
1838
Roskeen
BS:AL Leathanach: LA013,21
1838
Rosskeene
HCSV:AL Leathanach: LA013,21
1838
Rosskeen
CM:AL Leathanach: LA013,21
1838
Rosskeane
HCons PR:AL  Leathanach: LA013,21
1838
Roskeene
DS:AL Leathanach: LA013,21
1838
Roskeen Castle
CM:AL Leathanach: LA013,21
1838
Ros caoin, 'beautiful ross, or wood'
OD:AL Leathanach: LA013,21
1838
Roskeen
OD:AL Leathanach: LA013,21
1838
[Roskeen]
"…the ruins of Roskeen Castle are in the north eastern part…"
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA013,21
1838
Upper Forest
BS:AL Leathanach: LA013,21
2005
rɑsˈkiːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm