BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

baile fearainn
Baile Mhic Crosáil
ginideach: Bhaile Mhic Crosáil
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Ballycrossal
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of Crasal?

    Níl bunús an cháilitheora cinnte.

    Tagann athrú ar litriú an ghuta leathdheiridh ó -a- go -o- idir 1637 agus 1805. Is é an trua é go bhfuil bearna chomh mór sin san fhianaise agus go bhfuil an t-aon sampla amháin ón 16ú haois truaillithe. Is cosúil gur * /balɪˈkrasəl/ an fuaimniú a bhí ar an logainm sa 17ú haois, rud a thagann salach ar an gcéad tagairt eile 1805 ‘Ballyna Crossan’ Cahill .

    Ní bheifí ag súil le * Baile Mhic Bhreasail “the town of the son of Breasal” * /balʹɪ(vʹɪ)kˈvʹrʹasəlʹ/ a bhéarlú mar * /balɪˈkrasəl/ agus gan rian ar bith de bhr- caol. D’fhéadfaí sloinne * Mac Crosáil a thuairimiú, b’fhéidir mar fhorbairt ó Mac Crosáin, sloinne na mbard a bhí i seirbhís Uí Mhóra agus Uí Chonchúir. Taobh istigh de 4km ón mbaile fearainn seo i bparóiste Lé le linn Griff. Val. b’ann do mhuintir Crossan féin, Crosby (< Mac Crosáin) agus Crosenton. Cé gur comónta an malartú -l/-n deiridh, áfach, is ar éigean a bheifí ag súil lena leithéid d’atuiscint ar mhórshloinne mar seo ina cheantar dúchais.

    D’fhéadfaí foirm ghaelaithe d’ainm nó de shloinne Angla-Normannach a chur i gcás, m.sh. * Creasail mar ghaelú déanach ar an sloinne gallda Cressel < Cresswell < Carswell, sloinne ón logainm Carswell < cærse “cress” + wiella “stream” an tSean-Bhéarla. (Ní hionann déantús is Cantuail < Cantwell (< de Conteville ) ná Ruiséil < Russell na nAngla-Normannach.) Ní heol dúinn aon sampla de Carswell i measc na Sean-Ghall, áfach, agus is i gCúige Uladh is mó atá sé le fáil sa lá atá inniu ann.

Lárphointe

53.1216, -7.24427domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1549
Ballycayerill
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 97
1619
Ballicrassell
Inq. Lag. Leathanach: 15 J I
1621
Ballickrassell
CPR
1637
Ballycrassell
Inq. Lag. Leathanach: 23 C I
1805
Ballyna Crossan
Cahill (La)
1812
Ballycrossil
Leet Leathanach: 55
1815
Ballycrossill
CGn. Imleabhar: 689, Leathanach: 465, Uimhir: 473797
1838
Ballycrossal
BS:AL Leathanach: LA007,3
1838
Ballycrossal
Warburton Map 1785:AL Leathanach: LA007,3
1838
Ballycrossell
Map 1720 (Chetwode):AL Leathanach: LA007,3
1838
Ballycrassell
Inq. C I:AL Leathanach: LA007,3
1838
Baile Uí Chrasail, 'O'Crassell's town'
OD:AL Leathanach: LA007,3
1838
Ballycrossal
OC:AL Leathanach: LA007,3
2005
baliˑˈkrɑsil
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm