BRABHSÁIL
baile fearainn
An Díseart
ginideach: an Dísirt
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Dysart
(Béarla)

Gluais

Béarla hermitage

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the hermitage
    < Díseart Aonghais (#1433)

    Tá cur síos in www.archaeology.ie ar an láthair eaglasta i ndeisceart an bhaile fearainn seo, a bhí luaite le hAonghas Céile Dé. Féach ainm an pharóiste (#1433).
    I lár an bhaile fearainn tá fothracha chaisleán an Phiogóidigh (cf. 1563c ‘C.pigot’ ar shean-léarscáil Cotton), ainmnithe ón bplandóir Sasanach a fuair tailte anseo (cf. inter alia F (Eilíse) 496, CPR 112b). Tá cuntas ag Ó Mealláin ar conas mar ar gabhadh an baile seo i Meán Fómhair na bliana 1646: ‘don Disiort’ an fhoirm den logainm atá aige agus ‘ar in bPicéadach’, ‘in Picéadach’ an leagan Gaeilge a bhí aige ar an sloinne (Ollscoil Chorcaí LS 3 41, 42 ar www.isos.ie).

    Mionainmneacha:

    1. I ndeisceart an bhaile fearainn tá cnoc beag aolcharraige darb ainm Carrigmael SO (c. 200m) < An Charraig Mhaol (?) “the bare rock” (‘Karstified limestone bedrock at surface’ ar na cnoic seo go léir www.epa.ie; féach faoi bf Cúil na Carraige (#28488)).
    2. Ní léir bunús an mhionainm Comorogue SO atá léirithe ar an talamh íseal ag bun na gcnoc in oirdheisceart an bhaile fearainn — Com na Ruag “the hill-recess, hollow of the routs”, b’fhéidir, nó An Chomaróg “the small confluence”?
    3. Bhailigh Liam Price an mionainm ‘Kyle na Grauawn or Groun’ anseo. D’aithin an Príseach é seo mar thruailliú nó atuiscint ar an logainm stairiúil 1549 ‘Kylnebrone’ Carrigan MS, 1551 ‘Kilnebron’ F, 1557 ‘Kyllebroue’, 1607 ‘Keilnebrone’ Inq. Lag., 1608 ‘Kilnebrone’ CPR 113 < Coill/Cill na Brón “the wood, the church of the quern(-stone)” (?) (féach 1608 ‘Coolkey [.i. oirthear bf Hophall (#28491)] and Kilnebrone’). Cf. an mionainm Kylenabrone i nGleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath (#1410944). D'fhéadfaí cill “church; graveyard” a chur san áireamh sa chéad eilimint ós sa chuid thiar theas seo den bhaile fearainn atá seanreilig agus seanteampall an pharóiste.
    4. Moanavaw Bog SO (#1419171) ar imeall thiar thuaidh an bhaile fearainn.

Lárphointe

53.0221, -7.23099domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1541
Disert
Neyll O'Lyallorde of
F Leathanach: 171
1549
Disirt
Extent of ffarryn llaillor
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 69
1551
Dysert
F Leathanach: 695
1557c
Deserte
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1563
Dissert
F Leathanach: 496
1563
Dyssert alias Diserte
F Leathanach: 496
1563c
Disert
Cotton Map
1564c
diserte
Survey
1567
Dysarte-eneys
Inq. Lag. Leathanach: 1 Eliz.
1570
Dysert
F Leathanach: 1585
1573
the Desert
John Barnese
F Leathanach: 2345
1578
Disart
John Barneis, gent
F Leathanach: 3235
1578
Deisert, the
John Barneis, gent
F Leathanach: 3453
1586
Dizarte
Robert, son and heir of John Piggotte
F Leathanach: 4921
1587
Deserte alias Dyserte
Rob Pyggotte
F Leathanach: 5047
1603
Disertenis
CPR Leathanach: 8
1603
the Dysert
F Leathanach: 6783
1607
Desert al' Disert
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1607
Disert
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1607
the Disarte
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1608
Desert otherwise Dysart
CPR Leathanach: 112
1659
The Lordship of Dissert
Cen. Leathanach: 497
1660c
Dysert
BSD (La) Leathanach: 97
1805
Dysert
Cahill (La)
1838
Dysart
BS:AL Leathanach: E019,1,9
1838
Dysert
HCSV:AL Leathanach: E019,1,9
1838
Dysert
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,9
1838
Dysarte-eneys
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: E019,1,9
1838
Desert alias Disert
Inq. J I:AL Leathanach: E019,1,9
1838
Díseart, 'a wilderness'
OD:AL Leathanach: E019,1,9
1838
[Dysart]
"…the ruins of Pigot's Castle."
Desc. Rem.:AL Leathanach: E019,1,9
2004
ˈdəisərt
Áit.
2006
ˈdəisərt
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid